Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fascadh
Ainmfhocal; Fireann
Uimhir Iolraidh fascaí; fascaíochaí
1.
a.
rud eicínt (claidhe, fál, sceach, binn thí, ball éadaigh, etc.) a bheith ar do scáth leis an tsín, nó drochrud eicínt mar sin, a choinneál uait.
+
"Bhí bratóigín shuarach aniar ar a druim, agus gan fascadh ná díon uirre ón mbáisteach" (as amhrán: "Na Ba Cíora agus Bána") = ní raibh teach ná áras as a cionn; ní raibh teálta ar bith aice
Níl fascadh ar bith annsiúd agaibh = áit le múr a leigean thart etc.
TUILLEADH (4) ▼
Rinne muid fascadh ann le na ráigeanna deannachtach seo a leigean tharainn = teálta mar a bheadh craobhachaí a chur suas nó a leithide
Dheamhan ceo ar bith san mbráicín atá aige ach go ndéanfadh sé fascadh ar an ngaoith. Níl díon deoir ann
Tá an-fhascadh i gcrainnte, ach go bhfuagraíonn siad gála na hairrí
Bhí fátall fascadh againn (fc. fámhall)
+
Teigheadh muid ar fascadh. Lá san gclaidhe é sílim = a dhul isteach faoi thuim, nó faoi chlaidhe, nó faoi bhalla tí nó a leithide le droch-shíon a leigean thart
Breá nach ndeachaidh sib ar fascadh agus gan a bheith dhá gcailleadh féin
TUILLEADH (2) ▼
Tá an teach sin ar an bhfascadh = in áit a mbeadh sé ar scáth na síne
An fhad agus atá tú ar an bhfascadh fan ann. Tá an lá an-mhór
+
Níl fascadh ná dídean aige = teach ná áras; (bíonn teach, cró, seid nó teálta foirginte, i gceist le "dídean" igcomhnaí, ach ní bhíonn igceist le fascadh ach lúibinn claidhe nó sceiche nó a leithide
Níl aon-áit faoi bhéal an aeir aige anois a bhfuighidh sé fascadh ná dídean ann. Is beag an truaighe é a leig a bhráicín fhéin í léig
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh d'fhascadh ná de dhídean aige ach lúibinn an chlaidhe ar fea na hoíche
+
Níl fascadh na fionnóige annseo; níl d'fhascadh annseo ach lorg cois na bó ar an gcrangaire (ar an gcneagaire) = fascadh ar bith; áit lom sceirdiúil
Dheamhan a raibh fascadh na fionnóige aca ann. Is beag an dochar dóibh a bheith cho fuar leis an éag fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Sheasfadh sé sin ag obair san áit nach mbeadh fascadh na fionnóige
+
"Ní airíthear fascadh na tuime nó go mbaintear í" = is fhearr fascadh fánach féin ná a bheith dhá uireasa uiliog; dhá laghad agus dhá shuaraí an teannadh atá ar do chúl, is fhearr é ná a bheith gan tada
Deir tú leis an gcailín a d'imigh uaim. Tá mé in mo bhambairne ceart na laetheanntaí seo. Níorbh fhiú trumpa gan teanga í, agus in a dheidh sin féin b'fhearr ann ná as í. Ní airíthear fascadh na tuime nó go mbaintear í, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a cuireadh isteach san bpríosún é an uair sin faoi dhíol an phlúir, baineadh an pinsean dó. Ba chuma dhó aige ná uaidh é scáth chúig phunt san mbliain, agus in a dheidh sin féin dhá bhfágadh duine bliain gan tarraint é, thiocfadh sé 'un suime. Ní airíonn duine fascadh na tuime nó go mbaintear í
·
Rinne sé seol fascadh (nó fascadh) = dhá mbeadh duine ag cáthadh arúir lá gaofar níor mhór dhó málaí nó bráithlín nó doras a chur suas ar dhoras na gaoithe (le hais an dorais) le spreacadh na gaoithe a lagann, i riocht agus nach bhfuadódh sí an t-arúr air
Caithfidh tú seol fascadh a dhéanamh nó ní fhágfaidh an ropadh seo gráinne ariamh agad. Fagh cupla sean-mhála. (Cuireann gasúir a bhíos ag fosaíocht, nó in a suí amuigh, seól fascadh suas freisin scaití)
+
Tá dhá taobh ar bhád: taobh na gaoithe agus taobh an fhascadh. Sé taobh na gaoithe, an bun a bhfuil an ghaoth as ("weather") agus taobh an fhascadh an bun a bhfuil an ghaoth air (lee). Sé taobh an fhascadh de sceich, de theach etc, an taobh atá ar chúla na gaoithe
Tá sé ag tuíodóireacht ar thaobh an fhascadh den teach agus níor mhór dhó fhéin go bhfuil. D'fheannfaí ar an taobh eile inniu é
TUILLEADH (3) ▼
Osclaigí doras an fhascadh. 'Ar ndú' phréachfadh an tseóideadh atá isteach annsin sib. Sé doras na gaoithe é
