frapa
—ainmfhocal, fireann
—prop Béarla
—
a.
maide nó cúnamh a chuirfí faoi rata fabhtach, faoi theach, faoi bhalla, faoi chruaich, faoi choca srl. lena choinneáil suas; gan frapa gan taca.
+–
Cuireadh sé frapaí faoin teach siúd nó is gearr go mbeidh sé anuas ina mhullach. Níl rata ná taobhán ag gabháil leis nach bhfuil dearglofa
Tá frapa fós faoin séipéal. Is cosúil nach bhfuil aon chaoi air
TUILLEADH (3) ▼
Cuir frapa faoin gcoca féir sin amuigh nó tiocfaidh sé i ndiaidh a leataoibhe. Tá leathmhaing soir air
Is gearr nach mór frapa a chur faoi Mh. T. Mhac C. Tá sé tite anuas i ndiaidh a leataoibhe ar fad.
Tá sé caite amach i ndiaidh a mhullaigh. Mura dté frapa faoi is gearr go dtite sé
+–
Dúirt mé amach gan frapa gan taca leis é — gan fiacail a chur ann; dúirt mé leis a raibh fúm a rá gan fuacht gan faitíos; níor choinnigh mé tada siar; ná ní raibh mé ag baint fóideogaí ag an scéal ach a rá lom díreach
Dhá mbeadh sé siúd ag caint le S. Ph. Mh. ar chuma ar bith, sé a d'inseodh dhó cé hé féin, gan frapa gan taca — ní spárálfadh sé é faoin bhfírinne a rá leis
TUILLEADH (6) ▼
Dúirt sé suas lena bhéal é gan frapa gan taca. Dheamhan lascainí muise a thug sé don tsagart ach an oiread is dhá mba fear den bhaile é — he said it bluntly
Ní maith liom cor an fhocail a chur ar an scéal, ná áibhéil ná bréag a dhéanamh. Sin é agat anois é gan frapa gan taca mar a chuala mé féin é
Thug sé murdaróir air. M'anam go dtug, gan frapa gan taca, ach mar atá mise dhá rá leatsa anois
M'anam dhá gcastaí liomsa é go n-inseoinn amach dó gan frapa gan taca gurb eisean a ghoid mo chuid móna. Deile cé a ghoid í: an sconnachán bradach
Dúirt an dochtúr leis gan frapa gan taca go raibh a sheal tugtha. Nach raibh sé chomh maith dhó? Cén mhaith an fhírinne a cheilt ar dhuine nuair nach bhfuil i ndán bisigh dhó?
Nach mb'fhearr dó an rud a inseacht amach gan frapa gan taca ó bhí sé roimhe, ná a bheith ag dul anonn is anall leis mar siúd?
b.
borradh le duine nó cuidiú a thabhairt dó ina chall.
+–
Bhí sé i ngéarchall an uair sin murach gur chuir an deartháir frapa faoi — murach gur chuidigh sé leis; thug sé riar a cháis faoi láthair dó
Is gearr air an cúnamh beag sin a thug an mac dó. Ceo ar bith ach gur frapa é. Coinneoidh sé suas ar ala na huaire é go sroiche tuilleadh cabhair é, ach sin é an méid
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an Loideánach ligthe faoi ach diabhal easna den aisiléirín seo thíos nach bhfáisceann frapa eile faoi agus nach saighdeann é aríst — nuair a bhí an Loideánach claonta as an achrann, shaighid an fear eile é aríst
Bhí an Rúiseach réidh murach gur cuireadh an frapa sin faoi — murach go ndeachaigh Sasana agus Meiriceá do chúnamh dó
Is fadó ariamh nach mbeadh druid aige sin murach a bhfuil de fhrapaí ag dul faoi. Ní túisce suaimhnithe é ná a thosós ceann an réitigh seo thoir aríst ag borradh leis. Is maith an fáth: tá sé dhá choinneáil saighdte in éadan na Micilíní, mar tá an ghráin aige féin orthu, ach ní ligfeadh an faitíos dó drannadh leo ina dhiaidh sin murach an "bulaí" mór
Bhí an scéal fuaraithe agus an troid thart nuair a thosaigh P. ag cur frapaí faoi aríst. Níor mhinic leis an réiteach a bheith san áit a mbeadh an ceann céanna, arsa tusa
frapa in iontrálacha eile (8)
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
→
amach
Dúirt sé amach é gan frapa gan taca — chaith sé an chaint gan coimhthíos gan muisiam ar bith faoi
Má tá a fhios agat é, ná bí ag fosaíocht leis ach inis amach dúinn é, gan frapa gan taca
→
fóideog
Ní dhéarfaidh sé amach leat é gan frapa gan taca chor ar bith, ach tosóidh sé ag baint fóide ag an scéal. Caithfidh sé an-fhada sul má tharraingeos sé anuas ceart é
→
fiacail
Ní chuirfidh mé fiacail ann. Déarfaidh mé amach leat é gan frapa gan taca, tóg orm é nó ná tóg
Ní raibh aon drochshúil aige, ach an dea-chaint a bhí aige. M'anam dhá mbeadh sé ag caint le S. thíos go n-inseodh sé dhó cé hé fhéin gan frapa gan taca. Mo chreach mhaidne is air nach mbeadh an mhoill
Má bhíonn sí ag dilleoireacht le thú a thabhairt in éindí léithe, abair amach gan frapa gan taca léi gur chomaoin duit a dhul in éindí léithe go deimhin! Nuair a d'iarr tusa ar son Dé uirthise a dhul in éindí leat go B. na mB., ba deas an sásamh a thug sí duit. 'Nach beag a bheadh le déanamh agam,' adeir sí, 'a dhul siar go dtí na hamhais bhradacha sin, agus gan a fhios agam nach mé a speireadh le cloich a dhéanfadh duine acu shul má bheinn aniar abhaile aríst.' An scaoinn bhradach!
→
déan i
Ní raibh aon chall maíochtála dhó, ná "déan ann" a rá leis. Rinne sé féin é gan frapa gan taca. Ní raibh aon ugach ag teastáil uaidh san am ar bhuail sé isteach ar na polláirí é