imleach
—
talamh bog ar bhord farraige, locha nó abhann. Go hiondúil bíonn sé faoi locháin muran moing é. Cloistear é go minic in ainmneachaí áiteachaí. .i. na hImleachaí in aice abhann na gCnoc ar an teorainn idir Pobal Mhaigh Cuilinn agus Pobal an Spidéil, "Imleach Rua" i gceantar an Chlocháin srl. Tugtar, amantaí ar thalamh ar bhruach na farraige é agus gan de chéill leis ach talamh ar bhruach na farraige.
+–
Bhí na beithígh ar na himleachaí
Níl mórán sractha ar na himleachaí sin siar anois, arae tá siad sceite fré chéile — níl mórán tiomsachta ná cuid le n-ithe orthu, arae tá an fuarlach orthu
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ina chónaí thíos in imleach farraige — ar bhruach farraige