1.
fonnsa nó buinne cruinn.
a.
+–
Tá fáinne cumainn aige uirre = fáinne a thiúrfadh fear do bhean nó a mhalrait in omós grádh; láimh agus focal
Tá fáinne cumainn aige uirre
TUILLEADH (6) ▼
Thug sí fáinne cumainn dó le go gcuimneódh sé uirrese dhá dtigeadh sé ar ais go bráth
Sin é m'fháinne pósta
Chuaigh sé isteach ag ceannacht an fháinne pósta
Is gearr go gcuire sé fáinne ar bhean eicínt
Dhá mbeadh teine Dhia (aodh) ar dhuine cuimlíthear fáinne óir dhó len a leigheas
Leigheasfadh fáinne óir a phósfadh ceathar an achma ruadh
·
Bíonn fáinne ar speil, ar choiléar crann báid, ar chois píopa, ar phíopa uisce etc.
Cuirtear fáinní i muca len a gcoinneál ó thochailt
+–
Tá gamhain ann sin agam agus chuirfeá amach i bhfáinne é = tá sé an-tsuaite, an-tugha uaidh (is cosúil go moltaí an bhean a mbíodh an com seang aice a ghabhfadh thrí fháinne san sean-reacht. Is minic i gceist in amhráin é: "com caol cailce thríd fháinne ag léimneach" etc.)
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
b.
+–
Fáinne óir ort! = (i) le buíochas = go raibh maith agad; togha fir. (ii) nar laga Dia thú; mo chuach thú = nuair a níos duine gníomh maith ag bualadh báire nó cúig thráthúil a thógáil i gcártaí .i. cuileata a bhualadh le cíonán, duine nach dteastódh uaidh ach cúig le cluiche a dhéanamh ag ionntú rí nó haon (agus cúig orra) etc.
Fuair tú dhom é. Fáinne óir ort!
TUILLEADH (7) ▼
Ní bheadh aon-feaig agad? Sín chugam ceann … Fáinne óir ort a mhic ó
Thug tú an sceach glan-eascarha ón bhfréimh leat! Fáinne óir ort! Bheadh ciall in do leithide
Fáinne óir ort a Bhreathnaigh! Is deas gasta a d'eirigh an góraí sin leat! = duine ag breathnú ar chluiche peile
Fáinne óir ort a Churraoinigh! Nar lagtar do láimh! Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort! = le fear ag imirt báire binne
Ná leig ón méir anois é. Ionntuigh é a fhleascaigh … fáinne óir ort! Tá muid fhéin cluiche = d'ionntuigh sé an chúig
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cáil do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
Tá sac-ghadhair fút ar chaoi ar bith. Níor chumaoin dóibh a dhul i mbárr do chúig ort — cúig do láimhe dhéanta agus eile. B'fhéidir go gcaithfeá rud eicínt asta (.i. go mbeadh mámh eicínt in do láimh chártaí) … Fáinne óir ort! Mo chuach annsin thú! Tá Bainríon Hairt in a lionnán agad, ach dar príosta d'fhóin sí dhuit an babhta sin.
c.
·
Bhreathnuigh sí thrí fháinne na feiceála agus chonnaic sí dubhachan na gcéata ag déanamh uirre i bhfad uaithe agus ní ingar di = sórt gloine eicínt; spy-glass nó telescope is cosúil (níor chuala mé é ach i scéalta Fiannaíochta)
Chuaigh Inín an Rí suas go dtí an fhuinneóig ab airde san gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonnaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige is gach coisméig, agus chúig ghleann is gach truslóig
d.
+–
Déanann siad fáinne féir thoir ann, agus cuireann siad na gasúir ag troid = cumraíocht fáinne a dhéanamh san talamh le maide nó láighe, agus na gasúir a dhul isteach ann; ní thuigim cén bhaint atá aige le "féar" maran abairt shamhailteach a bhí ann ó thús. Nítear fáinní féir i móinéir agus in iothlainneachaí
Déan fáinne féir dóibh go dteighe siad ag caraíocht
TUILLEADH (1) ▼
Rinne muid fhéin fáinne féir do'n bheirt agus thosuigh siad ag pliunncadh (pleanncadh?) a chéile. Tabhair pliunncadh air! Má sea fhéin, ní raibh goir ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
e.
+–
Dhá gcaithtéa cloch san bhfarraige dhéanfadh sí fáinní = cineál sciotar uisce nó lonnaí a theagas san uisce. Bíonn siad ag leathnú amach
Tá fáinní ar an uisce. Bradán atá ann leis an lonnadh sin
TUILLEADH (1) ▼
Thuit an breac den dubhán orm síos san bpoll aríst. Ní raibh an oiread caraois ariamh orm len a raibh orm ag breathnú air ag déanamh fáinní ar bharr an uisce
f.
lúba.
+–
Tá fáinní in a cúl sin = lúba gruaige; troisleáin; bachaill ghruaige
Sin í cúl na bhfáinní ar chuma ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn a cuid gruaige in a fáinní aice i gcomhnaí.
2.
tiomchuairt; turas timpeall.
