físeachaí
—ainmfhocal san uimhir iolra amháin
1.
+–
Fuair sé na físeachaí (agus na pínneachaí corra) — an méid a thuill sé agus tuilleadh lena chois; an teanga; sciolladh; lascadh; greadadh buailte; cáineadh; hinsíodh dó cé hé féin srl.
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí ina dhiaidh air ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
TUILLEADH (5) ▼
Gheobhaidh tú na físeachaí agus na pínneachaí corra má chloiseann t'athair thú ar an gcaint sin. Feicfidh tú fhéin air go dtabharfaidh sé siúd luach do chuid gráiscínteacht duit
Ná raibh Dia leis anois mura bhfuil na físeachaí agus na pínneachaí corra aige de bharr a aistir! A theacht aniar anseo ag ropaireacht i ngeall ar uan a dhul thar claí air! Agus a chuid beathach féin i bhfoghail orainne chuile ré solais!
Ná cuir araoid ar bith air sin. Sin é úll na haithne. Dar príosta má chuirinns (má chuireann tú) ní leat a ghabhfas. Tá marú duine air sin. Tabharfaidh sé na físeachaí agus an pínneachaí corra dhuit feicfidh tú fhéin air.
Chuir an dreoláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnta an staicín anois é a dhul ag dréim le bullies!
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agat ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil dea-chaint agat! Is beag an ghair atá agat air siúd
2.
+–
Tabharfaidh mé faoi na físeachaí dhuit é — tabharfaidh mé faoi na foraí dhuit é; gheobhaidh tú garbh é; tabharfaidh mé trom téagarthach dhuit é. Is cosúil gur cuid eicínt den cholainn "na físeachaí" sa gcás seo
Bhí dúil aige a thabhairt faoi na físeachaí do Sheán murach gur chosnaíodh air é. Tuilleadh diabhail ag Seán. 'Sé a bhí sé a thuaradh dhó fhéin!
TUILLEADH (1) ▼
Tabharfaidh sé siúd faoi na físeachaí dhuit é má fheiceann sé an féar taltaithe. Mar sin, fan amach as.