Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiach
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an fhéich (/ən′ɛ̄/); ach ní bhíonn claochlú tuisil air ach le seanleagain atá seasta sa gcaint.
uimhir iolra: fiacha; ach fiaigh dhubha (fia dhubha) freisin.
1.
éan; an fiach dhubh; an préachán dubh; Dónall Dubh; raven; carrion crow.
+
Tá gruaig air ar dhath an fhéich ; tá sé chomh dubh leis an bhfiach (dubh); tá sé chomh dubh le clúmhach an fhéich
Ní fhaca mé aon duine ariamh is duibhe gruaig ná é. Tá sé chomh dubh leis an bhfiach bail ó Dhia air!
TUILLEADH (1) ▼
"Iasc agus uisce in do bhéal agus gan tada dhár gcuid sinne in do bhéal"; "le gaoith agus le doininn uainn fhéin, ónar gcuid agus ónar ndaoine thú" — sin é adeirtear leis an bhfiach dubh nuair a fheictear ag lonnadóireacht nó ag scréachaíl timpeall áite é
+
Tá tú ar an leabhar ag an bhfiach dubh — tá do sheal tugtha; do choinneal caite; tá tú in áirid do bháis; is gearr an bás uait
Is fear é Seán atá ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Go deimhin is furasta a aithinte air é. Tá dath an bháis air. Níor ól sé aon deoir bhainne sláinte ón lá údaí a bhfuair sé an fliuchán mór ar an bportach
TUILLEADH (4) ▼
Mura bhfuil mearbhall mór ormsa — agus b'fhéidir le Dia go bhfuil — sin bean atá ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Nach bhfeiceann tú scabhartha ar fad í!
Deir siad liom go bhfuil W. ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Má tá fhéin, is beag a chaoinfeas é. Ba dona é
Ón lá a ndearna sí seo thuas an eascainí air, tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Diúltaímid di sin. Tá drocheascainí aici
Chuir an buille sin a fuair sé ón gcapall ar an leabhar ag an bhfiach dubh é. Tá sé ag dul ar gcúl ón lá sin. Déarfainn, ach grásta Dé, gur beag eile de shaol atá aige. Thug sé uaidh go mór le cupla mí fhéin. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile anois
+
Síleann an fiach dubh nach bhfuil éan ar bith chomh breá lena éan féin — is geal leis an bhfiach dubh a éan fhéin (a ghearrcach fhéin); síleann gach máthair gur ar thóin a páiste féin a éiríos an ghrian; folaíonn grá gráin; más áin linn rud nó duine, ní léir dúinn a lochta ná éalang ar bith dhá bhfuil air
Diabhal aithne uirthi muis nach bhfuil an pataire sin de mhac atá aici chomh breá le mac Rí Gréige. Ach síleann an fiach dubh nach bhfuil éan ar bith chomh breá lena éan féin
TUILLEADH (1) ▼
Tá cuingir chléibh déanta aige, agus dhéanfadh sé siún sincín dhíot dhá moladh agus dhá 'speáint duit. Dheamhan maith a fheicimse orthu thar chliabh ar bith, ach síleann an fiach dubh i gcónaí nach mbíonn éan ar bith chomh breá lena éan fhéin
+
Chuirfeadh sé an éig (ague?) ar na fia (fiaigh) dhubha le fuacht — tá an dubhfhuacht ann
Ná bac le fuacht a dhuine sin! Chuirfeadh sé an éig ar na fiaigh dhubha
TUILLEADH (2) ▼
'Sé an sórt tráthnóna a bhí ann, tráthnóna a chuirfeadh an éig ar na fiaigh dhubha. Bhí sé ag flichshneachta as gaoith anoir agus bruíos ann a bhearrfadh thú. Níor shaothraigh mé aon aistir ariamh ach é
Níor tháinig aon uair ariamh mar thús an Mhárta seo. Bhí dhó nó trí (a dhó nó a thrí) de laethanta ann agus chuirfidís an éig ar na fiaigh dhubha. B'íontas gur mhair bó ná gamhain leis
+
Da mba é an lá é a mbeidh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach (lá an-te, an-bhrothallach), beidh an cochall thuas aige. Is diabhlaí go seasann sé leis
Ní fheicfeá deoir allais air lá a mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach le teas
TUILLEADH (2) ▼
Ba lá te thar cionn a bhí ann. Bhí an fiach dubh ag cur a theanga amach
An lá a mbeadh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach, ní iarrfadh sé corraí ón splainc. Ní duine ceart chor ar bith é. Síogaí nó sióig é. Chaithfeadh sé gurb ea
2.
fiach farraige (mara): cormorant.
·
Sin fiach farraige
3.
·
Caith an láimhín fhéin i ndiaidh an fhéich (fia?) — ní feasach mé céard a chiallaíos sé go barainneach. Ag fear as Dubhachta i nDúiche Sheoigheach a chuala mé blianta ó shin é ach ní raibh aon údar aige faoi. Níor chuala mé ach mar sin é

