Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Féarach
fireann
talamh féir a chíosú le daoine i riocht agus go gcuirfidís eallach ann achar áirid.
a.
+
Tá féarach ceannuithe aige ó Mh. = talamh le beithigh a chur air; grazing
Cé mhéad a thug tú ar an bhféarach i mbliana?
TUILLEADH (5) ▼
An gcuirtear caiple féarach ar bith go B. U. anois?
Theagadh an cuimse beithigh féarach amach annseo as Árainn fadó, ach dheamhan ceann ar bith anois
Bíonn an lá cáirde istigh lá Fheil' Mhuire na Féile Pádraig. Má bhíonn féarach agad caithfidh tú a fhágáil an lá sin
Sílim go gcuirfidh mé na cupla bulán sin ar féarach i mbliana
Ba cheart dó a cur (an bhean) ar féarach tamall go bhfeiceadh sé leis = ní raibh an lánúin ag teacht le chéile ro-mhaith; tá sé i gceist go mbeadh sí ar a nádúr fhéin dhá mbeadh sí dealuithe uaidh-sean
b.
+
Mise a d'íoc an féarach ar chaoi ar bith = mise a d'íoc san téiléaracht; pér bith cé a rinne an fhoghail mise a d'íoc ann
Thóig an inín gach agus a bhfuair sí sna siopaí ach an t-athair a d'íoc an féarach = he had to pay the piper
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan a fhios cé a bhuail é, ach ba é J. B. a fhobair an féarach a íoc. Chaith na póilíos trí lá in a éadan dhá cheisniú
Íocfaidh sé an féarach fós. Más feall fillfear, adeir siad = íocfaidh sé ann; bainfear díoltas dhe in a dhroch-ghníomh
Níor thuill mise chor ar bith uaidh é, ach is mé a d'íoc an féarach in a dheidh sin
M'anam go bhfeicfidh tú nach mbeidh B. tada siar leis. Íocfaidh duine eicínt an féarach. Airgead na n-óinseach, adeir siad, a choinníos bróga ar bhean an phíobaire. Má chuaigh sí sin faoi chostas óil, bainfidh sí siar as duine eicínt eile é. Beidh sí gnóiteach leis, creid mise dhuit ann
Má bhriseann tú an ghloine sin, íocfaidh tú an féarach

Féarach in iontrálacha eile (7)

 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
+
Bhí cupla budóg ar féarach agam aige, anuiridh, a's tá sé thar am é 'chíosú leis. D'aithneochainn ar a bhruas 'chuile áit dá gcasann sé liom, go bhfuil sé súil leis, agus leis a' gceart a dhéanamh, d'fheilfeadh sé é 'thabhairt dó, lá 'bith feasta.
TUILLEADH (1) ▼
Thug mé féarach dhá cholapa dhó anuiridh, a's dheamhan saoradh ná séanadh a thiubhradh sé dom, faoi na gcíosú liom. Meastú nach h-éard adubhairt sé an uair dheire a d'iarr mé air é, go raibh binn aige fhéin ar a' sliabh chomh maith liomsa!
 
Tá an talamh leigthe amach ina fhéarach aige = suidhte le h-aghaidh beithidhigh féaraigh.
 
deis
Chuala mé gur mór a thug sé anuas indeis le gairid. Chonnaic mise é sin scathamh agus ní raibh aon-fhear — ba chuma ins an míádh ché hé féin — i gC. Fh. nach leagfadh sé amach punt ar an bpunt leis. Bhíodh leath na dtamhnachaí sin suas ar cíos nó ar féarach aige an uair sin. B'fhada a chaith T. Sh. ag maorsacht dó i dT. an L. Níor mhaith dhuit maorsacht a shamhlú le T. indiu. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Ag tuileadh agus ag trághadh a chaitheas sé an lá
 
"Dhá chluais choinín i dtuimín fhéarach" (as rann páiste)
 
díol 2
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith