fabhall, fáfall, fátall, fálta
—ainmfhocla, fireann
—ní dóigh go bhfuil baint ar bith ag fabhall le fátall ó cheart ach ó tá siad measctha in áiteachaí (cuid de Chois Fharraige, ag daoine), tá mé ag tabhairt an dá fhocal in éindí anseo. Deirtear fámhall agus fáfall. Is annamh adeirtear fálta, ach tá sé ag daoine. Tá fátall freisin an-tréan i leaba fáiteall sa gcaint, fc. fáiteall
1.
aiteall; lagan, claochmú.
+–
Má fhaigheann siad (gliomadóirí) fáfall ar bith, gabhfaidh siad amach. Dar príosta muise is deacair dóibh an droch-chreatlach seo a bharraíocht — lagan sa ngaoith; é ag ligean faoi
Ní dhéanfaidh sé aon fhabhall anois ach oiread. Tá an ghaoth ag cothú an-mhór sa mbun sin
TUILLEADH (4) ▼
Shílfeá go bhfuil fáfall triomaigh aige. Tá sé in am sin aige. Shíl mé nach ndéanfadh sé aon aiteall inniu
B'fhéidir dó fabhall beag a thabhairt uaidh anois. Ba síoraí an lá báistí é, míle buíochas le Dia
Má fheiceann siad fáfaillín ar bith aige, tá siad sin in ann a dul chun farraige. Dar fia féachann sé iad scaití freisin. Bhí curach ansin thiar aréir agus cuireadh go dtí snaidhm na stothaí í. Ba diabhaltaí an phuicneáil a fuair sí
Chuaigh mé amach ar an bhfabhall siúd ach má chuaigh, ba ghearr go mb'éigean dom a theacht isteach aríst. Ní lá garraí a bhí ann
+–
Tá fátall triomaigh aige — déarfaí fabhall anseo chomh maith, agus bheadh an dá leagan air amantaí ag an duine céanna. Is amhlaidh é freisin le na samplaí eile seo síos
Shílfeá go bhfuil fátall beag aige faoi dheireadh. B'fhéidir go nglanfadh an lá anois — aiteall
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh sé fátall anois — aiteall
2.
foscadh faoi chlaíochaí faoi thomachaí nó eile
+–
Ní raibh aon fhabhall aici ach an claí — foscadh
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhabhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is olc an fabhall atá ansiúd muise ar aimsir den tsórt seo. Dheamhan tada ach na seanmhótaí siúd. Áit an-sceirdiúil é
+–
Ní raibh fátall ar bith againn (fálta) — foscadh
Chreidim gur faoin gclaí a bhí siad ar fátall ó mhaidin (ní abrófaí fabhall anseo)
TUILLEADH (3) ▼
Tá fátall (nó fabhall) foscaidh againn anseo.
Bhí fátall beag againn san áit a raibh muid agus níor mhaith linn corraí as
Sin í a mbráid i gcónaí: lúbainn an sconsa. D'éireodh dóibh. Bíonn fátall ansin acu.
fabhall in iontrálacha eile (2)
→
dia 2
Éirigh as anois agus teara abhaile. Ní bhfaighidh tú fabhall aríst inniu. Tús Aoine nó deireadh Sathairn a mhic ó
Bhí sórt dífhoscadh agam faoin toimín, ach diabhal mórán cúise a bhí leis. Fabhall ar bith a d'fhaighinn, bhínn rite amach