Teigheadh muid ar thaobh an fhascadh den chlaidhe
Ní sheo é taobh an fhascadh den sceich
b.
+
Beidh sé ar thaobh an fhascadh i gcomhnaí = ar an taobh sábháilte; fanfaidh sé as gach rud a rachadh chun milleáin, nó chun dochair dó
Is fhearr a bheith ar thaobh an fhascadh ná ar aghaidh na doininne ar chaoi ar bith. Déanadh duine cho díreach agus is féidir leis, agus ní baol dó an lá deireadh = fear a bhí ag caint ar na Críocha Déannacha; bíodh anam duine glan
TUILLEADH (7) ▼
Sé S. a shaghdas 'chuile dhuine, ach is cuma cén troid ná an dlí a bhéas ann, beidh sé fhéin ar thaobh an fhascadh igcomhnaí = ní baol go mbeidh sé roinnpháirteach san troid, ná go dtiúrfar chun cúirte é dhá bharr
Is furasta leis daoine a fháil le dhul ag baint fheamainne agus dhá scaoileadh le gaoith. Má theigheann a mh'anam, beidh seisean ar thaobh an fhascadh. Dheamhan mórán foghail a dhéanfas seisean ar fheamainn = ní dhéanfaidh sé brí oibre, nó má níonn sí an obair is lú sclábhaíocht í. D'fhanfadh sé ar na bráideannaí tirme ag baint na feamainne agus thiúrfadh sé cead don dream eile iad fhéin a fhliuchadh
Bíodh sé ar a rogha caoi anois, ach 'leabharsa beidh seisean ar thaobh an fhascadh den scéal
Hébrí cé air a mbeidh an drámh, beidh T. ar thaobh an fhascadh ar chaoi ar bith
Ní miste leo sin sa diabhal, ó atá siad fhéin ar thaobh an fhascadh cé a shaghdfas siad amach san gcogadh. Ní chaithfidh siadsan a dhul ar aghaidh na bpiléar.
Má tá tú ar thaobh an fhascadh den scéal, fan amhlaidh. Má bhuaileann tú do ladar chor ar bith ann, thusa a bhéas síos leis ar ball. Ní bhíonn duine ar bith buíoch d'fhear an réitigh
Bí ar thaobh an fhascadh de na póilíos ar chuma ar bith. Níl gnatha ar bith agad iad sin a tharraint ort. Acasan a bhéas an iarraidh dheireadh
c.
caladh sábhála, tearmann; a bheith slán.
+
Tá sé ar fascadh in áit eicínt. Is beag an néal ar an mbithiúnach siúd hébrí cá bhfuil sé (sionnach) = tá sé ar chaladh shábhála imbrocach nó i gcoinicéar eicínt
Nuair a rinne sé an chreach sin, ghread sé leis ar fascadh = sionnach
TUILLEADH (2) ▼
M'anam hébrí céard a dhéanfas aonduine go mbeidh S. ar an bhfascadh. Dar mo leabhar dhuit ní eireóidh aon-cheo dhó sin = beidh sé sábháilte; ní thiocfaidh aon-tromachan ná aon-mhilleán air
Bhí muid fhéin ar an bhfascadh san gcogadh seo. Leig muid na cathannaí tharainn.
2.
caomhúint; rúnmhar; cuibhiúil (faoi rúin agus caint).
+
Níl mórán fascadh ionad = caomhúint; níl tú rúnmhar; tá tú béalráidheach, ráiteach nó scéiteach
Shílfeá go mbeadh fascadh ionad thairis sin. An rud nach dtóigfeá as an lathach cuireann tú cosa faoi, agus innsíonn tú don tír é. Ní den chuibhiúlacht a bheith ar an gceird sin
TUILLEADH (2) ▼
Fuair tú amach muise an té a mbeadh fascadh ann. 'Ar ndú' dhá gcuirtheá slat ar pharáiste, ní bhfuightheá fear is cabaí ná é sin
Tuilleadh diabhail aige. Breá nach raibh fascadh ann agus a bhéal a choinneál ar a chéile. Ní scéal rúin é ó a bheidh a fhios ag triúr é. Má bhíonn aon-chás ag duine in a scéal, ná leigeadh sé len a dheasláimh é. Is fada le daoine go bhfagha siad slí chainte
+
Sin é fhéin muis an béal gan fascadh, a bhéal sin; an clab gan fascadh = duine a scéitheas gach uile shórt.
M'anam muise má tá a fhios aige sin é, go bhfuil a fhios ag béal gan fascadh é. Tá sé sin ag imeacht mar a bheadh firéad ann, ag smúracht is 'chuile áit, agus níl claibín muilinn ar bith a chinnfeadh air, má fhaghann sé leigean ar scéal
TUILLEADH (1) ▼
Dún do bhéal anois a chlab gan fascadh. Is gann atá an saol ag dul ort, mara bhfuil aon-údar cainte agad ach an méid sin
·
Is beag fhascadh thú ach an oiread le scéal, a dhul dhá innseacht dó sin. Nachar cuireadh pearúl ort gan caintiú as do bhéal air. Ach is beag an mhaith pearúl a chuir ort. Is fada leat go bhfagha tú rud eicínt len innseacht

