laglabhartha
—
·
Ní ligfeadh sé an bhó laglabhartha as chúig punt — duine a bhí ar aonach ag díol bó. Bhí sé ag iarraidh chúig phunt uirthi agus pé ar bith cén tairiscint a thug an ceannachtóir dó, dúirt fear díolta na bó nach scarfadh sé léithe oiread agus cianóg faoi chúig phunt. Insítear scéal barrúil faoi fhear as Cladhnach (baile i bpobal an Chillín i gConamara) a bhí ag díol choca féir le fear taobh aniar de chuan: "Ní fhágfaidh sé an iothlainn laglabhartha as leathchoróin" adeir fear Cladhnaigh. [...]
laglabhartha in iontrálacha eile (8)
→
fág
Sin é ansin agat anois é. Ní ligfidh mé laglabhartha as seacht bpunt é. Tóg é nó fág é ar an airgead sin — níl ann ach breith nó fág; féadfaidh tú a cheannacht nó a fhágáil
Ní ligfeadh sé an bhodóg chéileog laglabhartha as naoi bpunt. Nuair a chonaic mise nach ligfeadh, níor chuir mé aon araoid air tí (ní) ba mhó.
→
breá
Tóg é más breá leat, nó fág i do dhiaidh é más breá leat, ach ní ligfidh mise an gamhain laglabhartha as na sé phunt.
→
danra
Fuair tú amach é muis an té a bhfaightheá sladmhargadh uaidh, an fear is danra sa tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bullán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuraidh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leathchoróin. Thabharfainn dó de luckpenny é, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as an airgead adúirt sé é, théis go ndeachaigh mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí danra agat!
→
daor 1
Is daor an éadáil a dhul ag ceannacht tobáin anois. Chuaigh mé isteach ag breathnú orthu tigh Ph. Ch. an lá cheana. Ní ligfeadh sé laglabhartha as cúig déag iad. Dheamhan é muis
Tá sé siúd chomh doghrainneach agus má tá sé caite ina cheann aige, nach ligfidh sé uaidh laglabhartha as an dá phunt dhéag í. Má tá ceapadh ar bith aige go bhfuil saint ar bith aige inti, seasfaidh sé ar an airgead sin, agus dúshlán aon duine é a chur cianóg as
→
díon 1
Cheannaigh mé cóta mór — ceann báistí — thíos i nG. cupla bliain ó shin. Shín mé mo thrí phunt amach air. Dheamhan cianóg rua a fuair mé as. Chaith mé dhá uair ag margáil faoi, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as na trí phunt é. Chroch mé liom abhaile é. Chuir mé orm lá báistí ag dul ar an bportach é. Bhí mé bog báite isteach le mo chraiceann ag teacht abhaile dhom. Rug mé air de thaghd agus rinne mé ciseach faoi mo chosa dhó
→
téigh
Chuaigh mise scór leo, ach ní raibh aon mhaith dhom ann. Tá sé an-danra. Ní ligfeadh sé laglabhartha as dhá phunt is fiche deich iad