Féans
—Ainmfhocal
—Iolraidh é mar atá sé.
—Is cosúil gur focal Béarla é. "Fiends?"
—
siad na féans an chuid deireadh den fuisce a theagas as an "stil". Fanann siad indiaidh na dúblála san bpota. De réir mar a bhíos an dúbláil ag teacht, bíonn na stiléaraí ag caitheamh braonachaí di ar an teine féachaint an lasfaidh sé. Ar an bpuinnte agus nach dtiocfaidh aon-lasair air, ní leigfidh siad níos mó thríd an "worms", mar níl fágha san bpota an uair sin ach "féans". Nimh chríochnuithe na féans agus dhá dteigheadh brí dhíob thríd an bpoitín, chuirfeadh sé ó mhaith é. Siad na féans a tharraint thríd an bpoitín a mhilleas é go hiondúil. Níl leas ar bith sna féans. Deirtear gurb ón eórna iad /
Féans in iontrálacha eile (1)
→
driog
Ar an dá luath agus ar ól mé an phasóid, b'éigin dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon-cheo a chur aniar. Séard a thosuigh ag teacht orm driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. 'Bhfuil a fhios agad céard a rinne maith dhom ins an deire. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'ionntuigh mo ghoile. Má's poitín a bhí ann badh é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait