Fiach
—Ainmfhocal: Fireann.
—Geiniúnach Uathaidh: an fhéich (/ən′ɛ̄/); ach ní bhíonn claochlódh tuisil air ach le sean-leagain atá seasta san gcaint.
1.
éan; an fiach dhubh = an préachán dubh; Domhnall Dubh; raven; carrion crow.
+–
Tá gruaig air ar dhath an fhéich (fhéigh); tá sé cho dubh leis an bhfiach (dubh); tá sé cho dubh le clúmhach an fhéich
Ní fhaca mé aonduine ariamh is duibhe gruaig ná é. Tá sé cho dubh leis an bhfiach bail ó Dhia air!
TUILLEADH (1) ▼
"Iasc agus uisce in do bhéal agus gan tada dhár gcuid sinne in do bhéal"; "le gaoith agus le doininn uainn fhéin, ón ar gcuid agus ón ar ndaoine thú" = sin é adeirtear leis an bhfiach dubh, nuair a fheictear ag lonnadóireacht nó ag scréachaíl timpeall áite é
+–
Tá tú ar an leabhar ag an bhfiach dubh = tá do sheal tugha; do choinneal caite; tá tú in áirid do bháis; is gearr an bás uait
Is fear é Seán atá ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Go deimhin is furasta aithinte air é. Tá dath an bháis air. Níor ól sé aon-deóir bhainne sláinte ón lá údaí a bhfuair sé an fliuchán mór ar an bportach
TUILLEADH (4) ▼
Mara bhfuil mearúl mór ormsa — agus b'fhéidir le Dia go bhfuil — sin bean atá ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Nach bhfeiceann tú scabharha ar fad í!
Deir siad liom go bhfuil W. ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Má tá fhéin, is beag a chaoinfeas é. Ba dona é
Ón lá a ndearna sí seo thuas an eascainí air, tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Diúltaigheamuid di sin. Tá droch-eascainí aice
Chuir an buille sin a fuair sé ón gcapall ar an leabhar ag an bhfiach dubh é. Tá sé ag dul ar gcúl ón lá sin. Déarfainn, ach grásta Dé gur beag eile de shaol atá aige. Thug sé uaidh go mór le cupla mí fhéin. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile anois
+–
Síleann an fiach dubh nach bhfuil éan ar bith cho breá len a éan féin = is geal leis an bhfiach dubh a éan fhéin {{(a ghearrcach fhéin); síleann gach máthair gur ar thóin a páiste féin a eiríos an ghrian; falaíonn grádh gráin; más áin linn rud nó duine, ní léar duinn a lochta ná éalann ar bith dhá bhfuil air}}
Diabhal aithne uirre muis nach bhfuil an pataire sin de mhac atá aice cho breá le mac Rí Gréige. Ach síleann an fiach dubh nach bhfuil éan ar bith cho breá len a éan féin
TUILLEADH (1) ▼
Tá cuingir chléibh déanta aige, agus dhéanfadh sé siún sincín dhíot dhá moladh agus dhá 'sbáint duit. Dheamhan maith a fheicimse orra thar chliabh ar bith, ach síleann an fiach dubh i gcomhnaí nach mbíonn éan ar bith cho breá len a éan fhéin
+–
Chuirfeadh sé an éig (ague?) ar na fia (fiadha) dhubha le fuacht = tá an dubh-fhuacht ann
Ná bac le fuacht a dhuine sin! Chuirfeadh sé an éig ar na fiadha dhubha
TUILLEADH (2) ▼
Sén sórt trathnóna a bhí ann, trathnóna a chuirfeadh an éig ar na fiadha dhubha. Bhí sé ag flithshneachta as gaoith anoir, agus "braos" ann a bhearrfadh thú. Níor shaothruigh mé aon-aistir ariamh ach é
Níor tháinig aon-uair ariamh mar thús an Mhárta seo. Bhí dhú nae trí (a dhó nó a thrí) de laetheanta ann agus chuirfidís an éig ar na fiadha dhubha. B'íontas gur mhair bó ná gamhain leis
+–
Da mba é an lá é a mbeidh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach (lá an- te, an-bhróllach), beidh an cochall thuas aige. Is diabhlaí go seasann sé leis
Ní fheicfeá deóir allais air lá a mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach le teas
TUILLEADH (2) ▼
Ba lá te thar cionn a bhí ann. Bhí an fiach dubh ag cur a theanga amach
An lá a mbeadh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach, ní iarrfadh sé corraí ón splainnc. Ní duine ceart chor ar bith é. Síogaí nó sídheóig é. Chaithfeadh sé gurb ea
2.
fiach farraige (mara): cormorant.
