flith
—ainmfhocal, baineann
—
luibh nó salachair goirt; fásann sí i bhfataí go háirid, déantar a gortghlanadh as.  (Chickweed?)
+–
  Níl dhá shop ar bith is measa i bhfataí ná glúineach dhearg agus flith.  Tá chaon cheann acu sna garrantaí sin thoir againne.
Ní mór a dhul ag gortghlanadh na bhfataí sin thuas ar an toirt.  Tá siad lomlán le flith.  Is mór an úis iad
      
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Níl mórán soip iontu, cé is moite den fhlith sin, ach cé beag dóibh a dhonacht, arsa tusa.  Sin í an cailín atá in ann a bplúchadh
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh?  …  Ní hé sin domsa é muis.  Is minic a chonaic mé dhá cur léithe í dhá mbeadh sí ata.  Í fhéin nó moing mheara.  Tá an fhlith chuile orlach chomh maith leis an moing mheara.  Í a bhruith i bpota agus an sú a chuimilt den at.  Ní foláir í a choinneáil cuimlithe léithe nó go dtraoithe sí.  Bhainfeadh sí at as duine freisin.  Í a théamh os cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite.  Chuir mise le mo láimh anseo í uair a raibh sí ata.  Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
Tá mé meata le trí lá ag na fataí sin thuas.  Níor léir duit das ar bith iontu ag flith agus ruibhléis.  Diabhal a leithide de chaoi.  Shílfeá nach cheal leasaithe é muis
flith in iontrálacha eile (1)
                    →
                    dlúsúil 
                  
                  
                    Níl rud ar bith is dlúsúla ná a bhfuil d'fhataí ansin thoir a ghlanadh.  Tá siad ite le flith agus le salachar.  Diabhal mé go bhfuil airde crann báid iontu