lasúnta
—
lasta; maoldearg sa ngrua.
+–
Tá sí an-lasúnta — luisne inti agus snua uirthi
Níorbh fhearr dhuit cuid mhaith dá mbeifeá chomh lasúnta léithe — bheadh do shláinte ar fónamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé an-lasúnta as a cheannaghaidh — dearg ina ghrua
lasúnta in iontrálacha eile (3)
→
deachma
Níor mhiste dhó é, dhá dteagadh sé as chomh saor sin. Ní fiú biorán rud fánach mar sin. Bhuailfeadh pianta mar sin an fear is ábalta agus is folláine sa tír. Ar chuala tú ariamh é: níl duine ar bith nach gcaithfidh deachma na sláinte a íoc. Más é sin a bhfuil air, ní dochar é, ach 'sé an faitíos a bheadh orm gurb í an cailín eile (an eitinn) a bheadh ina chrioslaigh. Tá snua an-lasúnta air le gairid, agus shílfeá go mbíonn an creatán eile sin ag gabháil dó freisin. 'Sé an sórt duine é, ní éagnódh sé aon cheo go brách nó go dtitfeadh sé i mbun a chos. Sin é an t-údar go gceapaim go raibh na pianta a bhí ina thaobh i bhfad tí (ní) ba ghártha ná bhí a ligean amach féin. Ach má bhí, cheil sé ar chuile dhuine é
→
dreach
Is furasta a aithinte ar a dhreach go bhfuil an cailín siúd (an eitinn) ag síneadh leis. An bhfeiceann tú chomh lasúnta agus atá sé