fiuch
—briathar
—
a.
rud a théamh nó go mbíonn sé i gcruth imeacht ina ghail; súilíní a bheith ag teacht ar lacht.
+–
Fiuch an kettle (ní bruith an kettle. Fiuchadh adeirtear go hiondúil le lacht, ach tugtar bruith air scaití, go háirid san aidiacht bhriathartha: bainne bruite, uisce bruite, blách bhruite. Ach tá an t-uisce fiuchta adeirtear. Dar ndóigh tá ciall áirid le fiuchadh .i. nuair a thosaíos an súilíní ag teacht ar lacht)
D'fhiuch sé an bainne
TUILLEADH (1) ▼
Fiuch an pota sin — uisce agus fataí
b.
+–
Níl aon fhiuchadh acu sin ach dhá fhiuchadh (fataí) — chomh luath agus a bheidís tamaillín beag ag fiuchadh, bheidís bruite nó in alt a n-ite
Níl ag na meacna sin ach fiuchadh. Má fhágann tú rófhada ar an tine iad, imeoidh siad ar an uisce bruite
TUILLEADH (5) ▼
Bain fiuchadh beag as na fataí sin ach ná bídís ach cnag
Ní thógann an fheoil sin ach dhá fhiuchadh
Cuir fiuchadh faoin bpota — deasaigh suas an tine timpeall air, i gcaoi is go bhfiuchfaidh sé
Nuair a bheas an chéad fhiuchadh bainte as an bhfeoil sin, leag chois na tine í agus beidh sí ag bruith léithe
"Ní théann teas thar fhiuchadh ach téann bruith thairis" — deirtear seo; is furasta a aithinte cén chiall atá leis
+–
Níl fiuchadh ná deide ag an gkettle seo fós — níl cosúlacht fhiuchta ar bith air
Fiuchta mo chreach! Níl sé ag tosaí ag fiuchadh fhéin fós. Dheamhan fiuchadh ná deide a bheas aige go maidin mura ngíosca tú an tine. Ní chuireann sibh aon chuma síos uirthi (tine)
TUILLEADH (2) ▼
Bhí poitín ar dhá splainc ann, agus hé brí cén éadáil a bhí ann, dheamhan fiuchadh ná deide a bheadh aige dhá bhfágtaí ansin go maidin é. Go bhfóire Críost orainn, nach caillte na tinteachaí a bhíos sna bailte móra!
An tine a chorraí! Ní gá dhuit tada dhá shaothar sin! Dhá mbeifeá ag corraí na cuifí sin go tráthnóna (móin), ní thiocfadh aon lasair uirthi. Dia dhá réiteach! Ní bheidh fiuchadh ná deide ag mo bhraon uisce go faoithin. Cupla seanbhreacán a bhí agam ansin le níochán
+–
Bhain sibh na fiuchta fuine as — rud a d'fhágfaí rófhada ag fiuchadh; rud a bheadh ag fiuchadh nó go n-imíodh sé ina ghail ar fad
Nuair a tógadh an fheoil, shíl mé féin go mbeadh an-fhairsingeacht anraith uirthi. Fuair chuile fhear paol. Dheamhan spúnóig anraith a bhí ag gabháil léithe. Ba deacair di. Baineadh na fiuchta fuine aisti
TUILLEADH (2) ▼
Ná bacaidh leo mar sin (fataí) nó go mbaine sibh na fiuchta fuine astu mar a bhaineas i gcónaí. Ag iarraidh iad a bheith ina bpráib a bhíos sibh, agus ina bpráib a bheas siad
Tá an iomarca fiuchadh faighte ag an bhfeoil sin. Nach bhfuil na fiuchta fuine bainte aisti ansin le uair an chloig
+–
Cuir gráinne bran orthu (tornapaí) agus uisce as an bhfiuchadh — uisce a bheadh ag fiuchadh ar an tine
Cuir aníos braon uisce ar an bhfiuchadh anseo
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhíonn a dhath maitheasa leis an gcaifí sin mura gcuirtear uisce as an bhfiuchadh air
Ní mór duit a ól suas as an bhfiuchadh (punch)
c.
+–
Tá an lemonade sin ag fiuchadh — súilíní beaga ag teacht air; fizzling
Ní thaitníonn na deochannaí sin a bhíos ag fiuchadh liom. Is beag acmhainn a bheadh agam mórán acu a ól
TUILLEADH (2) ▼
Airím ag fiuchadh in mo bholg é
Tá mo phutógaí ag fiuchadh ó d'ith mé an greim sin — ar forbhás; glogar ann
d.
coipeadh feirge
+–
Bhí an fharraige ag fiuchadh — coipthe; an-tsuaite
Bíonn an tonn i gcónaí ag fiuchadh timpeall ar an scothach sin. Tá clag fharraige ann
TUILLEADH (4) ▼
Chuir sé ag fiuchadh mé — choip sé le feirg mé
M'anam nach mór duit a bheith ar do shon fhéin. Bhí sé ag fiuchadh leat (mar gheall ort) ó mhaidin
Bhí a éadan ag fiuchadh le náire — é lasta
B'fhurasta a aithinte air agus an lasair a bhí ann gur ag fiuchadh le náire a bhí sé
fiuch in iontrálacha eile (11)
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
→
foighid
Ní bheadh sé d'fhoighid aige fanacht go bhfiuchadh an kettle. Scaird sé amach ar an taepot fuar beathach é
→
fuaraigh
Ní mór an bainne seo a fhuarú roinnt. Tá sé te bruite. Sílimse gur bhain tú an darna fiuchadh as théis an fhainic a chuir mé ort. Tabhair dhom braon bainne fuar lena fhuarú anois
→
fuar 2
Diabhal fiuchadh ná deide a thug sé siúd ar na huibheachaí ach a n-ithe suas fuar beathach. Is fear folláin é. Déarfaidís nach bhfuil léamh ar bith ar uibheachaí fuara mar sin
Drochearra a bhí ann pé ar bith cár frítheadh é. Stuf glas mar a bheadh poitín ann agus driúillíní ar a bharr leis an bhfiuchadh a bhí ann. Bhlais mé dó, ach chaith mé amach aríst é. Bhí blas an-scalta air