Lag Labhartha
—
·
Ní leigfeadh sé an bhó lag-labhartha as chúig punt = duine a bhí ar aonach ag díol bó. Bhí sé ag iarraidh chúig phunt uirre, agus pé'r bith cé'n tairisgint a thug an ceannachtóir dó, dubhairt fear díolta na bó nach sgarfadh sé léithe oiread agus cianóg faoi chúig phunt. Innsightear scéal barramhail faoi fhear as Claidhneach (Baile i bpobal an Chillín i gConamara), a bhí ag díol choca féir le fear taobh aniar de chuan: "Ní fhágfa sé an iothlainn lag-labhartha as leath-choróin" adeir fear Claidhnigh. [...]
Lag Labhartha in iontrálacha eile (7)
→
fág
Sin é annsin agad anois é. Ní leigfidh mé lag labhartha as seacht bpunt é. Tóig é nó fág é ar an airgead sin = níl ann ach breith nó fág; féadfaidh tú a cheannacht nó a fhágáil
Ní leigfeadh sé an bhudóg chéileog lag labhartha as naoi bpunt. Nuair a chonnaic mise nach leigfeadh, níor chuir mé aon-araoid air tí (ní) ba mhó.
→
breá
Tóg é, má's breagh leat, nó fág do dhiaidh é má's breagh leat, ach ní leigfe mise an gamhain lag labhartha(?) as na sé phunt.
→
danra
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
Tá sé siúd cho dúrainneach agus má tá sé caithte in a cheann aige, nach leigfidh sé uaidh lag labhartha as an dá phunt dhéag í. Má tá ceapadh ar bith aige go bhfuil saint ar bith aige innte seasfaidh sé ar an airgead sin, agus dubhshlán aonduine é a chur cianóg as.
→
díon 1
Cheannuigh mé cóta mór — ceann báistighe — thíos inG. cupla bliain ó shoin. Shín mé mo thrí phunt amach air. Dheamhan cianóg ruadh a fuair mé as. Chaith mé dhá uair ag margáil faoi, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as na trí phunt é. Chroch mé liom abhaile é. Chuir mé orm lá báistighe ag dul ar an bportach é. Bhí mé bog báithte isteach le mo chraiceann ag teacht abhaile dhom. Rug mé air de thaghd agus rinne mé ciseach faoi mo chosa dhó
→
téigh
Chuaidh mise scór leo, ach ní raibh aon-mhaith dhom ann. Tá sé an-danra. Ní leigfeadh sé lag labhartha as dhá phunt agus fiche deich iad