leitir
—
maolchnoc: é idir a bheith ina bhinn agus ina chnoc. Ainmneacha áiteacha: Liathleitir, Leitir Gungaid, Leitir Creamh, Leitreach srl. Níl an chiall seo sa gcaint.
Féach freisin
→
litir
leitir in iontrálacha eile (7)
Bíonn brachlainneachaí mar sin ar chladaí dána an lá is ciúine sa mbliain. Is beag an bhrí iad le hais na nDásachtaí thiar i Leitir Mealláin.
+
→
amach
Ghearr sé amach Leitir Fir é — shiúil sé amach (ó thuaidh) Leitir Fir
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr amach chor ar bith Leitir Meas — níl sé i bhfad ó láthair (ó thuaidh)
→
anachain
Is i Leitir Móir atá a tabhairt amach (tabhairt amach na hanachain) — is ann atá an anachain críochnaithe
→
anlacan
Tá anlacan mór ar Chnoc Leitir Caocháin — cineál seanchille; áit a mbeadh daoine curtha ón tseanaimsir
→
fostaigh
Fostaíonn Carraig an Logáin Leitir Móir do Gharmna — greamaíonn sí dá chéile iad (dhá oileán, agus is droichead é Carraig an Logáin)
→
díonmhar
"Lean mise an seanchas agus d'fhiafraíos cé dhár díobh í; 'Cá bhfuil do ghaolta nó an maireann siad beo; Nó an tú cineál Ua Chonchubhair a bhí againn sa tír seo; Mar bhí siad an-díonmhar agus ina bhfamily mór'; 'Ní mé cineál Ua Chonchubhair a bhí agaibh sa tír seo; Má bhí siad an-díonmhar agus ina bhfamily mór; Ach 'sé ainm agus sloinne dhom banríon na bruíne; Is mé cineál na síofraí as Cnoc Leitir Mhóir'" (ceathrú as amhrán dár tús Ag gabháil Bealach na hOlla dhom sea chonaic mé an t-iontas)