+–
Chuir mé an Tamhnach uilig i bhfáinne inniu, dhá dtóraíocht, ach chinn orm a bhfáil. Imithe atá siad (caoirigh) = siúl timpeall na tamhnaí i bhfáinne; an tamhnach a thóraíocht go baileach
Dhá gcuirtheá an baile fré chéile i bhfáinne anois, ní bhfuightheá aon-gharraí i gcomhair fataí is fhearr ná Garraí Dh. Fh. sin aghamsa
TUILLEADH (3) ▼
Chuir muid an loch i bhfáinne cupla uair = siúl timpeall uirre
Trí huaire a chuireas siad (na capaill) an cúrsa i bhfáinne san Rása mór i mBaile an Bhriota.
Chuaigh mé siar an bealach seo agus aniar ó thuaidh agus anoir abhaile aríst. Ní raibh mé taobh le céad míle an lá sin. Bhí Conamara i bhfáinne uilig agam.
+–
Bhí sé ag gearradh fáinní le olc = ag gearradh bogha; duine a mbeadh an-fhearg nó an-chuthach air
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir annseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
TUILLEADH (3) ▼
Ara a dheárthair mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar "fair play". Ara ag magadh faoi a bhí muid
Bhí sé ag gearradh fáinní ar fud an tí aríst anocht. Taghd eicínt a cuireadh air inniu. Changlódh sé fóthannán fireann le díocas oilc
Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ollmhachan achrainn. Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin. M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin
3.
luan; "garraí" solais.
+–
Cé hé an naomh sin a bhfuil an fáinne solais ar a cheann? = luan
Deir siad gur facthas an Mhaighdean Ghlórmhar ann — moladh go deó léithe — agus fáinne solais ar a cloigeann
TUILLEADH (2) ▼
Tá fáinne ar an ngealaigh anocht agus í an-ghreadhnach. Is gearr uaith tuairt (bháistí) = "garraí"
Ní fhaca mé fáinne na gealaí ariamh cho follasach agus atá sé anocht. Tá sinseáil eicínt air
+–
Madadh crón é, agus fáinne bán faoin a mhuineál = dath bán ar an bhfíonnach timpeall a mhuiníl
Níl aon-fháinne bán san madadh a chonnaic mise, ach tá briseadh bán in a dhruim
TUILLEADH (3) ▼
Cé leis an cut dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithí ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaghainnse leigean air, ní thiúrfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
Gadhar gliobach fáinne bán atá ag A. Tá an-mhéid ann. = madadh é a bhfuil fáinne bán timpeall a mhuiníl
Tá druimfhionn bhán i mbó Mh. Mh agus fáinne bán faoin a muineál agus sórt scead inte. Is furasta aithinte í. Ní hí a bhí ag fálróid ar an mbóithrín annsin inniu.
4.
bánú lae.
a.
+–
Teigheann an fáinne bán soir ón áit a dteigheann an ghrian faoi go dtí an áit a n-eiríonn sí. Ní fhágann sé an spéir chor ar bith oícheannta samhraidh = an ghile a bhíos ó thuaidh san spéir
Tá an fáinne bán ag dul soir = tá sé ag tarraint ar an lá
TUILLEADH (4) ▼
Is gearr go mbeidh an fáinne bán thoir. Ní bheidh moill ar bith ar an mainneachan anois
Tá sé in am a dhul abhaile. Feacha an fáinne bán ar an aer. Bheadh sé th'éis an ceathair a chlog
Ní raibh ach an fáinne bán thoir san am ar eirigh mé. Ach bhí aithne lae in a dheidh sin air
Ar an dá luath agus a raibh an fáinne bán len aithneachtáil chor ar bith, d'imigh muid. Níor tháinig sé in a lá orainn nó go raibh muid i ngleann Bh.
b.
+–
Níl ann ach eirí le fáinne na fuiseóige = le giolcadh na fuiseóige
Bhí sé in a shuí le fáinne na fuiseóige nó roimhe
TUILLEADH (1) ▼
Meastú a ngabhfainnse ar páighe aige-sin. Ghabhfadh muise! Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseóige. Ba deas í mo cheird
Fáinne in iontrálacha eile (11)
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúilionn fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige in a fháinní aice
Tá sé in am agad rud eicínt a dhéanamh. Bhíomar ag leigean uisce isteach. Cáil do chíonán anois le lomadh? Buachaill a fhleascaigh! Fáinne óir ort annsin!
→
deis
Má thugann tú deis domsa uirre, cuirfidh mise fáinne innte, feicfidh tú féin air. Dar mo choinsias cuirfead
+
An tráth seo bhliain ní thuiteann oíche chor ar bith. Fanann sé ina dhubhchrónach, nó go dteigheann an fáinne bán sin ó thuaidh soir, agus gealfaidh lá aríst ar an bpuinte = na h-oícheantaí faoi Mhí Meáin
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé amuigh leis an bhfáinne bán chuile mhaidin, agus diabhal isteach aríst go mbeidh an dubhchrónach ann, agus go minic in a dhiaidh. Sin é an talmhaí agad! Diabhal bréag!
→
téigh do
Is deacair dona damsaí sin a dhul go maith d'aonduine. Iad amuigh go mbíonn an fáinne bán ar an spéir ar maidin, agus an saoghal bruighineach aca cuibhrighthe istigh ar feadh na h-oíche, in áit nach bhfuil límistéar dhá leath ann. Is cuma ins an diabhal le sagairt é ach rud a chur in a bpóca féin