—
an caiseal a bhíos ar rudaí áiride .i. ar bhórán, roithleán, ciseog etc. Ar chaiseal bóráin is mó a thugtar é. Sén fáinne árd cruinn é a mbíonn an tóin fastuithe air. Tá an focal ag seirgeadh, mar ní dhéantar bóráin anois ach go hannamh. Adhmad nó slata a bhíos san bhfidh.
+–
Níl san sean-bhórán atá annseo anois ach an fhidh. Chreidim nach ndéanfar a mhalrait aríst go brách
Tá fidh na ciseoige réabha ó chéile. Cén diabhal a rinne sib léithe. Caithfidh sib cupla slaitín a fháil aríst agus a snadhmadh in a chéile. Níl fad méire againn ach í
TUILLEADH (1) ▼
Rud é atá ag dul isteach agus amach thar a chéile mar a bheadh fidh criathar ann. Dheamhan iongás mar é a chonnaic mise ariamh. Ach marach go raibh foghaint eicínt ann, ní bheadh sé dhá dhíol cho leitheadach san siopa siúd
Féach freisin
→
iodh