Fascadh in iontrálacha eile (33)

 
Cá'r fhága tú an chabhghail! Dar ndóigh, dheamhan fascadh a' bith sa 'seafóidín' sin
 
Is beag a' dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, a's gan fascadh ná dídean aige, ach mar bheadh lorg coise na bó ar a' gcneagaire (Féach "cneagaire")
 
Má tá carcair ghiumhasaighe ann, coinnigh fascadh air, nó ní leat féin í = goidfidhear uait í, má labhrann tú air.
 
bannaí 1
Is beag a' mhaith dhuit bannaidhe béil a chur uirre sin, arae níl fascadh a' bith innte. Is dona na gnaithí a bhí ort é innseacht di chor a' bith.
 
coiric
Marach a raibh sa gcoirricín agham an uair chéadna, ní móide go n-abróchainn tada, ach níl fascadh 'bith ionnam ar mo chuid óil.
 
Dheamhan fascadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde a's buaileadh chuile dheoir ariamh de'n chraobh-mhúr sin orm. 'Séard a bhí do mo speidhreadh ar fad, go raibh sí tuitim mar bheithí dhá dóirteadh as criathar, a's bhí sé 'na scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, a's bhí sé chomh tirm a's dá mba amach ar leaba chlúmhaighe a d'eireochadh sé, a's mise in mo líbín.
+
Sé'n scéal é, níl fascadh in aon-áit ó'n gcramhar báistighe sin, mar sé'n chaoi 'bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agham leigean liom fhéin abhaile, a's an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aithdeal: meastú nar mhaith an beart é?
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a chos a chuaidh ar fascadh fhéin, an uair ba mheasa a bhí an cramhar báistighe indiu. Sin é atá sanntach ag an obair!
 
Bréinleach as éadan é an cúl thiar, arae bhí fascadh ag na gamhna ann i lúibinn a' chlaidhe
 
Tá buinneán mór de chrann fuinnseoige a' fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór a' fascadh dhó é, mara bhfuagruigheann sé an iomarca gála.
 
amach
Níl fascadh 'bith sa gceann sin, má d'innis sé amach é, th'éis gur chuir mé pearbhúl air gan é 'innseacht.
 
