Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Flith
Ainmfhocal: Buineann
luibh nó salachair goirt. Fásann sí i bhfataí go háirid. Déantar a gortghlanadh as. (Chickweed?).
+
Níl dhá shop ar bith is measa i bhfataí ná glúineach dhearg agus flith. Tá 'chaon cheann aca sna garrantaí sin thoir againne.
Ní mór a dhul ag gortghlanadh na bhfataí sin thuas ar an toirt. Tá siad lom-lán le flith. Is mór an uais iad
TUILLEADH (3) ▼
Níl mórán soip ionta, cés moite den fhlith sin, ach cé beag dóibh a dhonacht, arsa tusa. Sin í an cailín atá indon a bplúchadh
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh? … Ní hé sin domsa é muis. Is minic a chonnaic mé dhá cur léithi í, dhá mbeadh sí ata. Í fhéin nó muingbheara. Tá an fhlith chuile orlach cho maith leis an muingbheara. Í a bhruith i bpota agus an súgh a chuimilt don at. Ní fuláir í a choinneál cuimlithe léithi nó go dtraoithe sí. Bhainfeadh sí at as duine freisin. Í a théamh as cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite. Chuir mise le mo láimh annseo í uair a raibh sí ata. Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
Tá mé meata le trí lá ag na fataí sin thuas. Níor léar duit das ar bith ionta ag flith agus ruibhléis. Diabhal a leithide de chaoi. Shílfeá nach cheal leasaithe é muis

Flith in iontrálacha eile (17)

 
airde 2
Tá flith-aoirde crann báid ar a' gcúilín thoir de'n ghort.
 
D'aithneóchthá go raibh sioc caite aige ar éigin, ach ba ar ín ar éigin é. Flith-reó beag: ba shin é an méid
+
Ní raibh flith-ghob an dubháin san mbéal dearg aige beag ná mór. Dhá mbeadh, sin ní fhágfadh sé. Ach tá iasc san bhfarraige cho maith agus a gabhadh fós, tá sin!
TUILLEADH (3) ▼
Dhá bhfáinnse leigean ceart air (bradán) bhí a chnaipe déanta, ach ní bhfuair. Bhí flith-ghob na camóige faoin a bholg agam, nuair a shín sé uaim. Ba mhór an feall é. Bhí béilí maith éisc air
Chonnaic mé iomán a marbhaíodh amuigh ag Abhainn na Samhlachán annsin amuigh an bhliain cheana, agus an flith-ghob a bhí air, bhí sé ag breith scair ar a bhéal íochtair, bhí sé cho cúbha sin. Bhí sé san an-mhéid críochnaithe. Ní fhéadfadh sé gan aois chothrom a bheith aige!
Cuir san "jug" mór sin é a bhfuil an flith-ghob air. Is as is fusa a scárdadh.
+
Tuige an flith-gháire? An síleann tú gur dóigh mhagaidh mise? Má shíleann muis tá mearúl ort
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan iadhadh a tháinig air ach ag flith-gháire. Dar leat fhéin gur ag iarraidh a bheith ag magadh fút a bheadh sé. 'Ar ndó' bheadh dhá bhféadadh
 
Shílfeá gur ag déanamh flith-mhagadh fút atá sé. Buail treasna an dranndail é
+
Tá a bhfuil san teach agamsa thar bharr a gcéille ag na flith-mheárdáin. Níl foras orra ach ag scríobadh agus ag tochas ó mhaidin go faoithin. Agus ó oíche go maidin
TUILLEADH (1) ▼
Más flith-mheárdáin atá ort fan ón teas. Níl uair ar bith is measa iad nó an uair a theangós teas leo. Sháróidís thú le tochas. Gheobhfá rud ón bpoiticéara a leigheasfadh iad sin.
 
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin droch-thúnnáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfuighidh an túnnáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruithte as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba shin é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilleamhaint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosóchadh sé ag flith-mhagadh fút faoi. "Níl siad ag cur tada asam dhom" adéarfadh sé. 'Ar ndú' bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
 
Bhí sé deisighthe amuigh idtosach an bhus, agus drad flith-mhagaidh air
 
Níl rud ar bith is dlúthasamhla ná a bhfuil d'fhataí annsin thoir a ghlanadh. Tá siad ithte le flith agus le salachar. Diabhal mé go bhfuil airde cránn báid ionnta
 
dochar
Is beag an dochar dó cluasa te a bheith aige agus ar dubhradh faoi annseo ó a tháinig oíche. Diabhal a (bhur) leithidí a chonnaic mé ariamh ag cóiriú daoine. Is beag a thaithneochadh sé lib féin, dhá dtosuigheadh daoine eile ag flith-mhagadh fúib. Is gearr go mbeadh "te te" ann
 
Tá an ghráin dhíobhálach agam ar nathaíocht de'n tsórt sin. Ag iarraidh a bheith ag flith-mhagadh faoi 'chuile dhuine agus nach bhfuil dóigh-mhagaidh ar bith san tír is mó ná é féin
 
díol 2
Chonnaic T. se'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindigh leis ag rádh an "Droighneán Donn". Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosuigh an P. ag flith-mhagadh: "Níl a fhios aca sin céard atá muid a rádh ach an oiread le asail" adeir sé. D'ionntuigh fear aca ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlan-Ghaedhilge: "i gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireannach." Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh