Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imir
1.
imrítear cártaí, screaga, cleasa leanbh (fearacht folach bhíog, airgead srl.) ach buailtear liathróid agus báire. Déantar cleasanna agus cleis tórraimh.
a.
+
An bhfuil aon rath leis ag imirt chártaí?
An raibh mórán ag imirt chártaí aréir?
TUILLEADH (3) ▼
Imir leat — duine a bhuafadh an chúig roimhe sin déarfadh imreoir eile leis tabhairt aríst
Imir as do láimh fhéin — déarfaí é nuair a bheadh duine ag cur iomarca cronaí i gcártaí na n-imreoirí eile, agus rómhuiníneach as a pháirtí, agus nach mbeadh sé 'baint a dhóthain leasa as a chuid cártaí féin.
Imreoidh mé anois ar do dhícheall — dhá fheabhas na cártaí atá agat anois, sáróidh mise thú (deirtear i gcéill b. é freisin)
+
Cén sórt imirt a thug tú orthub? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtí — níor dhrann sé le cártaí duine den chomlán a bhí ina aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin
Bhí an-chóisir mámhaisí agat ach níor chuir tú cuma ar bith imeartha orthu — bhí go leor mámh agat ach níor thug tú imirt na muice orthu
TUILLEADH (4) ▼
Rinne tú drochimirt ansin. Tuige nár lom tú an cíonán — níor imir tú ceart iad; tuige nár thug tú an cíonán
A dhiabhail álainn! Tuige nach mbíonn tú san airdeall ar an imirt — tuige nach bhfaireann tú na cártaí a thagas le clár
Lig tú don imirt a dhul amach — nuair a dhéanfadh duine drochimirt i ngan fhios nó i gcomhfhios, agus go dtiocfadh an bun amach nó go mbuachfadh comlán eile an cluiche
Is fearr mac le himirt ná mac le hól (seanfhocal)
b.
·
Is leat an chúig sin. Imir aríst — nuair a bhéarfadh duine gearr nó greamannach ar dhuine eile i gcaint nó i sáraíocht déarfaí seo leis an duine a rug; déarfaí é le duine abartha a bheadh in ann brabach a fháil ar chaint chuile dhuine, nó gob maith a thabhairt uaidh, nó a mbeadh bua nathaíochta aige
Dar príosta, is leat imirt aríst — nuair a bheadh daoine ag sáraíocht agus a thabharfadh duine do lucht na sáraíochta gob nó sáiteán maith uaidh, déarfaí sin leis. Deirtear é freisin nuair a bhíos iondúirí nó rianóirí ag cur tomhaiseanna agus ceisteanna greamannacha ar a chéile
c.
·
D'imreodh sé chúig chárta lena leithide ar bith — bheadh sé in ann a cheart a bhaint amach in aon chomhluadar nó in aon chúrsa; bheadh sé síos nó suas le duine ar bith dhá chleasaí; chuirfeadh sé dallamullóg ort, théis do dhíchill, in aon mhargadh nó in aon phlé a bheadh agat leis
2.
dobeart a bhualadh ar dhuine.
+
D'imir sé orm — bhuail sé dobeart nó cleas orm; chuir sé an chluain Mhuimhneach orm; bhain sé mealladh asam; dallamullóg nó dalladh púicín
Tá mámh níos fearr ná an cíonán agat, más leat imirt ormsa — má tá fút an chluain a chur ormsa, ní foláir dhuit a bheith fíoraigeanta fíorealaíonta amach is amach
TUILLEADH (3) ▼
D'imreodh sé ar rí na méaracán — duine a bheadh an-ghlic amach is amach agus a bheadh maon a bheart a tharraingt in áit, i gcomhluadar, nó i gcúrsaí ar bith; duine a mbeadh an dobeart nó an chleasaíocht nó an chaimiléireacht ann
Ní imreodh rí na méaracán air
Tá sé fánach agat a bheith ag ceapadh go n-imreoidh tú ar siúd
·
D'imir sé an cluiche claonach orm — rinne sé dobeart, caimiléireacht, nó cneámhaireacht orm. Fear a d'imreodh ar dhuine eile faoi mhargadh nó faoi ghealladh ar bith, déarfaí leis é. Déarfaí le bean freisin é a chuirfeadh cluain ar fhear agus a d'fhágfadh ar an trá thirim ansin é, gan Murchadh gan Mánas
"D'imir tú an cluiche claonach orm; Is lách éadrom a bheas mo dhéileáil leat" (seanamhrán — Gabha Ceardchan)

Féach freisin

imir in iontrálacha eile (50+)

 
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Faigh cearrbhach eicínt eile anocht. Théis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
 
Tá sé fánach ag aon duine a bheith ag ceapadh go bhfaighidh sé an ceann is fhearr uirthi siúd. Is beag an baol. Tá sí siúd ró-imeartha
 
Chaith mé an oíche ag breathnú air ag caidhleadh (nó ag cadhladh) suas na bpínneachaí. 'Sé a chrap leis a raibh san imirt — bhí sé ag gnóthachtáil, agus é ag cur pínneachaí ina gcual i mullach a chéile.
+
caidhl
Dheamhan an féidir go bhfuil an chaidhl sin gnúite (gnóite) agat ó thosaigh tú ag imirt?
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr le dhul í mar chaidhl nuair a athraíonns an imirt — nuair a thosódh an imirt ag dhul in t'aghaidh
Chaithfeadh sé go raibh imirt láidir ag ceann an bhóthair inniu agus an chaidhl leathchorónachaí a chonaic mé ann
 
baile
Dhá mbeadh an imirt ag teacht chomh fada liomsa, dar mo choinsias, d'fhanfá sa mbaile le do rí aríst!
 
bannaí 1
Má théann tú i mbannaí déan díol. Is minic adeireadh P. Mh. Mh., go ndéana Dia grásta air é, agus má deireadh fhéin, bhí údar aige. D'imir S. Ch. ar fhéin faoi airgead a ndeachaigh sé i mbannaí air sa mbainc babhta.
 
Tá bealach deas glan aige má thugann sé aire dhó, ach is iomaí duine níos críonna ná é ar imir an t-ól air.
 
beanna
Tá mámh níos fhearr ná an cíonán agat má thugann tú do bheanna leat an babhta seo. Is fada mise i do dhiaidh, ach tá tú agam sa deireadh ar chlár na himeartha — duine ag bagairt díoltais ar dhuine eile a raibh sé ag iarraidh deise a fháil air le fada roimhe sin.
 
Dhá bheartaí é, ní imreoidh sé an cluiche claonach ormsa.
+
beart
Cén ghnaithe atá agatsa i measc daoine mura bhfuil tú in ann do bheart a tharraingt? Imreofar ort gan stró ar bith má bhíonn tú ar an tseafóid sin i gcónaí.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan cinneadh ar bith leis más sin é an beart a shíl sé a imirt ort.
Is maith beachtaithe an mac é D., ach dheamhan gair a bhí aige ina dhiaidh sin imirt ar Sh. Bh., ainneoin nach cheal a shaothraithe é. Chaith sé an bhliain ag cur beart ina shuí le n-imeartas air agus chinn air ina dhiaidh sin.
Tá sé chomh himeartha, chomh healaíonta, lena bhfaca tú ariamh, agus, agus ainneoin sin is uileag, is beag beart ar bith nach dtéann ina aghaidh.
 
crinn
Ní raibh ciall ar bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sibh fhéin agus an bád eile ag crinneadh a chéile. Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin, scód a thabhairt di. Ní raibh baol ar bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dté sibh ar chlár na himeartha. Ní fhanann fuis nó fais oraibh ansin.
 
cuntas
Dheamhan cuntas ar bith atá tú in ann a choinneáil in imirt — ní bheifeá in ann an t-airgead ná an bonn a chomhaireamh.
 
beo 1
Sin í a cheird — ag imirt chártaí — chuile oíche beo.
 
beo 2
Dheamhan oíche lena bheo aríst, théis na hoíche sin, a d'fhan sé amuigh ag imirt chártaí i ndiaidh an deich a chlog.
 
