fuarú
—ainm briathartha
—
+–
Bruth allais a bhí orm ar ball, ach fuarú allais atá orm anois — allas téachtaithe, allas lagair. Allas "te" é an cineál eile
Bhuail fuarú allais mé, agus níor fhan lúd ná láthar ionam. Diabhal mé gur shíl mé go raibh mé cniogtha go sábhála Dia sinn!
TUILLEADH (2) ▼
Nach bhfuil a fhios agat go maith gur le teann donacht a theagas an fuarú allais sin orm! Deile? Murab ea, ní le maith é. Tá sé do mo chothú ar fad anois. Dheamhan agam ach siúl soir chomh fada leis an doras nuair a bheas an sruth liom
Chaith fuarú allais orm ar feadh saol is aimsir thar éis an fhliú. Agus ní raibh spreacadh an éinín gé fhéin ionam
fuarú in iontrálacha eile (50+)
→
fóir
Níl fuarú ná fóirithint aige inniu ach an oiread le aon lá eile. Ag dul chun donacht atá sé, ach grásta Dé. Is mór m’fhaitíos gur cancer atá air
→
farra
Níl aon dochar in Johnny M. Dheamhan ann ach an farra sin. Gan aird ar bith a thabhairt air, ach cead aige fuarú sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann cheana
→
frapa
Bhí an scéal fuaraithe agus an troid thart nuair a thosaigh P. ag cur frapaí faoi aríst. Níor mhinic leis an réiteach a bheith san áit a mbeadh an ceann céanna, arsa tusa
+
→
fuaraigh
Ag fuarú braiche a bhí sé
TUILLEADH (46) ▼
Coinnigh an láthair mhoirtéil sin fuaraithe go maith — uisce a scairdeadh uirthi
Má tá sé róthe agat, fág ar fuarú ansin go fóill é — le go bfuaróidh sé; le go n-imí an teas as
Leag na fataí sin amach ar fuarú ar an tsráid. Ná bain as an bpota chor ar bith iad
Níor fhága tú sách fada ar fuarú é. Tabhair ionú dhó a dhuine. Tá tú ró-mhífhoighdeach
Ní foláir don iarann sin a bheith ar fuarú seal shula gcuire tú leo é
Ól é sin ar a theas. Ná lig dhó fuarú. Beidh an mhaith imithe as má ligeann
Tá an pórtar seo mulláilte agam duit. B'fhéidir go mbainfeadh sé an slaghdán díot. Ná tabhair cead dó fuarú. I dteas bhainne na bó is fhearr a ól
Ní foláir fuarú a bhaint as na tornapaí sin shula dtuga tú don lao iad
Tabhair fuarú beag ar an luaidhe sin shula gcuire tú ann í
Tabhair fuarú don worm(fuaraigh an worm; cuir fuarú ar an worm srl.) — uisce a chur uirthi
Is furasta a aithinte nach bhfuair an worm fuarú ar bith uaidh. Dheamhan fuarú a rinne an ceann céanna uirthi aon lá ariamh. Sin é an fáth a mbíonn an braon scallta ag greamú dhó i gcónaí — bíonn a chuid poitín scallta i gcónaí cheal gan an worm a fhuarú
Fanadh sé ansiúd ag an doras dúnta anois más breá leis. Gheobhaidh sé cead fuarú ann, agus fuarú go maith freisin. D'iarr mé air a theacht ag an tine faoi dhó nó trí huaire cheana, agus níor thug sé dhom ach cluais bhodhar
Bhí sé ag scairdeadh uisce uirthi agus bhí sí ina caor dhearg ina dhiaidh sin. Is diabhaltaí an fuarú atá ag engine mótair deirimse leat!
