Fuar-chosach
—Aidiacht
—
mí-thaithneamhach; diúltach; dúnárasach, neamh-fháilí.
+–
Tá sé mar sin, ach diabhal a fhios agam in a dhiaidh sin. Tá bealach fuarchosach eicínt leis nach dtaithneódh liom
Droch-rath an diabhail air agad! Ní raibh aon-ghean ariamh agam air. Duine fuarchosach é. Ní luighfeadh mo chroí go deó leis
TUILLEADH (5) ▼
Shílfeá go bhfuil sí an-lách ach ní bhfuighinnse aon-tsásamh uirri in a dhiaidh sin. Chíotar dhom go bhfuil sí ro-fhuarchosach. Chaithfeá a bheith san áirdeall ort fhéin igcomhnaí léithi. Níl sí fáilí mar a bheadh duine eile.
Ná buail bleid chainte ar bith air sin. Ní mó ná go dtaithníonn sé chor ar bith liom. Tá sé ro-fhuarchosach, agus an sean-dall glic fhéin, ní dhéanfadh amach cén bealach atá leis. Ach tá a bhealach fhéin leis deirimse leat!
D'fhan sé annsin teáltaithe agam chois an teallaigh, agus gan smid ná smeaid aige ach an oiread agus dhá mbeadh sé gan aon-teanga a bheith in a phluic. B'fhada liom go dteagadh duine eicínt. Chinn orm aon-fhocal a bhaint as. Bhreathnaigh sé ar an gclog faoi dheireadh. "Tá sé in am baile", adeir sé. Níor dhúirt mé fhéin go raibh nó nach raibh. Is mé a bhí sásta gur chrap sé leis. Sé an fear is fuarchosaí dhár shuigh ar mo theallach ariamh é
Dream fuarchosach mar sin ar fad iad. Níl súáilce ná laethúlacht dhá bhfaca tú ariamh ionta
Diabhal mé gur bean bhreá í, agus má sea fhéin, ní fheicim go mbíonn spéis ag aonduine inti. Tá sí ro-fhuarchosach ar chaoi eicínt
Fuar-chosach in iontrálacha eile (1)
→
deachma
Fág annsiúd ag an deachma í! Bail ó Dhia ort! Ní tú a fuair a h-anró dhá baint. Feamuinn bhreagh chosach í aníos de'n Locháinín Thoir, agus tá cion boirdín an asail ann di. Síos leat agus árduigh aníos í. Tá an iomarca spreallaireacht' ort ar fad. Marach sin, d'fhéadfá í a bheith aníos cheana agad.