Féach freisin

fia

fiach in iontrálacha eile (50+)

 
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
+
Tá an teach mór sin le cantáil go gairid ach deir siad nach dtógfaidh aon duine é, arae go bhfuil sé báite i bhfiacha.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil sé in ann a chuid fiacha a íoc, cuirfear a chuid talúna ar cantáil.
 
beann
"Chuaigheadar ag fiach agus ag fionnscaradh, agus ba ghearr gur éirigh fia na mbeann rompub" (as seanscéal; tá an chiall seo den fhocal ionann is seargtha anois.)
 
beart
Is barrúil an beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chur ina shuí, leis an uncail a dhíbirt as an teach. Ní bhíodh iamh air chuile oíche, ach an toirnéis, agus ag déanamh troimpléisc ar fud an tí, nuair a bíodh an t-uncail ina chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach síúil! Ach ar ndóigh, bhí a fhios ag an gceann eile go maith céard a bhí dhá dhéanamh.
 
San am ba mhó a raibh sé ag déanamh créatúlachta ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é agus é ag fiach lá. Ón lá sin amach, níor ól sé aon deoir bhainne sláinte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth ina dhiaidh, agus shaothraigh sé an bás go maith.
 
Murach nárbh fhiú liom a dhul ag fiachadh ort a chuimleacháin, mo choinsias is dar m'anam, ní fhágfá ball na háite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
 
bior
B'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná a dhul ag fiachadh ar na dílleachtaithe bochta sin.
 
bocht 1
Is mór an peaca a dhul ag fiachadh ar an duine bocht.
 
breá
Má tá an oiread sin airgid aici nach breá nach n-íocann sí a bhfuil d'fhiacha amuigh uirthi!
 
agair
Nár agraí Dia air a dhul ag fiachadh ar an gcréatúr bocht sin!
 
Dhá choipthe dhá raibh mé, bhí a fhios agam go mbeadh sé in aiféala orm choíchin dhá dtéinn ag dhul ag fiachadh ar an rud salach (bradach) — dhá oibrithe (dhá chorraithe, dhá fheargaí srl.) dhá raibh mé, thuig mé go mbeadh aiféala orm i gcónaí dhá mbaininn leis an duinín gan mhaith. Ní chiallaíonn salach brocamas anseo, ach donacht, easpa téagair, nó laigeacht
 
Is fánach an tsiocair a bhí aige. D'fhliuch sé a chosa ag fiach, seachtain go Domhnach seo caite, agus ná raibh ann murar buaileadh síos le slaghdán é. Dheamhan a chos a d'éirigh ó shin, agus níl gaisce ar bith air fós fhéin.
 
buail
Bhuailfinn é murach leisce a dhul ag fiachadh air
 
buille
Deirimse buille sa mbéim leat! Tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh, tá sin.
 
airigh
Ní aireodh sé aon teas dhá mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach, pé ar bith cén sórt scruit é thar dhuine ar bith.
+
amuigh
Tá go leor fiacha amuigh ag lucht siopaí anois agus níl a fhios agam cén chaoi a n-íocfar iad — níl a fhios sin.
TUILLEADH (4) ▼
Caithfidh mé rud ar bith is breá leis a chaitheamh agam a ghlacadh faoi go bhfuil fiacha amuigh orm ann.
Sin é an lá cairde atá agam anois le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
Tá sí sin báite i bhfiacha: tá rud amuigh ag chuile shiopadóir sa tír uirthi.
Ní íocfaidh a bhfuil istigh is amuigh aige a chuid fiacha.
 
