Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foscadh
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: foscaí, foscaíochaí
1.
a.
rud eicínt (claí, fál, sceach, binn thí, ball éadaigh, srl.) a bheith ar do scáth leis an tsín, nó drochrud eicínt mar sin, a choinneáil uait.
+
"Bhí bratóigín shuarach aniar ar a droim, agus gan foscadh ná díon uirthi ón mbáisteach" (as amhrán Na Ba Ciara agus Bána) — ní raibh teach ná áras os a cionn; ní raibh teálta ar bith aici
Níl foscadh ar bith ansiúd agaibh — áit le múr a ligean thart srl.
TUILLEADH (4) ▼
Rinne muid foscadh ann le na ráigeanna deannachtach seo a ligean tharainn — teálta mar a bheadh craobhachaí a chur suas nó a leithide
Dheamhan ceo ar bith sa mbráicín atá aige ach go ndéanfadh sé foscadh ar an ngaoith. Níl díon deoir ann
Tá an-fhoscadh i gcrainnte ach go bhfuagraíonn siad gála na hairí
Bhí fátall foscadh againn (fc. fabhall)
+
Téadh muid ar foscadh. Lá sa gclaí é sílim — a dhul isteach faoi thoim, nó faoi chlaí, nó faoi bhalla tí nó a leithide le drochshíon a ligean thart
Breá nach ndeachaigh sibh ar foscadh agus gan a bheith dhá gcailleadh féin
TUILLEADH (2) ▼
Tá an teach sin ar an bhfoscadh — in áit a mbeadh sé ar scáth na síne
An fhad is atá tú ar an bhfoscadh fan ann. Tá an lá an-mhór
+
Níl foscadh ná dídean aige — teach ná áras. Bíonn teach, cró, seid nó teálta foirginte i gceist le "dídean" i gcónaí, ach ní bhíonn i gceist le foscadh ach lúbainn claí nó sceiche nó a leithide
Níl aon áit faoi bhéal an aeir aige anois a bhfaighidh sé foscadh ná dídean ann. Is beag an trua é a lig a bhráicín fhéin í léig
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh d'fhoscadh ná de dhídean aige ach lúbainn an chlaí ar feadh na hoíche
+
Níl foscadh na feannóige anseo; níl d'fhoscadh anseo ach lorg cois na bó ar an gcnagaire (ar an gcreagaire) — foscadh ar bith; áit lom sceirdiúil
Dheamhan a raibh foscadh na feannóige acu ann. Is beag an dochar dóibh a bheith chomh fuar leis an éag fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Sheasfadh sé sin ag obair san áit nach mbeadh foscadh na feannóige
+
"Ní airítear foscadh na toime nó go mbaintear í" — is fhearr foscadh fánach féin ná a bheith dhá uireasa uileag; dhá laghad agus dhá shuaraí an teannadh atá ar do chúl, is fhearr é ná a bheith gan tada
Deir tú leis an gcailín a d'imigh uaim. Tá mé in mo bhambairne ceart na laethantaí seo. Níorbh fhiú trumpa gan teanga í, agus ina dhiaidh sin féin, b'fhearr ann ná as í. Ní airítear foscadh na toime nó go mbaintear í, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a cuireadh isteach sa bpríosún é an uair sin faoi dhíol an phlúir, baineadh an pinsean dó. Ba chuma dhó aige ná uaidh é scáth chúig phunt sa mbliain, agus ina dhiaidh sin féin dhá bhfágadh duine bliain gan tarraingt é, thiocfadh sé chun suime. Ní airíonn duine foscadh na toime nó go mbaintear í
·
Rinne sé seol foscaidh (nó foscadh) — dhá mbeadh duine ag cáitheadh arbhair lá gaofar níor mhór dhó málaí nó braillín nó doras a chur suas ar dhoras na gaoithe (le hais an dorais) le spreacadh na gaoithe a lagan, i riocht is nach bhfuadódh sí an t-arbhar air
Caithfidh tú seol foscaidh a dhéanamh nó ní fhágfaidh an ropadh seo gráinne ariamh agat. Faigh cupla seanmhála. Cuireann gasúir a bhíos ag fosaíocht, nó ina suí amuigh, seol foscaidh suas freisin scaití
+
Tá dhá taobh ar bhád: taobh na gaoithe agus taobh an fhoscaidh. 'Sé taobh na gaoithe an bun a bhfuil an ghaoth as (weather) agus taobh an fhoscaidh an bun a bhfuil an ghaoth air (lee). 'Sé taobh an fhoscaidh de sceich, de theach srl., an taobh atá ar chúla na gaoithe
Tá sé ag tuíodóireacht ar thaobh an fhoscaidh den teach agus níor mhór dhó fhéin go bhfuil. D'fheannfaí ar an taobh eile inniu é
TUILLEADH (3) ▼
Osclaígí doras an fhoscaidh. Ar ndóigh phréachfadh an tseoideadh atá isteach ansin sibh. 'Sé doras na gaoithe é
