Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Físeachaí
Ainmfhocal san Uimhir Iolraidh amháin
1.
+
Fuair sé na físeachaí (agus na pínneachaí corra) = an méid a thuill sé agus tuilleadh len a chois; an teanga; sciolladh; lascadh; greadadh buailte; cáineadh; hinnsíodh dó cé hé féin agus rl.
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí in a dhiaidh air, ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
TUILLEADH (5) ▼
Gheobhaidh tú na físeachaí agus na pínneachaí corra má chloiseann t'athair thú ar an gcaint sin. Feicfidh tú fhéin air go dtiúrfaidh sé siúd luach do chuid gráiscínteacht duit
Ná raibh Dia leis anois mara bhfuil na físeachaí agus na pínneachaí corra aige de bharr a aistir! A theacht aniar annseo ag ropaireacht ingeall ar uan a dhul thar claidhe air! Agus a chuid beithioch féin i bhfoghail orainne 'chuile ré solais!
Ná cuir araoid ar bith air sin. Sin é úll na haithne. Dar príosta má chuirinns (má chuireann tú) ní leat a ghabhfas. Tá marú duine air sin. Tiúrfaidh sé na físeachaí agus an pínneachaí corra dhuit feicfidh tú fhéin air.
Chuir an dreolláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnda an staicín anois é, a dhul ag dréim le "bullies"!
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agad, ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil deá-chaint agad! Is beag an ghoir atá agad air siúd
2.
+
Tiúrfaidh mé faoi na físeachaí dhuit é = tiúrfaidh mé faoi na foraí dhuit é; gheobhaidh tú garbh é; tiúrfaidh mé trom téagarach dhuit é (is cosúil gur cuid eicínt den cholainn "na físeachaí" san gcás seo)
Bhí dúil aige a thabhairt faoi na físeachaí do Sheán, marach gur chosnaíodh air é. Tuilleadh diabhail ag Seán. Sé a bhí sé a thuaradh dhó fhéin!
TUILLEADH (1) ▼
Tiúrfaidh sé siúd faoi na físeachaí dhuit é má fheiceann sé an féar talltaithe. Mar sin fan amach as.

Físeachaí in iontrálacha eile (1)

 
Gheobhaidh sí na físeachaí agus na pinneachaí corra faoin dallán anocht!