fóideog
—ainmfhocal, baineann.
—
is éiginnte an chiall atá le fóideog ná le fód nó fóidín. Ciallaíonn fóideog go hiondúil, fód míchuimseardha móna, spreab mhíchuimseardha den láí, toirteogaí beaga srl. Is mó é ná fód ná fóidín. Dar ndóigh is créafóg nó sraith den talamh i gcoitinne a chiallaíos fód go minic, fc. fód.
a.
·
Baineann sé ina fóideogaí móra í (móin), agus ní thriomódh grian na nIndiachaí ina dhiaidh í
b.
+–
D'aithin mé ar an bpointe gur ag baint fóideogaí chuig (ag) an scéal a bhí sé — ag baint fóide nó spreabanna;; ag tosaí ag tarraingt anuas an scéil, nó ag ligint an scéil chugat; broaching the matter
Ná bí ag baint fóideogaí chor ar bith anois, ach abair amach a bhfuil le rá agat. Ní call a theacht ar bhoird chuige chor ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Ní dhéarfaidh sé amach leat é gan frapa gan taca chor ar bith, ach tosóidh sé ag baint fóide ag an scéal. Caithfidh sé an-fhada sul má tharraingeos sé anuas ceart é
Chomh luath agus a thosaigh sé ag baint na bhfóideogaí, bhí a fhios agam féin cén fruisín a bhí in áirid dom agus chrap mé liom ar an toirt. Ghlaoigh sé orm cupla uair, ach níor lig mé orm fhéin gur chuala mé beag ná mór é.
Ní raibh mé achar ar bith ag caint leis nuair a thosaigh sé ag baint fóide faoin bpump. Ach d'fháisc mé fhéin ag marcaíocht ar an mbicycle agus d'fhága mé ansin é. Síleann sé fós gurb agamsa atá sé