Téadh muid ar thaobh an fhoscaidh den chlaí
Ní heo é taobh an fhoscaidh den sceich
b.
+
Beidh sé ar thaobh an fhoscaidh i gcónaí — ar an taobh sábháilte; fanfaidh sé as gach rud a rachadh chun milleáin nó chun dochair dó
Is fhearr a bheith ar thaobh an fhoscaidh ná ar aghaidh na doininne ar chaoi ar bith. Déanadh duine chomh díreach agus is féidir leis agus ní baol dó an lá deiridh — fear a bhí ag caint ar na críocha déannacha; bíodh anam duine glan
TUILLEADH (7) ▼
'Sé S. a shaighdeas chuile dhuine, ach is cuma cén troid ná an dlí a bheas ann, beidh sé fhéin ar thaobh an fhoscaidh i gcónaí — ní baol go mbeidh sé roinnpháirteach sa troid ná go dtabharfar chun cúirte é dhá bharr
Is furasta leis daoine a fháil le dhul ag baint fheamainne agus dhá scaoileadh le gaoith. Má théann a mh'anam, beidh seisean ar thaobh an fhoscaidh. Dheamhan mórán foghail a dhéanfas seisean ar fheamainn — ní dhéanfaidh sé brí oibre, nó má níonn sí an obair is lú, sclábhaíocht í. D'fhanfadh sé ar na bráideannaí tirime ag baint na feamainne agus thabharfadh sé cead don dream eile iad fhéin a fhliuchadh
Bíodh sé ar a rogha caoi anois, ach leabharsa, beidh seisean ar thaobh an fhoscaidh den scéal
Hé brí cé air a mbeidh an drámh, beidh T. ar thaobh an fhoscaidh ar chaoi ar bith
Ní miste leo sin sa diabhal, ó tá siad fhéin ar thaobh an fhoscaidh, cé a shaighdfeas siad amach sa gcogadh. Ní chaithfidh siadsan a dhul ar aghaidh na bpiléar.
Má tá tú ar thaobh an fhoscaidh den scéal, fan amhlaidh. Má bhuaileann tú do ladar chor ar bith ann, thusa a bheas síos leis ar ball. Ní bhíonn duine ar bith buíoch d'fhear an réitigh
Bí ar thaobh an fhoscaidh de na póilíos ar chuma ar bith. Níl gnaithe ar bith agat iad sin a tharraingt ort. Acusan a bheas an iarraidh dheiridh
c.
caladh sábhála, tearmann; a bheith slán.
+
Tá sé ar foscadh in áit eicínt. Is beag an néal ar an mbithiúnach siúd hé brí cá bhfuil sé (sionnach) — tá sé ar chaladh shábhála i mbrocach nó i gcoinicéar eicínt
Nuair a rinne sé an chreach sin, ghread sé leis ar foscadh — sionnach
TUILLEADH (2) ▼
M'anam hé brí céard a dhéanfas aon duine go mbeidh S. ar an bhfoscadh. Dar mo leabhar dhuit ní éireoidh aon cheo dhó sin — beidh sé sábháilte; ní thiocfaidh aon tromachan ná aon mhilleán air
Bhí muid fhéin ar an bhfoscadh sa gcogadh seo. Lig muid na cathannaí tharainn.
2.
caomhúint; rúnmhar; cuibhiúil (faoi rúin agus caint).
+
Níl mórán foscadh ionat — caomhúint; níl tú rúnmhar; tá tú béalrách, ráiteach nó scéiteach
Shílfeá go mbeadh foscadh ionat thairis sin. An rud nach dtógfá as an lathach cuireann tú cosa faoi agus insíonn tú don tír é. Ní den chuibhiúlacht a bheith ar an gceird sin
TUILLEADH (2) ▼
Fuair tú amach muise an té a mbeadh foscadh ann. Ar ndóigh dhá gcuirtheá slat ar pharóiste, ní bhfaightheá fear is cabaí ná é sin
Tuilleadh diabhail aige. Breá nach raibh foscadh ann agus a bhéal a choinneáil ar a chéile. Ní scéal rúin é ó bheidh a fhios ag triúr é. Má bhíonn aon chás ag duine ina scéal, ná ligeadh sé lena dheasláimh é. Is fada le daoine go bhfaighe siad slí chainte
+
Sin é fhéin muis an béal gan foscadh, a bhéal sin; an clab gan foscadh — duine a sceitheas gach uile shórt
M'anam muise má tá a fhios aige sin é, go bhfuil a fhios ag béal gan foscadh é. Tá sé sin ag imeacht mar a bheadh firéad ann ag smúrthacht i chuile áit, agus níl claibín muilinn ar bith a chinnfeadh air má fhaigheann sé ligean ar scéal
TUILLEADH (1) ▼
Dún do bhéal anois a chlab gan foscadh. Is gann atá an saol ag dul ort mura bhfuil aon údar cainte agat ach an méid sin
·
Is beag fhoscadh thú ach an oiread le scéal a dhul dhá inseacht dó sin. Nár cuireadh parúl ort gan caintiú as do bhéal air. Ach is beag an mhaith parúl a chuir ort. Is fada leat go bhfaighe tú rud eicínt le n-inseacht