Do cheann fhine ní fhéadfadh a dhul sa mbile buaic ar an dream sin, tá siad chomh himeartha sin.
+
biorach 1
Sin í an imirt agat, mo chreach! An bhanríon a ligean isteach biorach faoi fhear folamh agus an bun ag gabháil amach
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú! Scaoil tú an fear seo thall isteach biorach ag a pháirtí, agus a fhusacht duit an seaichtín salach a bhí aige a bhualadh!
Shíl mé go dtiocfadh an bhanríon timpeall biorach agus bheadh titim imeartha agam ansin leis an gcuileata, arae bhí drámhaisí ar fónamh agam. Ina leaba sin, is amhlaidh a bhánaigh mé mé fhéi, ag gabháil san áit nár bhain dhom.
 
bocht 1
Má tá sé folamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nár ghnóthaigh oiread agus cluiche ó shuigh sé anocht ag clár na himeartha.
 
bogán
Shiúil an bogán de phóilí, atá thíos ansin tigh an Ch., anall chugainn agus 'sé dúirt go beo drochmhúinte nach raibh aon chead againn a bheith ag imirt ar an mbóthar.
+
Tá briotais eicínt aige le na cártaí go bhfuil bua imeartha aige i gcónaí.
TUILLEADH (2) ▼
Tá briotais eicínt aige leis an imirt go ngnóthaíonn sé ar chuile dhuine.
Níl aon ghnaithe agat a dhul i nglacamas lámh leis siúd. Imreoidh sé ort le teann briotaise.
 
bruach
D'imreodh sí sin ort os comhair do dhá shúl. An bhfeiceann tú an iomlaíocht atá uirthi anois? Oíche in éindí le Seán, agus oíche eile le Máirtín i ngan fhios dó. Is beag dhá cuid aisiléireacht é, greim a choinneáil ar an dá bhruach.
+
aer
Bhíodh togha imirt ansin muis, nó gur caitheadh in aer í.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon oíche san aer nach ndéanann siad geábh imeartha.
 
Chuala mé go raibh sé ina bhruithshléacht aige anseo thíos aréir i ngeall ar imirt. Bhí sé ag déanamh amach go raibh daoine ag déanamh comharthaí dhá chéile ag an gclár.
+
Ba himeartha an mac é, má b'fhíor dhó fhéin, agus breá gur buaileadh an agóid air ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
D'imir siad an cluiche claonach ceart go leor air. Murach gur imir, ní bhuailfidís an bhean air.
+
buail
Tá na heascannaí sin an-imeartha, an-bheachtaithe go deo. Íosfaidh siad an baoite agus dheamhan a mbuailfidh siad an duán ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bualadh na banríona agam, ach scaoil mé léithe ag faireadh ar thitim imeartha.
+
buille
Tá sé imeartha. Is deas a chuir sé as mo bhuille mé agus mé siúráilte go raibh liom.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaigheann sé buille bog ar bith ionat, imreoidh sé ort de do mhíle buíochas. Dhá bhríthin sin, is fhearr dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin in am.
 
Dhá airdeallaí dhá mbeidh tú, imreoidh siad ort, cuirfidh mise geall.
 
aire
Dhá mbeadh conairteacha nimhe i chaon cheann di ag tabhairt aire dhi, tá cuid de na daoine chomh himeartha agus go ngoidfidís í ina dhiaidh sin
+
amach
Imir amach cártaí — imir leat iad
TUILLEADH (1) ▼
Caitheadh imirt in aer amach is amach.
+
Bainfidh an imirt chéanna cabaireacht amach as a dheireadh.
TUILLEADH (1) ▼
Bhain muid tamall amach ag imirt i dtús oíche.
+
anuas
Leag sé anuas paca cárta agus d'ionsaigh orainn ag imirt go raibh sí ionann is ina lá gheal.
TUILLEADH (1) ▼
Ó shin anuas, níor imir mé fhéin aon chárta ó bhainfeadh sé an dó dhéag.
 
folamh 1
Imrígí libh! Tá mise folamh — níl aon mhámh agam
 
Is mór an fhosaíocht a bhí agat léithe nár chuir isteach faoi Sh. í agus bheadh titim imeartha agat aríst. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú — imreoir a choinnigh an t-aon a hairt rófhada ina ghlaic
+
Tá sé an-imeartha — glic, críonna, in ann dobeart a dhéanamh; in ann a bheart a tharraingt
TUILLEADH (1) ▼
'Sé is imeartha dá bhfuil sa tír