—
+–
Tá sé an-fhiosach; an-fhiorsach (fiosrach: malrait r agus s) — teastaíonn chuile fhios uaidh; is mian leis gach scéal a fháil amach
Nach fiosach an mhaise do do leithide de phiodarlán é. Céard a bhaineann sé dhuit céard a bhí mé a dhéanamh ann
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhaca mise aon fhear ariamh is fiosaí ná M. N. 'An bhfuil na fataí lánaithe agat?' 'Cé mhead sleán móna bainte agat?' 'Ar chuir muintir T. Mh. mórán feamainn tirim amach?' …
Is gránna an rud a bheith chomh fiosach sin. Tá tú treanach ar sheanbhean, tá sin
Tá sí sin go fiosrach ag tarraingt scéalta