foscadh in iontrálacha eile (42)

 
Cár fhága tú an chabaíl! Dar ndóigh, dheamhan foscadh ar bith sa seafóidín sin
 
Is beag an dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, agus gan foscadh ná dídean aige ach mar a bheadh lorg coise na bó ar an gcnagaire (fc. cnagaire)
 
Má tá carcair ghiúsaí ann, coinnigh foscadh air nó ní leat féin í — goidfear uait í má labhrann tú air.
 
Nach diabhaltaí rite an áit ar dearnadh an teach an chéad uair, thuas ar an gcarracán garbh siúd. Is suarach an t-ionadh go mbeadh faitíos gála fhéin air agus a laghad foscaidh agus atá ag a theach.
 
clab
Há muise, a chlab mhóir, is tusa fhéin nach bhfuil aon fhoscadh ionat! —nach gcoinneodh rún.
 
bannaí 1
Is beag an mhaith dhuit bannaí béil a chur uirthi sin, arae níl foscadh ar bith inti. Is dona na gnaithí a bhí ort é a inseacht di chor ar bith.
 
Dheamhan foscadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde agus buaileadh chuile dheoir ariamh den chraobhmhúr sin orm. Séard a bhí do mo spadhradh ar fad, go raibh sí ag titim mar bheifí dhá dóirteadh as criathar, agus bhí sé ina scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, agus bhí sé chomh tirim agus dá mba amach ar leaba chlúmhaigh a d'éireodh sé, agus mise in mo líbín.
+
'Sé an scéal é, níl foscadh in aon áit ón gcramhar báistí sin, mar 'sé an chaoi a bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agam ligean liom fhéin abhaile agus an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aiteall: meas tú nár mhaith an beart é?
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a chos a chuaigh ar foscadh fhéin nuair ba mheasa a bhí an cramhar báistí inniu. Sin é atá santach ag an obair!
 
Bréinleach as éadan é an cúl thiar, arae bhí foscadh ag na gamhna ann i lúbainn an chlaí
 
"Bhuail sé roimhe nó go raibh neoin bheag agus deireadh lae ann, an capall ag gabháil ar scáth na copóige, agus an chopóg ag gabháil don Domhan Soir. Chonaic sé i bhfad uaidh agus ní i ngar dó; botháinín beag nach raibh bunchleite isteach ná barrchleite amach air, ach aon chleite amháin ag déanamh foscaidh agus dídin dó" (as seanscéal — An Fear Gearr Glas)
 
Tá buinneán mór de chrann fuinseoige ag fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór an foscadh dhó é mura bhfuagraíonn sé an iomarca gála.
 
amach
Níl foscadh ar bith sa gceann sin má d'inis sé amach é, théis gur chuir mé pearúl air gan é a inseacht.
 
Bheadh foscadh beag san anacair dhá bhféadfá thú fhéin a bhrú isteach inti.
 
Tá fátall (nó fabhall) foscaidh againn anseo.
 
fraigh
Ní fhéadfá a dhul isteach go dtí béal na brocaí dhá bhfaightheá Éire bronnta ort. Tá fraigh dhriseachaí ar an aill agus níor mhór dhuit seachtain dhá mbaint di. Nach maith a bhí a fhios aige (sionnach) cá ngabhfadh sé ar foscadh
 
fál
Ní raibh fál ná fálach aige le dhul ar foscadh — foscadh ná dídean; áit chosanta
 
