féarach
—fireann
—
talamh féir a chíosú le daoine i riocht is go gcuirfidís eallach ann achar áirid.
a.
+–
Tá féarach ceannaithe aige ó Mh. — talamh le beithígh a chur air; grazing
Cé mhéad a thug tú ar an bhféarach i mbliana?
TUILLEADH (5) ▼
An gcuirtear caiple féarach ar bith go B. U. anois?
Theagadh an cuimse beithígh féarach amach anseo as Árainn fadó, ach dheamhan ceann ar bith anois
Bíonn an lá cairde istigh Lá Fhéil Mhuire na Féile Pádraig. Má bhíonn féarach agat caithfidh tú a fhágáil an lá sin
Sílim go gcuirfidh mé na cupla bullán sin ar féarach i mbliana
Ba cheart dó a cur (an bhean) ar féarach tamall go bhfeiceadh sé leis — ní raibh an lánúin ag teacht le chéile rómhaith; tá sé i gceist go mbeadh sí ar a nádúr fhéin dhá mbeadh sí dealaithe uaidh-sean
b.
+–
Mise a d'íoc an féarach ar chaoi ar bith — mise a d'íoc sa téiléireacht; pé ar bith cé a rinne an fhoghail mise a d'íoc ann
Thóg an inín gach is a bhfuair sí sna siopaí ach an t-athair a d'íoc an féarach — he had to pay the piper
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan a fhios cé a bhuail é, ach ba é J. B. a fhóbair an féarach a íoc. Chaith na póilíos trí lá ina éadan dhá cheisniú
Íocfaidh sé an féarach fós. Más feall fillfear, adeir siad — íocfaidh sé ann; bainfear díoltas dhe ina dhrochghníomh
Níor thuill mise chor ar bith uaidh é, ach is mé a d'íoc an féarach ina dhiaidh sin
M'anam go bhfeicfidh tú nach mbeidh B. tada siar leis. Íocfaidh duine eicínt an féarach. Airgead na n-óinseach, adeir siad, a choinníos bróga ar bhean an phíobaire. Má chuaigh sí sin faoi chostas óil, bainfidh sí siar as duine eicínt eile é. Beidh sí gnóiteach leis, creid mise dhuit ann
Má bhriseann tú an ghloine sin, íocfaidh tú an féarach
féarach in iontrálacha eile (7)
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
+
→
cíosaigh
Bhí cupla bodóg ar féarach agam aige anuraidh agus tá sé thar am é a chíosú leis. D'aithneoinn ar a bhruas chuile áit dá gcasann sé liom, go bhfuil sé ag súil leis, agus leis an gceart a dhéanamh, d'fheilfeadh sé é a thabhairt dó lá ar bith feasta.
TUILLEADH (1) ▼
Thug mé féarach dhá cholpa dhó anuraidh, agus dheamhan saoradh ná séanadh a thabharfadh sé dom faoina gcíosú liom. Meas tú nach éard adúirt sé an uair dheiridh a d'iarr mé air é, go raibh binn aige fhéin ar an sliabh chomh maith liomsa!
→
deis
Chuala mé gur mór a thug sé anuas i ndeis le gairid. Chonaic mise é sin scaitheamh agus ní raibh aon fhear — ba chuma sa mí-ádh cé hé féin — i gC. Fh. nach leagfadh sé amach punt ar an bpunt leis. Bhíodh leath na dtamhnachaí sin suas ar cíos nó ar féarach aige an uair sin. B'fhada a chaith T. Sh. ag maoirseacht dó i dT. an L. Níor mhaith dhuit maoirseacht a shamhlú le T. inniu. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Ag tuile agus ag trá a chaitheas sé an lá
→
díol 2
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh le na hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith