fuarchosach
—aidiacht
—
míthaitneamhach; diúltach; dúnárasach, neamhfháilí.
+–
Tá sé mar sin, ach diabhal a fhios agam ina dhiaidh sin. Tá bealach fuarchosach eicínt leis nach dtaitneodh liom
Drochrath an diabhail air agat! Ní raibh aon ghean ariamh agam air. Duine fuarchosach é. Ní luífeadh mo chroí go deo leis
TUILLEADH (5) ▼
Shílfeá go bhfuil sí an-lách ach ní bhfaighinnse aon tsásamh uirthi ina dhiaidh sin. Chítear dhom go bhfuil sí rófhuarchosach. Chaithfeá a bheith san airdeall ort fhéin i gcónaí léithe. Níl sí fáilí mar a bheadh duine eile.
Ná buail bleid chainte ar bith air sin. Ní mó ná go dtaitníonn sé chor ar bith liom. Tá sé rófhuarchosach, agus an seandall glic fhéin ní dhéanfadh amach cén bealach atá leis. Ach tá a bhealach fhéin leis deirimse leat!
D'fhan sé ansin teáltaithe agam chois an teallaigh agus gan smid ná smeaid aige ach an oiread is dhá mbeadh sé gan aon teanga a bheith ina phluic. B'fhada liom go dteagadh duine eicínt. Chinn orm aon fhocal a bhaint as. Bhreathnaigh sé ar an gclog faoi dheireadh. 'Tá sé in am baile,' adeir sé. Níor dhúirt mé fhéin go raibh nó nach raibh. Is mé a bhí sásta gur chrap sé leis. 'Sé an fear is fuarchosaí dhár shuigh ar mo theallach ariamh é
Dream fuarchosach mar sin ar fad iad. Níl suáilce ná laethúlacht dhá bhfaca tú ariamh iontu
Diabhal mé gur bean bhreá í, agus más ea fhéin, ní fheicim go mbíonn spéis ag aon duine inti. Tá sí rófhuarchosach ar chaoi eicínt