fuarlach, forlach
—ainmfhocal, fireann
—
a.
abhainn, claise, sruthán, díoga, loch, tobar, an fharraige srl. sceite amach ina lochán nó ina thurloch ar an talamh.
+–
Tá an garraí siúd thíos snámhta ar fad. Tá fuarlach ar an gcúl thoir agus ar an gcurach láir — é sceite; tuile air
Tá an fuarlach anuas sa gclaise sin thoir. Má níonn sé aon deoir eile anocht, sceithfidh sí amach ar an fataí. Is beag an dochar di fuarlach fhéin a bheith inti agus a bhfuil d'uisce ag teacht uirthi: uisce dhá bhaile
TUILLEADH (4) ▼
Tá fuarlach ar an mbóithrín anseo thíos. B'éigean dom timpeall a chur orm fhéin siar an garraí le theacht abhaile, arae níl díon deoir in mo bhróga
Tá fuarlaigh móra ann de bharr na hoíche
Séard a theastódh an tóchar siúd a leagan agus a athdéanamh as éadan, agus comhla a chur leis. Níl aon uair dhá mbíonn rabharta ann nach mbíonn an súiteán aníos faoi, agus ní fhéadann sé a dhul síos aríst, agus déanann sé fuarlach amach ar an ngarraí
Tá an abhainn an-mhór anois. Is corruair a d'fheicfeá fuarlach anoir ar shrathachaí T. Mhac C., agus tá siad faoi uisce ar fad. Chuaigh mé thart an bealach sin inniu
b.
loch nó tuile liaga bháistí.
+–
Tá fuarlach déanta aige de bharr na hoíche aréir — an-scaird bháistí
Déanfaidh sé forlach anois. Ní iontas ar bith é má níonn fhéin agus chomh seasta agus a bhí an aimsir leis an fhad seo. Cothromacan síne a mhic ó!
TUILLEADH (2) ▼
A dhiabhail tá fuarlach caite aige scáth an t-achar a mhair an ráig sin. Ach shílfeá gur as béal soithigh a bhí sé dhá caitheamh chomhuain is a bhí sí ann
Chaithfeadh sé go bhfuil fuarlach déanta aige (báisteach). Feicim an garraí sin thoir faoi uisce ar fad
c.
scaird mhór ar bith.
·
Ba dona a chruthaigh tú nár fhan thiar. Ní raibh tú ach imithe go díreach nuair a tháinig T. Th. isteach agus bhí fuarlach pórtair ann uaidh sin amach
fuarlach in iontrálacha eile (4)
→
cab
Bhí tuile na habhann an geimhreadh seo caite cab ar chab le barr an chnocáinín sin. Ba in é an fuarlach agat a mhic ó!
→
crúbáin
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar an chúil rófhliuch, agus mura bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrutha, d'éireodh an fuarlach ar na híochtair as éadan agus bheadh an cur ó mhaith.
→
téigh
Is dícéillí an fear thú a dhul an abhainn (trasna na habhann, a dhul an chora) a leithide d'oíche. Beidh fuarlach (forloch) inti anocht, agus is fánach an chaoi a scuabfaí chun bealaigh thú, i bhfad uainn an anachain!