Bheadh fascadh beag san anacair, dhá bhféadá thú fhéin a bhrughadh isteach ínnte.
 
fraigh
Ní fhéadfá a dhul isteach go dtí béal na brocaí dhá bhfaightheá Éire bronnta ort. Tá frogh dhriseachaí ar an aill, agus níor mhór dhuit seachtain dhá mbaint di. Nach maith a bhí a fhios aige (sionnach) cá ngabhfadh sé "ar fascadh"
 
fál
Ní raibh fál ná fálach aige le dhul ar fascadh = fascadh ná dídean; áit chosanta
 
Seo níl aon-ghnatha agad fruch frach a theacht ort ar aon-chor. Tá an mhísc déanta anois. Buail isteach go dtí é, agus abair narbh é do chionn tsiocair é, ach go ndeasóidh tú dhó é. Is fhearr sin ná a dhul dhá cheilt air. Gheobhaidh sé amach ar aon-chor gur briseadh é. Níl an oiread fascadh san té a bhris é, agus go bhféadfadh sé a bhéal a choinneál ar a chéile. Innseóidh sé sin don tír é. Is claibín muilinn ceart é
 
Fuar-sceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan fascadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabhail léithi ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír déarfainn nach bhfuightheá aon-ghiodán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agad cén t-ainm a thugadh N. Th. go ndéanadh Dia grásta air uirri: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
 
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
 
Ná bíodh a fhios ag deoruidhe an bhéil bheo anois cá'il tú ag gabhail. Má bhíonn a fhios, déanfaidhear scéala ort agus gabhfaidh sé daor ort. Fainic a gcainteochthá air le B. Sh. Sin fear gan fascadh.
 
dioc
Nach dona na gnaithí atá air, ag gabhail amach ag obair a leithide de lá. Tá sé ar fascadh i lúibinn an chlaidhe anois agus gioc air leis an bhfuacht agus leis an donacht
 
dochar
Is beag an dochar do Ph. fuacht féin a bheith air, thuas annsin ar aghaidh na rithteachta ó mhaidin ins na bárrannaí garbha sin, agus an gála dhá chriathrú. Áit gan fascadh ar bith é. Is maith an clúdadh nar mhór do dhuine a bheith air agus an aimsir atá ann — aimsir choimhigheach críochnuighthe
 
dorcha
Bíonn sí an-dorcha liom, th'éis a bhfuil de theantás aice orm. Ach dheamhan maith ann. Fascadh ar fad í. Níor chaintigh sí amháin liom faoi'n inghin, ná go raibh cuimhne ar bith aice imeacht
 
drad
Dubhradh leis an méid sin a choinneál taobh thiar dhá dhrad, agus dar brigh an leabhair, bhí sé ag gasúir an bhaile trathnóna lár na bháireach. Sin é an fear a bhfuil an fascadh ann!
 
droim
Tá an teach soir amach ar dhruim an chnuic. Tá a fhios ag an lá gur righte an áit a bhfuil sé. Níl fascadh aige ar aon-tsinneán dhá séidfidh as aer
 
dáil
Bhí mé thiar indáil le tigh Sh. an Gh. (nó indáil le ag) nuair a tháinic an múr orm. Chuaidh mé isteach ann ar fascadh
+
Cé'n fáth a dtiubharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Má's dona annseo é tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claidhe ná fál leis, ná fascadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcneagaire
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dheannachtaighe dá dtiocfaidh an lá, bíonn fascadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnuighthe. Ní bheadh a fhios agad dhá dteightheá ar "bhicycle" ins an oíche ann nach amach indiaidh do mhullaigh i bhfiodán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díob
Ná bac le fascadh. Níl fascadh annsiúd ar ghaoith ar bith. Nach bhfuil sé i mbéal an ghairbhshin. Áit díbeartha críochnuighthe é.
+
Níl an fascadh féin ann ní áirighim dídean (fc. fascadh)
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuair muid fascadh ná dídean
'Nuair a theighimse ag cúirtéaracht, ní shásóchadh fascadh chor ar bith mé. Ní mór dom dídean a fháil cho maith. Is breagh an rud brat maith tuighe easca as do chionn féin agus do ghearrchaile mná!
 
Tá an dialúnach de laogh sin thoir indáil le caillte. Mara ndéanaidh sib teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith. Tá sé in a ghuróir thoir annsin i lúibinn an chlaidhe, agus 'chuile dheoir de'n bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoi'n gclaidhe eile ar fascadh
 
díon 1
Go bhféachaidh an t-Athair Síorraí muis ar an gcábán sin, leithide na h-oíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh ins na cupla stráca siúd atá as a gcíonn. Nach mb'fhearr dóib na ceirteacha siúd a dheasú in a dtimcheall, agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúibinn claidhe, áit a mbeadh fascadh aca, ná a bheith annsiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcneagaire
 
dóirt
Teigheamuid ar fascadh. Tá sé in a dhórtadh