Is dona an fear é mura bhfiacha (bhféacha) sé lena shásamh a bhaint amach.
+
Bhí an lá chomh te agus go raibh an fiach dubh ag cur a theanga amach — lá an-mheirbh ar fad a gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an seanrapar (an seanchóta)
Ní thitfeadh aon deoir allais leis agus bíodh an fiach dubh ag cur a theanga amach.
Ní thiocfadh sé taobh amuigh de dhoras d'uireasa a chóta agus bíodh an lá chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
Dhá mbeadh a theanga amuigh ag an bhfiach dubh, d'fheicfeá an cochall faoin muineál aige ina dhiaidh sin.
+
áirc
Sin é teachtaire an fhiaigh ón áirc — níor tháinig sé ar ais lena scéal fhéin ná scéal aon duine eile
TUILLEADH (9) ▼
'Sé teachtaire an fhiaigh ón áirc é sin a chur in áit ar bith.
D'fhan sé ina theachtaire an fhiaigh ón áirc, ag seanchas nó ag ithe, agus níor chuimhnigh sé chor ar bith ar an té a bhí ag fanacht leis.
Ba é an dá mhar a chéile dhuit a bheith ag fanacht le teachtaire an fhiaigh ón áirc le bheith ag fanacht leis siúd, arae ní thiocfaidh sé ar ais lena scéal fhéin ná scéal aon duine eile.
Ba chóra dhuit teachtaire umhal éasca eicínt a fháil tharas teachtaire an fhiaigh ón áirc mar é sin.
Má tá duine le dhul ar theachtaireacht — ní thusa é, a theachtaire an fhiaigh ón áirc
Tá dlús leis an teachtaireacht seo, agus ní teachtaire an fhiaigh ón áirc a chuirfeas mé dhá déanamh
Chuir mé i gcoinne Mháire é, tá dhá uair ó shin, ach sin é fhéin, teachtaire an fhiaigh ón áirc
Theastaigh tuairisc uaim cén bhail a bhí ar Bhríd ó mhaidin agus chuir mé an ceann seo síos le contráth na hoíche, ach sin é fhéin, teachtaire an fhiaigh ón áirc. Dheamhan a chos ná a chnáimh a tháinig ó shin
Beidh tú anseo go maidin má fhanann tú le teachtaire an fhiaigh ón áirc.
 
Is iomaí do leithide a d'éireodh amach Dia Domhnaigh agus a dhéanfadh scaitheamh fiach nó iascach.
+
anó
Fear anó anois é, go bhfiacha (bhféacha) Dia air! — fear ocrais é
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhiú dhom a dhul ag fiachadh air agus an t-anó atá air — níorbh fhiú dom mo láimh a thógáil aige faoi rá is éalang a bheith air
 
ardú
Tá a chnaipe déanta má bhuail ardú na Céadaoine é; tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh má tháinig ardú na Céadaoine air
 
Má thagann siad anuas air anois faoi na fiacha, fágfaidh siad in adhastar an anró ar fad é.
 
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhabhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
+
fiacha
Dhá mba fiacha dlisteanacha (glisteanacha) iad d'íocfainn iad
TUILLEADH (6) ▼
Ba mhinic leis a bheith salach. Níorbh fhéidir fiacha a bhaint dó ariamh
Tá go leor fiacha amuigh aige (siopadóir, bainc srl.)
Mhaith sé na fiacha dhó in ómós seachtain oibre
Tá fiacha air sin i chuile áit agus ní féidir pínn ar bith a bhaint dó
Tá sé i bhfiacha
Tá muid i bhfiacha sa siopa (le fear an tsiopa, do fhear an tsiopa)