fáinneach
—aidiacht as fáinne
—
troisleánach nó ina lúba (faoin ngruaig amháin).
+–
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúileann fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige ina fháinní aice
Is deas fáinneach atá a cúl cóirithe aici hé brí cé hí fhéin
      
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige chomh fáinneach siúd aici nuair a bheas sí scaitheamh i S. Gh.  Bainfear obair aisti ansin.  Dar fia is dona an mhalrait aici é, agus an cháil airgid atá uirthi, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      fáinne 
                    
                  
                
              
            fáinneach in iontrálacha eile (14)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fáinne 
                  
                  
                    Cuirtear fáinní i muca lena gcoinneáil ó thochailt
                    
                        TUILLEADH (10) ▼
                      
                    
                  
                    Dhá gcaitéa cloch sa bhfarraige dhéanfadh sí fáinní — cineál sciotar uisce nó lonnaí a theagas san uisce.  Bíonn siad ag leathnú amach
                    Tá fáinní ar an uisce.  Bradán atá ann leis an lonnadh sin
                    Thit an breac den duán orm síos sa bpoll aríst.  Ní raibh an oiread carghais ariamh orm lena raibh orm ag breathnú air ag déanamh fáinní ar bharr an uisce
                    Tá fáinní ina cúl sin — lúba gruaige; troisleáin; bachaill ghruaige
                    Bíonn a cuid gruaige ina fáinní aici i gcónaí.
                    Bhí sé ag gearradh fáinní le olc — ag gearradh bogha; duine a mbeadh an-fhearg nó an-chuthach air
                    Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir anseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
                    Ara a dheartháir mo chroí thú, dhá bhfeictheá é!  Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar fair play.  Ara ag magadh faoi a bhí muid
                    Bhí sé ag gearradh fáinní ar fud an tí aríst anocht.  Taghd eicínt a cuireadh air inniu.  Changlódh sé fóthannán fireann le díocas oilc
                    Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ullmhúchan achrainn.  Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin.  M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fáinnigh 
                  
                  
                    Tá sé againn ó d'fháinnigh an lá.  Chuir sé inár suí muid
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Níor stop an damhsa nó gur fháinnigh lá
                    
                    →
                    anuas 
                  
                  
                    "Leagadh anuas chugainn bord a raibh gloiní agus cárt air; agus cúilín fáinneach le m'ais ina suí" (Máire Ní Eidhin — Raiftearaí)