Seo níl aon ghnaithe agat fruch frach a theacht ort ar aon chor. Tá an mhísc déanta anois. Buail isteach go dtí é agus abair nárbh é do chionn tsiocair é, ach go ndeasóidh tú dhó é. Is fhearr sin ná a dhul dhá cheilt air. Gheobhaidh sé amach ar aon chor gur briseadh é. Níl an oiread foscadh sa té a bhris é agus go bhféadfadh sé a bhéal a choinneáil ar a chéile. Inseoidh sé sin don tír é. Is claibín muilinn ceart é
+
Fuarsceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan foscadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabháil léithe ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír, déarfainn nach bhfaightheá aon gheadán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thugadh N. Th., go ndéanadh Dia grásta air, uirthi: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
TUILLEADH (1) ▼
Ar fhuarsceird atá an teach aige agus tá fuagairt na gaoithe ceart ann. Nach diabhlaí nach síos sa ngleann ar an bhfoscadh a rinne siad é
 
dairt
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
 
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine," adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscaidh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
 
Deasaíodh muid isteach ar an bhfoscadh. Phréachfadh an áit seo na fiannaí
 
de
Níl d'fhoscadh aige ach lorg na bó ar an gcnagaire
 
Ná bíodh a fhios ag deoraí an bhéil bheo anois cá'il tú ag gabháil. Má bhíonn a fhios, déanfar scéala ort agus gabhfaidh sé daor ort. Fainic a gcainteofá air le B. Sh. Sin fear gan foscadh
 
dioc
Nach dona na gnaithí atá air, ag gabháil amach ag obair a leithide de lá. Tá sé ar foscadh i lúbainn an chlaí anois agus gioc air leis an bhfuacht agus leis an donacht
 
dochar
Is beag an dochar do Ph. fuacht féin a bheith air, thuas ansin ar aghaidh na riteachta ó mhaidin sna barrannaí garbha sin, agus an gála dhá chriathrú. Áit gan foscadh ar bith é. Is maith an clúdadh nár mhór do dhuine a bheith air agus an aimsir atá ann — aimsir choimhthíoch críochnaithe
+
doras
Doras an fhoscaidh
TUILLEADH (1) ▼
Bhí tusa ag teacht faoi dhoras an fhoscaidh agus eisean ag dul amach doras na gaoithe. Ach cheapfainnse go mb'eisean a mb'éigean dó doras an fhoscaidh a thabhairt air fhéin lena anam — magadh focail
 
dorcha
Bíonn sí an-dorcha liom, théis a bhfuil de theanntás aici orm. Ach dheamhan maith ann. Foscadh ar fad í. Níor chaintigh sí amháin liom faoin inín, ná go raibh cuimhne ar bith aici imeacht
 
drad
Dúradh leis an méid sin a choinneáil taobh thiar dhá dhrad, agus dar brí an leabhair, bhí sé ag gasúir an bhaile tráthnóna lá arna mhárach. Sin é an fear a bhfuil an foscadh ann!
 
droim
Tá an teach soir amach ar dhroim an chnoic. Tá a fhios ag an lá gur rite an áit a bhfuil sé. Níl foscadh aige ar aon tsoinneán dhá séidfidh as aer
 
dáil
Bhí mé thiar i ndáil le tigh Sh. an Gh. (nó i ndáil le ag) nuair a tháinig an múr orm. Chuaigh mé isteach ann ar foscadh
+
Cén fáth a dtabharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Más dona anseo é, tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claí ná fál leis, ná foscadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcnagaire
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dheannachtaí dá dtiocfaidh an lá, bíonn foscadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnaithe. Ní bheadh a fhios agat dhá dtéiteá ar bhicycle san oíche ann nach amach i ndiaidh do mhullaigh i bhfeadán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díobh
Ná bac le foscadh. Níl foscadh ansiúd ar ghaoith ar bith. Nach bhfuil sé i mbéal an ghairfin. Áit díbeartha críochnaithe é
+
Níl an foscadh féin ann, ní áirím dídean (fc. foscadh)
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuair muid foscadh ná dídean
Nuair a théimse ag cúirtéireacht, ní shásódh foscadh chor ar bith mé. Ní mór dom dídean a fháil chomh maith. Is breá an rud brat maith tuí easca os do chionn féin agus do ghearrchaile mná!
 
Tá an díolúnach de lao sin thoir i ndáil le caillte. Mura ndéana sibh teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith. Tá sé ina ghoróir thoir ansin i lúbainn an chlaí, agus chuile dheoir den bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoin gclaí eile ar foscadh
 
díon 1
Go bhféacha an tAthair Síoraí muis ar an gcábán sin leithide na hoíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh sna cupla stráca siúd atá os a gcionn. Nach mb'fhearr dóibh na ceirteacha siúd a dheasú ina dtimpeall agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúbainn claí, áit a mbeadh foscadh acu, ná a bheith ansiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcnagaire
 
dóirt
Téimid ar foscadh. Tá sé ina dhórtadh