·
Sin fiach farraige
3.
·
Caith an láimhín fhéin indiaidh an fhéigh (féidh: fiadh?) = ní feasach mé céard a chiallaíos sé go barainneach. Ag fear as Dubhachta inDúiche Sheoigeach a chuala mé blianta ó shoin é, ach ní raibh aon-údar aige faoi. Níor chuala mé ach mar sin é
Fiach in iontrálacha eile (50+)
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
+
Tá'n teach mór sin le canndáil go goirid, ach deir siad nach dtóigfe aon-duine é, arae go bhfuil sé báidhte i bhfiacha.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil sé indon a chuid fiacha 'íoc, cuirfidhear a chuid talmhana ar candáil.
→
beart
Is baramhail a' beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chuir 'na shuidhe, leis an uncail a dhíbirt as a' teach. Ní bhíodh iabh air chuil' oidhche, ach a' toirnéis, a's a' déanamh troimpléisc ar fud a' tighe, nuair a bíodh an t-uncail in a chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach sídheamhail! Ach (dh)ar ndó(igh), bhí fhios ag a' gceann eile go maith, céard a bhí dhá dhéanamh.
Marach narbh fhiú liom a dhul a' fiachadh ort a chimleacháin, mo choinsias ' dar m'anam, ní fhágfá ball na h-áite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
→
bior
B'fhearr liom bior a chuir faoi mo shúil ná a dhul a' fiachadh ar na dílleachtaidhthe bochta sin.
→
breá
Má tá an oiread sin airgid aice, nach breagh nach n-íocann sí 'bhfuil d'fhiacha amuigh uirre!
→
aiféala
Dhá choipthe dhá raibh mé, bhí fhios agam go mbeadh sé in aithmhéala orm choidhchinn dhá dteighinn ag (dh)ul a' fiachadh ar an rud salach (bradach) = dhá oibrighthe (dhá chorruighthe, dhá fheargaighe etc) dhá raibh mé, thuig mé go mbeadh aithmhéala orm igcomhnuidhe dhá mbaininn leis an duinín gan mhaith. (ní chialluigheann salach brocamus annseo, ach donacht, easba téagair, nó laigeacht)
→
buinne 1
'Sé buinne na táise a fhiacha(nn)s (fhéachas) an caoladóir i gcomhnuidhe. Is deacair é 'thógáil.
+
→
amuigh
Tá go leor fiacha amuigh ag lucht siopaí anois, agus níl fhios agham cé'n chaoi a n-íoc(f)ár iad — níl fhios sin.
TUILLEADH (4) ▼
Caithfe mé rud a' bith is breagh leis a chaith(eamh) agham a ghlacadh, faoi go bhfuil fiacha amuigh orm ann.
Sin é an lá cáirde atá agam anois, le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
Tá sí sin báithte i bhfiacha: tá rud amuigh ag 'chuile shiopadóir sa tír uirre.
Ní íocfa a bhfuil istigh a's amuigh aige, a chuid fiacha.
+
Bhí an lá chomh te agus go raibh an fiach dubh 'cur a theanga amach = lá an-mheirbh ar fad a gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an sean-rapur (an sean-chóta)
Ní thuitfeadh aon-deoir alluis leis a's bíodh an fiach dubh 'cur a theanga amach.
Ní thiocfadh sé taobh amuigh de dhorus, d'uireasbha a chóta a's bíodh an lá chomh meirbh a's go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
Dhá mbeadh a theanga amuigh ag an bhfiach dubh, d'fheicfeá an cochall faoi'n muineál aige 'na dheidh sin.
+
→
anó
Fear anshógha anois é, go bhfiacha ('bhféacha) Dia air! = fear ocrais é.
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhiú dhom a dhul a' fiacha air, agus a' t-anshógh atá air = níorbh fhiú dom mo láimh a thógáil aige, faoi rádh's éalang a bheith air.
→
ardú
Tá a chnaipe déanta, má bhuail árdú na Céadaoine é; tá sé ar a' leabhar ag a' bhfiach dubh, má tháinic árdú na Céadaoine air.
