Fámhall: Fáfall: Fátall: Fálta
—Ainmfhocla: fireann
—ní dóigh go bhfuil baint ar bith ag "fámhall" le "fátall" ó cheart ach ó atá siad meascha in áiteachaí (cuid de Chois Fharraige, ag daoine), tá mé ag tabhairt an dá fhocal in éindigh annseo. Deirtear "fámhall" agus "fáfall". Is annamh adeirtear "fálta", ach tá sé ag daoine. Tá "fátall" freisin an-tréan i leabaidh "fáiteall" san gcaint. Fc. fáiteall
1.
aithdeal; lagann, claochmhú.
+–
Má fhaghann siad (gliomadóirí) fáfall ar bith gabhfaidh siad amach. Dar príosta muise is deacair dóibh an droch-chreatalach seo a bharraíocht = lagann san ngaoith; é ag leigean faoi
Ní dhéanfaidh sé aon-fhámhall anois ach oiread. Tá an ghaoth ag cothú an-mhór san mbun sin
TUILLEADH (4) ▼
Shílfeá go bhfuil fáfall triomaigh aige. Tá sé in am sin aige. Shíl mé nach ndéanfadh sé aon-aithdeal inniu
B'fhéidir dó fámhall beag a thabhairt uaidh anois. Ba síorraí an lá báistí é, míle buíochas le Dia
Má fheiceann siad fáfaillín ar bith aige, tá siad sin indon a dul 'un farraige. Dar fia féachann sé iad scaití freisin. Bhí curach annsin thiar aréir agus cuireadh go dtí snaidhm na stothaí í. Ba diabhaltaí an phuicneáil a fuair sí
Chuaigh mé amach ar an bhfámhall siúd ach má chuaigh ba ghearr go mb'éigin dom a thiacht isteach aríst. Ní lá garraí a bhí ann
+–
Tá fátall triomaigh aige = déarfaí fámhall annseo cho maith, agus bheadh an dá leagan air amanntaí ag an duine céanna. Is amhlaidh é freisin lena somplaí eile seo síos
Shílfeá go bhfuil fátall beag aige faoi dheireadh. B'fhéidir go nglanfadh an lá anois = aithdeal
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh sé fátall anois = aithdeal
2.
fascadh faoi chlaidheachaí faoi thomachaí nó eile
+–
Ní raibh aon-fhámhall aice ach an claidhe = fascadh
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhámhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is olc an fámhall atá annsiúd muise ar aimsir den tsórt seo. Dheamhan tada ach na sean-mhótaí siúd. Áit an-sceirdiúil é
+–
Ní raibh fátall ar bith againn (fálta) = fascadh
Chreidim gur faoin gclaidhe a bhí siad ar fátall ó mhaidin (ní abróchaí "fámhall" annseo)
TUILLEADH (3) ▼
Tá fátall (nó fámhall) fascaidh againn annseo.
Bhí fátall beag againn san áit a raibh muid, agus níor mhaith linn corraí as
Sin í a mbráid i gcomhnaí: lúibinn an sconnsa. D'eireódh dóibh. Bíonn fátall annsin aca.