Fiuch, Feoch
—Briathar
—
a.
rud a théigheamh nó go mbíonn sé i gcruth imeacht in a ghail; súilíní a bheith ag teacht ar lacht.
+–
Fiuch an "kettle" (ní bruith an kettle. Fiuchadh adeirtear go hiondúil le lacht, ach tugtar "bruith" air scaití, go háirid san aidiacht bhriathar: "bainne bruite", "uisce bruite", "blách bhruite". Ach: "tá an t-uisce fiuchta" adeirtear. Dar ndóigh tá ciall áirid le "fiuchadh" .i. nuair a thosaíos an súilíní ag teacht ar lacht)
D'fhiuch sé an bainne
TUILLEADH (1) ▼
Fiuch an pota sin = uisce agus fataí
b.
+–
Níl aon-fhiuchadh aca sin ach dhá fhiuchadh (fataí) = cho luath agus a bheidís tamaillín beag ag fiuchadh bheidís bruite nó in alt a n-ite
Níl ag na meacna sin ach fiuchadh. Má fhágann tú ro-fhada ar an teine iad, imeóidh siad ar an uisce bruite
TUILLEADH (5) ▼
Bain fiuchadh beag as na fataí sin, ach ná bídís ach cnag
Ní thóigeann an fheóil sin ach dhá fhiuchadh
Cuir fiuchadh faoin bpota = deasuigh suas an teine timpeall air, i gcaoi agus go bhfiuchfaidh sé
Nuair a bhéas an chéad-fhiuchadh bainte as an bhfeoil sin, leag chois na teine í, agus beidh sí ag bruth léithe
"Ní theigheann teas thar fhiuchadh ach teigheann bruith thairis" = deirtear seo; is furasta aithinte cén chiall atá leis
+–
Níl fiuchadh ná deide ag an gkettle seo fós = níl cosúlacht fhiuchta ar bith air
Fiuchta mo chreach! Níl sé ag tosaí ag fiuchadh fhéin fós. Dheamhan fiuchadh ná deide a bhéas aige go maidin mara ngíosca tú an teine. Ní chuireann sib aon-chuma síos uirre (teine)
TUILLEADH (2) ▼
Bhí poitín ar dhá splainnc ann, agus hébrí cén éadáil a bhí ann, dheamhan fiuchadh ná deide a bheadh aige dhá bhfágtaí annsin go maidin é. Go bhfoire Críost orainn, nach caillte na téinteachaí a bhíos sna bailte móra!
An teine a chorraí! Ní gádh dhuit tada dhá shaothar sin! Dhá mbeitheá ag corraí na cuifí sin go trathnóna (móin), ní thiocfadh aon-lasair uirre. Dia dhá réiteach! Ní bheidh fiuchadh ná deide ag mo bhraon uisce go faoithin. Cupla sean-bhriocán a bhí agam annsin le níochán
+–
Bhain sib na fiuchta fuinne as = rud a d'fhágfaí ro-fhada ag fiuchadh; rud a bheadh ag fiuchadh nó go n-imíodh sé in a ghail ar fad
Nuair a tóigeadh an fheoil, shíl mé féin go mbeadh an-fhairsingeacht eanra uirre. Fuair chuile fhear pael. Dheamhan spúnóig eanra a bhí ag gabhail léithe. Ba deacair di. Baineadh na fiuchta fuinne aisti
TUILLEADH (2) ▼
Ná bacaighidh leo mar sin (fataí) nó go mbaine sib na fiuchta fuinne asta mar a bhaineas i gcomhnaí. Ag iarraidh iad a bheith in a bpráib a bhíos sib, agus in a bpráib a bhéas siad
Tá an iomarca fiuchadh faighte ag an bhfeoil sin. Nach bhfuil na fiuchta fuinne bainte aiste annsin le uair an chluig
+–
Cuir gráinne bran orra (turnapaí) agus uisce as an bhfiuchadh = uisce a bheadh ag fiuchadh ar an teine
Cuir aníos braon uisce ar an bhfiuchadh annseo
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhíonn a dhath maitheasa leis an gcaifí sin mara gcuirtear uisce as an bhfiuchadh air
Ní mór duit a ól suas as an bhfiuchadh (punch)
c.
+–
Tá an lemonade sin ag fiuchadh = súilíní beaga ag teacht air; "fizzling"
Ní thaithníonn na deochannaí sin a bhíos ag feochadh liom. Is beag acmhainn a bheadh agam mórán aca a ól
TUILLEADH (2) ▼
Airím ag fiuchadh in mo bholg é
Tá mo phutógaí ag fiuchadh ó d'ith mé an greim sin = ar forbhás; glogar ann
d.
coipeadh feirge.
+–
Bhí an fharraige ag fiuchadh = coiphe; an-tsuaite
Bíonn an tonn i gcomhnaí ag fiuchadh timpeall ar an scóthach sin. Tá clag fharraige ann
TUILLEADH (4) ▼
Chuir sé ag fiuchadh mé = choip sé le feirg mé
M'anam nach mór duit a bheith ar do shon fhéin. Bhí sé ag fiuchadh leat (mar gheall ort) ó mhaidin
Bhí a éadan ag fiuchadh le náire = é lasta
B'fhurasta aithinte air agus an lasair a bhí ann gur ag fiuchadh le náire a bhí sé
Fiuch in iontrálacha eile (10)
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
→
foighid
Ní bheadh sé d'fhoighid aige fanacht go bhfiuchadh an "kettle". Scáird sé amach ar an "taepot" fuar beitheach é
Droch-earradh a bhí ann pé'r bith cá'r fritheadh é. Stuf glas mar a bheadh poitín ann agus driúillíní ar a bharr leis an bhfiuchadh a bhí ann. Bhlais mé dó, ach chaith mé amach aríst é. Bhí blas an-scalta air