Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

foscadh (22)

 
dáil
Bhí mé thiar i ndáil le tigh Sh. an Gh. (nó i ndáil le ag) nuair a tháinig an múr orm. Chuaigh mé isteach ann ar foscadh
 
dairt
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
 
de
Níl d'fhoscadh aige ach lorg na bó ar an gcnagaire
 
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscadh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
 
Deasaíodh muid isteach ar an bhfoscadh. Phréachfadh an áit seo na fiannaí
 
Ná bíodh a fhios ag deoraí an bhéil bheo anois cá'il tú ag gabháil. Má bhíonn a fhios, déanfar scéala ort agus gabhfaidh sé daor ort. Fainic a gcainteofá air le B. Sh. Sin fear gan foscadh
+
Cén fáth a dtabharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Más dona anseo é, tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claí ná fál leis, ná foscadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcnagaire
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dheannachtaí dá dtiocfaidh an lá, bíonn foscadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnaithe. Ní bheadh a fhios agat dhá dtéiteá ar bhicycle san oíche ann nach amach i ndiaidh do mhullaigh i bhfeadán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díobh
Ná bac le foscadh. Níl foscadh ansiúd ar ghaoith ar bith. Nach bhfuil sé i mbéal an ghairfin. Áit díbeartha críochnaithe é
+
Níl an foscadh féin ann, ní áirím dídean (fc. foscadh)
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuair muid foscadh ná dídean
Nuair a théimse ag cúirtéireacht, ní shásódh foscadh chor ar bith mé. Ní mór dom dídean a fháil chomh maith. Is breá an rud brat maith tuí easca as do chionn féin agus do ghearrchaile mná!
 
dioc
Nach dona na gnaithí atá air, ag gabháil amach ag obair a leithide de lá. Tá sé ar foscadh i lúbainn an chlaí anois agus gioc air leis an bhfuacht agus leis an donacht
 
Tá an díolúnach de lao sin thoir i ndáil le caillte. Mura ndéana sibh teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith. Tá sé ina ghoróir thoir ansin i lúbainn an chlaí, agus chuile dheoir den bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoin gclaí eile ar foscadh
 
díon 1
Go bhféacha an tAthair Síoraí muis ar an gcábán sin leithide na hoíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh sna cupla stráca siúd atá os a gcionn. Nach mb'fhearr dóibh na ceirteacha siúd a dheasú ina dtimpeall agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúbainn claí, áit a mbeadh foscadh acu, ná a bheith ansiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcnagaire
 
dochar
Is beag an dochar do Ph. fuacht féin a bheith air, thuas ansin ar aghaidh na riteachta ó mhaidin sna barrannaí garbha sin, agus an gála dhá chriathrú. Áit gan foscadh ar bith é. Is maith an clúdadh nár mhór do dhuine a bheith air agus an aimsir atá ann — aimsir choimhthíoch críochnaithe
 
dóirt
Téimid ar foscadh. Tá sé ina dhórtadh
+
doras
Doras an fhoscaidh
TUILLEADH (1) ▼
Bhí tusa ag teacht faoi dhoras an fhoscaidh agus eisean ag dul amach doras na gaoithe. Ach cheapfainnse go mb'eisean a mb'éigean dó doras an fhoscaidh a thabhairt air fhéin lena anam — magadh focail
 
dorcha
Bíonn sí an-dorcha liom, théis a bhfuil de theanntás aici orm. Ach dheamhan maith ann. Foscadh ar fad í. Níor chaintigh sí amháin liom faoin inín, ná go raibh cuimhne ar bith aici imeacht
 
drad
Dúradh leis an méid sin a choinneáil taobh thiar dhá dhrad, agus dar brí an leabhair, bhí sé ag gasúir an bhaile tráthnóna lá arna mhárach. Sin é an fear a bhfuil an foscadh ann!
 
droim
Tá an teach soir amach ar dhroim an chnoic. Tá a fhios ag an lá gur rite an áit a bhfuil sé. Níl foscadh aige ar aon tsoinneán dhá séidfidh as aer