Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
iúr
cineál crainn.
·
Domhnach an Iúir — an Domhnach roimh Dhomhnach Cásca. Roinneann an sagart an t-iúr ar na bpobal an lá sin
Nuair a thiocfas an t-iúr roimh an eadartha, deireadh na seandaoine gur ghearr uainn cogadh — nuair a thiocfas Domhnach an Iúir roimh Lá Fhéile Pádraig, ba tuar cogaidh é

iúr in iontrálacha eile (5)

 
"Díogha gach síon sioc más buan; díogha na coille iúr agus fearnóg; díogha na ndaoine drochbhean", srl.
+
Domhnach an Iúir — an Domhnach roimh Dhomhnach Cásca. Roinntear an t-iúr an Domhnach sin
TUILLEADH (2) ▼
'Sé an Domhnach seo chugainn, Domhnach an Iúir (Domhnach Chrom Dubh, Domhnach an Smuit srl.)
Soiscéal Dhomhnach an Iúir an soiscéal is faide sa mbliain agus soiscéal Lá Nollag an soiscéal is giorra
 
"Díogha na coille an t-iúr agus an fearnóg: díogha na ndaoine bean" — is iad an t-iúr agus an fearnóg an dá chrann a bhuaileas crainnte na coille ar fad le donacht. Ar an gcóir chéanna, nuair a bhíos bean go dona, bíonn sí an-dona