Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Forloch (fuarloch)
Ainmfhocal: Fireann
a.
abhainn, claise, sruthán, díoga, loch, tobar, an fharraige etc. sceite amach in a lochán nó in a thurloch ar an talamh.
+
Tá an garraí siúd thíos snámhta ar fad. Tá fuarloch ar an gcúl thoir agus ar an gcurrach láir = é sceite; tuile air]
Tá an fuarloch annuas san gclaise sin thoir. Má níonn sé aon-deóir eile anocht, scéifidh sí amach ar an fataí. Is beag an dochar di fuarloch fhéin a bheith inti, agus a bhfuil d'uisce ag teacht uirri: uisce dhá bhaile
TUILLEADH (4) ▼
Tá fuarloch ar an mbóithrín annseo thíos. B'éigin dom timpeall a chur orm fhéin siar an garraí le theacht abhaile, arae níl díon deóir in mo bhróga
Tá fuarloigh móra ann de bharr na hoíche
Séard a theastódh an tóchar siúd a leagan agus a aithdéanamh as éadan, agus comhla a chur leis. Níl aon-uair dhá mbíonn rabharta ann nach mbíonn an súiteán aníos faoi, agus ní fhéadann sé a dhul síos aríst, agus déanann sé fuarloch amach ar an ngarraí
Tá an abhainn an-mhór anois. Is corr-uair a d'fheicfeá fuarloch anoir ar shrathachaí T. Mhac C., agus tá siad faoi uisce ar fad. Chuaigh mé thart an bealach sin inniu
b.
loch nó tuile liaga bháistí.
+
Tá fuarloch deanta aige de bharr na hoíche aréir = an-scáird bháistí.
Déanfaidh sé forloch anois. Ní iontas ar bith é, má níonn fhéin agus cho seasta agus a bhí an aimsir leis an fhad seo. Cothromacan síne a mhic ó!
TUILLEADH (2) ▼
A dhiabhail tá fuarloch caite aige scáth an t-achar a mhair an ráig sin. Ach shílfeá gur as béal soithigh a bhí sé dhá caitheamh, chomh uain's a bhí sí ann
Chaifeadh sé go bhfuil fuarloch déanta aige (báisteach). Feicim an garraí sin thoir faoi uisce ar fad
c.
scáird mhór ar bith.
·
Ba dona a chruthaigh tú nachar fhan thiar. Ní raibh tú ach imithe go díreach nuair a tháinig T. Th. isteach, agus bhí fuarloch pórtair ann uaidh sin amach

Féach freisin

Forloch in iontrálacha eile (1)

 
díle 1
Is síorruidhe an mhí bháistighe í. Tá forloch ins chuile áit. Má mhaireann dó ar an gcaoi seo tiocfaidh an Díle thar an Domhan. Ní fhaca mé a leithide de bháisteach ó bhliadhain an bhrosna