Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
idir chamánaí
gan réiteach, gan roinnt, gan socrú, ar forbhás, ar plé (Íochtar Chonamara agus Cois Fharraige).
+
Tá an fheamainn idir chamánaí fós — níor roinneadh í; níor dearnadh leitheachaí de
An bhfuil an scéal sin idir chamánaí fós — cheal nach bhfuil an scéal sin socraithe
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan (dhiún) a féidir go bhfuil an chúis sin fós idir chamánaí — nach bhfuil breith tugtha uirthi nó í réitithe
Is fada an dlí sin idir chamánaí, pé ar bith caoi a rachaidh sé as a dheireadh — is fada dá phlé é, pé ar bith cén réiteach a dhéanfar air i ndeireadh na scríbe

idir chamánaí in iontrálacha eile (5)

+
imirt
Cé mhéad a bhí idir chamánaí san imirt? — cé mhéad airgid a bhí in iomlán na ngeall a bhí curtha
TUILLEADH (1) ▼
Bhí suas le punt ar an gclár as deireadh na himeartha: bhí punt idir chamánaí agus an imirt ag tarraingt ar a deireadh
 
istigh
B'fhada a bhí sé idir chamánaí, ach is bun istigh é ina dhiaidh sin — fhóbair an bun a dhul amach, ach ní dheachaigh
 
Chaith sé an-fhada idir chamánaí nó go ndeachaigh mé féin síos chucu faoi dheireadh agus faoi dhó, agus gur fhiafraigh mé dhíobh céard a bhí fúthu a dhéanamh leis, agus é a chur ar thaobh eicínt …
 
domlas
Bhí capall agamsa anseo uair: Ceannfhinn a bhí uirthi. Cailleadh í leis an domlas mór. B'fhada a bhí sí idir chamánaí agus gan fios ar theacht nó imeacht di. Ach níor dhúirt an luí fada bréag ariamh. D'imigh sí sa deireadh