Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fidh
/f′ə/
ainmfhocal; baineann
uimhir iolra: fidheannaí
fidh = iodh (fáinne)?
an caiseal a bhíos ar rudaí áiride .i. ar bhórán, roithleán, ciseog srl. Ar chaiseal bóráin is mó a thugtar é. 'Sé an fáinne ard cruinn é a mbíonn an tóin fostaithe air. Tá an focal ag seargadh mar ní dhéantar bóráin anois ach go hannamh. Adhmad nó slata a bhíos sa bhfidh.
+
Níl sa seanbhórán atá anseo anois ach an fhidh. Chreidim nach ndéanfar a mhalrait aríst go brách
Tá fidh na ciseoige réabtha ó chéile. Cén diabhal a rinne sibh léithe. Caithfidh sibh cupla slaitín a fháil aríst agus a snadhmadh ina chéile. Níl fad méire againn ach í
TUILLEADH (1) ▼
Rud é atá ag dul isteach is amach thar a chéile mar a bheadh fidh criathar ann. Dheamhan ioncás mar é a chonaic mise ariamh. Ach murach go raibh fóint eicínt ann, ní bheadh sé dhá dhíol chomh leitheadach sa siopa siúd

Féach freisin

iodh