Má bhí na clocha sin deargtha chor ar bith tá an-fhuarú acu aríst. Is deacair leo téamh ach is deacair leo fuarú ach oiread
Téirigh amach ar fuarú go fóilleach — ar an bhfionnuartas; le bruth allais, bruth saothair nó a leithide a bhaint díot féin
Siúil amach ag spaisteoireacht. Is fuarú dhuit é. Tá tú sactha istigh ag an tine sin ó mhaidin
Ar snámh a bhí againn a dhul. Ba mhór an fuarú é agus an meirbheadas atá sa lá
Tá fuarú breá anseo chois na habhann. Nach iontach ina dhiaidh sin go mbíonn fionnórtas i gcónaí in aice an uisce
Ní mór dom fuarú a fháil. Oscail an fhuinneoig sin. Tá bruth pórtair orm
Tá fuarú beag gaoithe anois ann — beochan; smeámh gaoithe lá brothallach
Theastaigh an fuarú (gaoithe) sin. Bhí an lá an-mharfánta. Ní fhágfadh sé hump ná hamp i nduine
Éireoidh fuarú leis an gcomhtráth ar ball, agus gabhfaidh muid ag siúl ansin
Deir tú go raibh sé an-mheirbh inniu. Bhí fuarú breá gaoithe ar an bhfarraige. Sin é an áit nach mbainfeadh na cleabhair leat ar chaoi ar bith.
Ní hea ach aghaidh gaoithe agus cúl gréine a theastódh ó dhuine inniu. Dhá mbeadh áit ar bith a mbeadh fuarú gaoithe, is air a thriallfainnse. Tá mé leáite
Bhí scaoileadh orm an tseachtain seo caite ach tá mé fuaraithe aríst — tá seacadh bronn nó triomach orm, níl mé ag oibriú as mo cholainn
Sin é an chaoi a bhfuil mise: bogtha agus fuaraithe gacha le seachtain. Is cuma céard a chaithfeas mé, sé an cás céanna é
Ní raibh sé fuaraithe nuair a bhí siad ag troid faoina chuid — ní raibh a cholainn stromptha thar éis bháis; ní raibh sé fuar
Ní maith a bhíos siad (coirp) fuaraithe anois nuair a bhíos siad sciobtha amach as an teach
Tá sé básaithe. Tá a ghuaillí, a chosa, agus a cheann fuaraithe faoi seo (is dóigh gur as an rann réamhráite a tháinig an leagan seo)
Ní mór daoibh crú a chur ina thosach agus é a leagan amach nó beidh an corp seactha. Tá sé fuaraithe le fada
Ní raibh an chéad fhear fuaraithe os cionn cláir nuair a bhí an darna fear i bhfocal aici!
Shíl siad go raibh sé fuaraithe nuair a bhíog sé aniar chucu aríst sna céadéaga. Labhair sé faoi dhó
Bhí sí (an bhruitíneach) amach maoldearg thríd le cupla lá, ach tá sí fuaraithe inniu — gan í a bheith chomh dearg; é a bheith dhá sú; í ag dul ar gcúl
Bhí íth orm ach tá sí fuaraithe anois
An bhfuil an lot atá ar do chois fuaraithe fós? … Ceadh nach bhfuil? — gafa ar gcúl; an t-othras a bheith imithe as, agus é a bheith i mbéal bisigh nó cneasaithe
An bhfuil na hoighreachaí fuaraithe ort inniu? Is gearr go mbeidh tú amuigh faoin bhfuacht aríst mar sin
Meas tú a bhféadfadh sé fuarú ar bith a fháil ar an bpian atá air — réidh an achair; fóirithint (fc. fóirithint); bodhrú
Níor mhiste liom céard a dhéanfainn ach fuarú a fháil ar na daitheachaí (fiacal)
Tá fuarú breá aige (ón tinneas, pian srl.) ó thráthnóna
Bhí mé ag stróiceadh le pian ar feadh na hoíche ach tháinig fuarú beag dom teacht isteach an lae
An bhfuil aon chosúlacht ar an mbruitíneach fuarú air sin? Tá sé in am sin aici feasta
Is deacair leis an ngrís sin fuarú. Is olc an éadáil atá ort muis. Beidh sí sin (an ghrís) ina leannán agat go bhfeice tú tamall
Bhí an-chaint aige athrú na chéad laethanta ach tá sé fuaraithe as anois. B'fhéidir go bhfuil sé ar a sháimhín só san áit a bhfuil sé
Tá fearg air anois. Lig dó fuarú (as). Ansin téirigh chun cainte leis
Tá na seanamhráin ag fuarú as agus amhráin nua ag teacht ina n-áit — ag imeacht; táthar ag éirí astu
Tá na seanghnásanna sin ag fuarú as anois. Meas tú ar cuireadh aon chrosóg Bhríde suas againne ó d'aistrigh muid go dtí an teach nua? Dheamhan é muis. Tá na daoine atá ann anois rófhaillíoch faoi bhealaigh den tsórt sin