Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Frapa
Ainmfhocal Fireann
prop Béarla
a.
maide nó cúnamh a chuirfí faoi rata fabhtach, faoi theach, faoi bhalla, faoi chruaich, faoi choca etc. len a choinneál suas; "Gan frapa gan taca".
+
Cuireadh sé frapaí faoin teach siúd nó is gearr go mbeidh sé anuas in a mhullach. Níl rata ná taobhán ag gabhail leis nach bhfuil dearg-lofa
Tá frapa fós faoin séipéal. Is cosúil nach bhfuil aon-chaoi air
TUILLEADH (3) ▼
Cuir frapa faoin gcoca féir sin amuigh, nó tiocfaidh sé indiaidh a leathtaoibhe. Tá leathmhaing soir air
Is gearr nach mór frapa a chur faoi Mh. T. Mhac C. Tá sé tuithe anuas indiaidh a leathtaoibhe ar fad.
Tá sé caite amach indiaidh a mhullaigh. Mara dteighe frapa faoi is gearr go dtuite sé
+
Dúirt mé amach gan frapa gan taca leis é = gan fiacail a chur ann; dúirt mé leis a raibh fúm a rádh gan fuacht gan faitíos; níor choinnigh mé tada siar; ná ní raibh mé ag baint fóideógaí ag an scéal ach a rádh lom díreach
Dhá mbeadh sé siúd ag caint le S. Ph. Mh. ar chuma ar bith, sé a d'innseódh dhó cé hé féin, gan frapa gan taca = ní spárálfadh sé é faoin bhfírinne a rádh leis
TUILLEADH (6) ▼
Dúirt sé suas len a bhéal é gan frapa gan taca. Dheamhan lascainí muise a thug sé don tsagart ach an oiread agus dhá mba fear den bhaile é = he said it bluntly
Ní maith liom cor an fhocail a chur ar an scéal, ná áibhéil ná bréag a dhéanamh. Sin é agad anois é gan frapa gan taca mar a chuala mé féin é
Thug sé "murdaróir" air. M'anam go dtug gan frapa gan taca, ach mar atá mise dhá rádh leatsa anois
M'anam dhá gcastaí liomsa é go n-innseóinn amach dó gan frapa gan taca gurb eisean a ghoid mo chuid móna. 'Deile cé a ghoid í: an sconnachán bradach
Dúirt an dochtúr leis gan frapa gan taca go raibh a sheal tugha. Nach raibh sé cho maith dhó? Cén mhaith an fhírinne a cheilt ar dhuine nuair nach bhfuil indán bisigh dhó?
Nach mb'fhearr dó an rud a innseacht amach gan frapa gan taca ó a bhí sé roimhe, ná a bheith ag dul anonn agus anall leis mar siúd?
b.
borradh le duine nó cuidiú a thabhairt dó in a chall.
+
Bhí sé ingéarchall an uair sin marach gur chuir an dreáthair frapa faoi = marach gur chuidigh sé leis; thug sé riar a cháis faoi láthair dó
Is gearr air an cúnamh beag sin a thug an mac dó. Ceo ar bith ach gur frapa é. Coinneóidh sé suas ar ala na huaire é, go sroiche tuille cabhair é, ach sin é an méid
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an Loideánach leighe faoi, ach diabhal asna don aisiléirín seo thíos nach bhfáisceann frapa eile faoi, agus nach saghdann é aríst = nuair a bhí an Loideánach claonta as an achrann, shaghd an fear eile é aríst
Bhí an Rúiseach réidh marach gur cuireadh an frapa sin faoi = marach go ndeachaidh Sasana agus Meiriocá do chúnamh dó
Is fadó ariamh nach mbeadh "druid" aige sin, marach a bhfuil de fhrapaí ag dul faoi. Ní túisce suaimnithe é, ná a thosós ceann an réitigh seo thoir aríst ag borradh leis. Is maith an fáth: tá sé dhá choinneál saghdha in éadan na Micilíní, mar tá an ghráin aige féin orra, ach ní leigfeadh an faitíos dó drannadh leo in a dheidh sin, marach an "bulaí" mór
Bhí an scéal fuaruithe agus an troid thart nuair a thosaigh P. ag cur frapaí faoi aríst. Níor mhinic leis an réiteach a bheith san áit a mbeadh an ceann céanna, arsa tusa

Frapa in iontrálacha eile (8)

 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
 
amach
Dubhairt sé amach é gan frapa gan taca = chaith sé an chainnt, gan coimhthigheas gan muisiam ar bith faoi.
 
Má tá a fhios agad é, ná bí ag fosaíocht leis ach innis amach duinn é, gan frapa gan taca
 
Ní dhéarfaidh sé amach leat é gan frapa gan taca chor ar bith, ach tosóidh sé ag baint fóide ag an scéal. Caithfidh sé an-fhada sul má tharraingeós sé anuas ceart é
 
Ní chuirfidh mé fiacail ann. Déarfaidh mé amach leat é gan frapa gan taca, tóig orm é nó ná tóig
 
Ní raibh aon-droch-shúil aige, ach an deáchaint a bhí aige. M'anam dhá mbeadh sé ag caint le S. thíos go n-innseódh sé dhó cé hé fhéin gan frapa gan taca. Mo chreach mhaidne is air nach mbeadh an mhoill
 
Má bhíonn sí ag dilleoireacht le thú a thabhairt in éindigh léithe abair amach gan frapa gan taca léi gur chumaoin duit a dhul in éindigh léithe go deimhin! An uair a d'iarr tusa ar son Dé uirre-se a dhul in éindigh leat go B. na mB., ba deas an sásamh a thug sí duit. "Nach beag a bheadh le déanamh agam" adeir sí "a dhul siar go dtí na h-amhuis bhradacha sin, agus gan a fhios agam nach mé a speireadh le cloich a dhéanfadh duine aca shul má bheinn aniar abhaile aríst." An scaoinn bhradach!
 
Ní raibh aon-chall maoidheachtála dhó, ná "déan ann" a rá leis. Rinne sé féin é gan frapa gan taca. Ní raibh aon-ugach ag teastáil uaidh san am ar bhuail sé isteach ar na polláirí é