Má thagann siad anuas air anois, faoi na fiacha, fágfa siad in adhastar an anró ar fad é.
→
fabhall
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhámhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
+
→
fiacha
Dhá mba fiacha dlisteanacha (glisteanacha) iad d'íocfainn iad
TUILLEADH (15) ▼
Ba mhinic leis a bheith "salach". Níorbh fhéidir fiacha a bhaint dó ariamh
Tá go leor fiacha amuigh aige (siopadóir, beainc agus rl.)
Mhaith sé na fiacha dhó in omós seachtain oibre
Tá fiacha air sin is chuile áit, agus ní féidir pínn ar bith a bhaint dó
Tá sé i bhfiacha
Tá muid i bhfiacha san siopa (le fear an tsiopa, do fhear an tsiopa)
Tá sé báite (foirgthe le) i bhfiacha = go leór fiacha air.
"Tóig a bhféadfaidh tú; íoc a bhféadfaidh tú: gheobhaidh tú féin nó fear na bhfiacha bás faoi dheireadh" = tóig a bhféadfaidh tú ar cáirde; gheobhaidh tú fhéin nó an fear a bhfuil an t-airgead ag dul dó bás san deireadh, agus beidh na fiacha maite annsin.
Tá fear na bhfiacha ag iarraidh a chuid féin = an cáirdiúnach; an té a bhfuil an t-airgead ag dul dó
"Teagann an lá cáirde agus ní mhaitear na fiacha" = bíonn an té atá salach i gcomhnaí ag súil go gcasfar luach na bhfiacha chuige nó mara gcastar, go maithfidh fear na bhfiacha dhó; is "hoping against hope" é; ní dhéanann sé fhéin ar ceart dhó le airgead na bhfiacha a sholáthar
Má tá cíos len íoc agaibh b'fhearr a íoc as láimh, th'éis a ghéireacht agus a theastuíos an t-airgead le haghaidh rudaí eile. Ach teagann an lá cáirde adeir siad agus ní mhaitear na fiacha
"Ní bhriseann deagh-ghlór fiacal, agus tugann an fear sleamhain fiacha leis"; "tugann an fear sleamhain fiacha leis" = an fear atá spleách, agus fios a labharha aige, agus é glic, ritheann na fiacha leis; ní chuirtear i dteannta é faoi fhiacha mar a chuirfí duine eile
Dhá mbeadh fiacha mar sin ar dhaoine eile, dheamhan an leigfeadh an náire dhóibh a gceann a chur in aon-áit. Ach dheamhan a dhath cáis air siúd. Bladaire maith é. Ó, deir siad é, go dtugann an fear sleamhain fiacha leis.
Ní saill gan fiacha é (fc. saill)
Nar fheice Dia piorfhiacha ná fiacha ar m'anam = go raibh m'anam saor slán ar an lá deireannach
+
→
fiachadh
Leig mé leis leisce a dhul ag fiachadh air = níor bhuail mé é, nó ní dhearna mé aon-cheo air, le truaighe dhó, nó le leisce a dhul ag cur rud as dó
TUILLEADH (4) ▼
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an dreólán sin. Tá sé marbh ó Dhia agus ón saol mar tá sé. Dhá dtugthá iarraidh dhó, ghiorróchthá leis
Ní fhéadfaidh mac Sh. Ph. a dhul ag fiachadh uirre siúd. Tá sí ro-óg. Dhá bhfanadh an rúisc mhór a bhí cheana ann, bhainfeadh sé a dhíocas aiste sin = fear a ndeachaidh droch-cháil amach dó faoi a bheith ag foghlú ar mhná
Mara raibh aige le dhul ag fiachadh air, ach an donáinín sin, is gann a chuaigh an saol air. M'anam muise má thugann an donáinín 'un cúirte é, gur daor a íocfas sé an buille sin. Tuilleadh diabhail agus deamhain aige! Ba bheag an scéal é, dhá n-íocadh féin
Fear gan aon-choinsias a gheobhadh ann fhéin a dhul ag fiachadh ar an mbaintrigh bhoicht sin, ach is mian leis an diabhal siúd a dhá láimh a fháscadh timpeall ar an saol. Is cuma leis é ach 'chuile shórt a chrapadh leis dhó fhéin. Ba mhinic len a mhuinntir an tréatúlacht a dhéanamh