Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
féans
ainmfhocal
iolra é mar atá sé.
is cosúil gur focal Béarla é — fiends?
siad na féans an chuid deiridh den fuisce a theagas as an stil. Fanann siad i ndiaidh na dúblála sa bpota. De réir mar a bhíos an dúbláil ag teacht, bíonn na stiléaraí ag caitheamh braonachaí di ar an tine féachaint an lasfaidh sé. Ar an bpointe agus nach dtiocfaidh aon lasair air, ní ligfidh siad níos mó thríd an worms mar níl fágtha sa bpota an uair sin ach féans. Nimh chríochnaithe na féans agus dhá dtéadh brí dhíobh thríd an bpoitín, chuirfeadh sé ó mhaith é. 'Siad na féans a tharraingt thríd an bpoitín a mhilleas é go hiondúil. Níl leas ar bith sna féans. Deirtear gurb ón eorna iad

féans in iontrálacha eile (1)

 
driog
Ar an dá luath is ar ól mé an phosóid, b'éigean dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon cheo a chur aniar. Séard a thosaigh ag teacht orm, driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. An bhfuil a fhios agat céard a rinne maith dhom sa deireadh. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'iontaigh mo ghoile. Más poitín a bhí ann, ba é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait