Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foscúil
aidiacht as foscadh
1.
+
Tá áit fhoscúil aige — áit a bhfuil foscadh ann
Dar príosta is foscúil an bhráid atá aige sin anocht, ní hé m'fhearacht fhéin é
TUILLEADH (1) ▼
Tá lúbainn fhoscúil faoin sceich ansiúd, dhá mbeadh sé de chiall aige a dhul isteach ann, ach chreidim dheamhan é. Caithfidh mé teálta beag a dhéanamh dhó as seo go ceann cupla lá (lao amuigh faoin tsín)
2.
·
Is duine foscúil é — duine rúnmhar; duine a mbeadh foscadh ann
Bí foscúil anois agus ná lig fios do gnaithe le aon duine

Féach freisin