1.
fonsa nó buinne cruinn
a.
+–
Tá fáinne cumainn aige uirthi — fáinne a thabharfadh fear do bhean nó a mhalrait in ómós grá; láimh agus focal
Tá fáinne cumainn aige uirthi
TUILLEADH (6) ▼
Thug sí fáinne cumainn dó le go gcuimhneodh sé uirthise dhá dtigeadh sé ar ais go brách
Sin é m'fháinne pósta
Chuaigh sé isteach ag ceannacht an fháinne pósta
Is gearr go gcuire sé fáinne ar bhean eicínt
Dhá mbeadh tine Dhia (aodh) ar dhuine cuimlítear fáinne óir dhó lena leigheas
Leigheasfadh fáinne óir a phósfadh ceathar an eachma rua
·
Bíonn fáinne ar speil, ar choiléar crann báid, ar chois píopa, ar phíopa uisce srl.
Cuirtear fáinní i muca lena gcoinneáil ó thochailt
+–
Tá gamhain ansin agam agus chuirfeá amach i bhfáinne é — tá sé an-tsuaite, an-tugtha uaidh. Is cosúil go moltaí an bhean a mbíodh an com seang aici a ghabhfadh thrí fháinne sa seanreacht. Is minic i gceist in amhráin é: com caol cailce thríd fháinne ag léimneach srl.
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
b.
+–
Fáinne óir ort! — (i) le buíochas — go raibh maith agat; togha fir. (ii) nár laga Dia thú; mo chuach thú — nuair a níos duine gníomh maith ag bualadh báire nó cúig thráthúil a thógáil i gcártaí .i. cuileata a bhualadh le cíonán; duine nach dteastódh uaidh ach cúig le cluiche a dhéanamh ag iontú rí nó haon (agus cúig orthu) srl.
Fuair tú dhom é. Fáinne óir ort!
TUILLEADH (7) ▼
Ní bheadh aon feaig agat? Sín chugam ceann … Fáinne óir ort a mhic ó
Thug tú an sceach glaneascartha ón bhfréimh leat! Fáinne óir ort! Bheadh ciall in do leithide
Fáinne óir ort a Bhreathnaigh! Is deas gasta a d'éirigh an góraí sin leat! — duine ag breathnú ar chluiche peile
Fáinne óir ort a Churraoinigh! Nár lagtar do láimh! Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort! — le fear ag imirt báire binne
Ná lig ón méir anois é. Iontaigh é a fhleascaigh … fáinne óir ort! Tá muid fhéin cluiche — d'iontaigh sé an chúig
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cá'il do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
Tá sacghadhair fút ar chaoi ar bith. Níor chomaoin dóibh a dhul i mbarr do chúig ort — cúig do láimhe dhéanta srl. B'fhéidir go gcaithfeá rud eicínt astu (.i. go mbeadh mámh eicínt in do láimh chártaí) … Fáinne óir ort! Mo chuach ansin thú! Tá banríon Hairt ina leannán agat, ach dar príosta d'fhóin sí dhuit an babhta sin.
c.
·
Bhreathnaigh sí thrí fháinne na feiceála agus chonaic sí dúchan na gcéadta ag déanamh uirthi i bhfad uaithi agus ní i ngar di — sórt gloine eicínt; spy-glass nó telescope is cosúil (níor chuala mé é ach i scéalta Fiannaíochta)
Chuaigh inín an rí suas go dtí an fhuinneoig ab airde sa gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige i ngach coisméig, agus chúig ghleann i ngach truslóig
d.
+–
Déanann siad fáinne féir thoir ann agus cuireann siad na gasúir ag troid — cumraíocht fáinne a dhéanamh sa talamh le maide nó láí, agus na gasúir a dhul isteach ann; ní thuigim cén bhaint atá aige le "féar" muran abairt shamhailteach a bhí ann ó thús. Nítear fáinní féir i móinéir agus in iothlainneachaí
Déan fáinne féir dóibh go dté siad ag coraíocht
TUILLEADH (1) ▼
Rinne muid fhéin fáinne féir don bheirt agus thosaigh siad ag plancadh a chéile. Tabhair plancadh air! Más ea fhéin, ní raibh gair ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
e.
+–
Dhá gcaitéa cloch sa bhfarraige dhéanfadh sí fáinní — cineál sciotar uisce nó lonnaí a theagas san uisce. Bíonn siad ag leathnú amach
Tá fáinní ar an uisce. Bradán atá ann leis an lonnadh sin
TUILLEADH (1) ▼
Thit an breac den duán orm síos sa bpoll aríst. Ní raibh an oiread carghais ariamh orm lena raibh orm ag breathnú air ag déanamh fáinní ar bharr an uisce
f.
lúba
+–
Tá fáinní ina cúl sin — lúba gruaige; troisleáin; bachaill ghruaige
Sin í cúl na bhfáinní ar chuma ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn a cuid gruaige ina fáinní aici i gcónaí.
2.
tiomchuairt; turas timpeall.
+–
Chuir mé an Tamhnach uilig i bhfáinne inniu dhá dtóraíocht, ach chinn orm a bhfáil. Imithe atá siad (caoirigh) — siúl timpeall na tamhnaí i bhfáinne; an tamhnach a thóraíocht go baileach
Dhá gcuirtheá an baile fré chéile i bhfáinne anois, ní bhfaightheá aon gharraí i gcomhair fataí is fhearr ná Garraí Dh. Fh. sin agamsa
TUILLEADH (3) ▼
Chuir muid an loch i bhfáinne cupla uair — siúl timpeall uirthi
Trí huaire a chuireas siad (na capaill) an cúrsa i bhfáinne sa rása mór i mBaile an Bhriotaigh.
Chuaigh mé siar an bealach seo agus aniar ó thuaidh agus anoir abhaile aríst. Ní raibh mé taobh le céad míle an lá sin. Bhí Conamara i bhfáinne uilig agam.
+–
Bhí sé ag gearradh fáinní le olc — ag gearradh bogha; duine a mbeadh an-fhearg nó an-chuthach air
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir anseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
TUILLEADH (3) ▼
Ara a dheartháir mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar fair play. Ara ag magadh faoi a bhí muid
Bhí sé ag gearradh fáinní ar fud an tí aríst anocht. Taghd eicínt a cuireadh air inniu. Changlódh sé fóthannán fireann le díocas oilc
Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ullmhúchan achrainn. Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin. M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin
3.
luan; garraí solais.
+–
Cé hé an naomh sin a bhfuil an fáinne solais ar a cheann? — luan
Deir siad gur facthas an Mhaighdean Ghlórmhar ann — moladh go deo léithe — agus fáinne solais ar a cloigeann
TUILLEADH (2) ▼
Tá fáinne ar an ngealaigh anocht agus í an-ghreadhnach. Is gearr uaith tuairt (bháistí) — garraí
Ní fhaca mé fáinne na gealaí ariamh chomh follasach agus atá sé anocht. Tá sinseáil eicínt air
+–
Madadh crón é, agus fáinne bán faoina mhuineál — dath bán ar an bhfíonnach timpeall a mhuiníl
Níl aon fháinne bán sa madadh a chonaic mise, ach tá briseadh bán ina dhroim
TUILLEADH (3) ▼
Cé leis an cat dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithithe ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaighinnse ligean air, ní thabharfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
Gadhar gliobach fáinne bán atá ag A. Tá an-mhéid ann — madadh é a bhfuil fáinne bán timpeall a mhuiníl
Tá droimeann bhán i mbó Mh. Mh agus fáinne bán faoina muineál agus sórt scead inti. Is furasta a aithinte í. Ní hí a bhí ag fálróid ar an mbóithrín ansin inniu.
4.
bánú lae.
a.
+–
Téann an fáinne bán soir ón áit a dtéann an ghrian faoi go dtí an áit a n-éiríonn sí. Ní fhágann sé an spéir chor ar bith oícheanta samhraidh — an ghile a bhíos ó thuaidh sa spéir
Tá an fáinne bán ag dul soir — tá sé ag tarraingt ar an lá
TUILLEADH (4) ▼
Is gearr go mbeidh an fáinne bán thoir. Ní bheidh moill ar bith ar an maidneachan anois
Tá sé in am a dhul abhaile. Féacha an fáinne bán ar an aer. Bheadh sé théis an ceathair a chlog
Ní raibh ach an fáinne bán thoir san am ar éirigh mé. Ach bhí aithne lae ina dhiaidh sin air
Ar an dá luath is a raibh an fáinne bán le n-aithneachtáil chor ar bith, d'imigh muid. Níor tháinig sé ina lá orainn nó go raibh muid i nGleann Bh.
b.
+–
Níl ann ach éirí le fáinne na fuiseoige — le giolcadh na fuiseoige
Bhí sé ina shuí le fáinne na fuiseoige nó roimhe
TUILLEADH (1) ▼
Meas tú an ngabhfainnse ar páí aigesean. Ghabhfadh muise! Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseoige. Ba deas í mo cheird
fáinne in iontrálacha eile (15)
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúileann fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige ina fháinní aice
+
→
fáinnigh
Ó d'fhan tú chomh fada seo, níl aon ghnaithe agat imeacht nó go bhfáinní (an) lá.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheidh moill ar bith ar an lá anois nó go bhfáinní sé
Imeoidh mé ach a bhfáinní lá
Tá sé in am agat rud eicínt a dhéanamh. Bhíomar ag ligean uisce isteach. Cá'il do chíonán anois le lomadh? Buachaill a fhleascaigh! Fáinne óir ort ansin!
→
deis
Má thugann tú deis domsa uirthi, cuirfidh mise fáinne inti, feicfidh tú féin air. Dar mo choinsias cuirfead
+
An tráth seo bhliain ní thiteann oíche chor ar bith. Fanann sé ina dhubhchrónach nó go dtéann an fáinne bán sin ó thuaidh soir, agus gealfaidh lá aríst ar an bpointe — na hoícheantaí faoi mhí Meáin
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé amuigh leis an bhfáinne bán chuile mhaidin agus diabhal isteach aríst go mbeidh an dubhchrónach ann, agus go minic ina dhiaidh. Sin é an talmhaí agat! Diabhal bréag!
→
déan 1
Déanann sé lá an-mhoch anois. Is ar éigean a dhúnas an oíche chor ar bith. Ní bhíonn sé ach dorcha nó go bhfáinní sé aríst
→
téigh do
Is deacair dona damhsaí sin a dhul go maith d'aon duine. Iad amuigh go mbíonn an fáinne bán ar an spéir ar maidin, agus an saol bruíonach acu cuibhrithe istigh ar feadh na hoíche in áit nach bhfuil limistéar dhá leath ann. Is cuma sa diabhal le sagairt é ach rud a chur ina bpóca féin