míchuntanós
—
gan cuntanós; míshibhialta; meirgeach; dorrga; díbhirceach; dorcha, drochmhúinte; míshuáilceach; doirbh.
·
Dhá dhonacht an t-athair le míchuntanós, dheamhan gair ar bith aige ar an mac.  Séard a bhí le déanamh leis an mac, é a phlúchadh faoi phota mar a dhéanfaí le cat.
M'anam ná bacadh sé lena chuid míchuntanóis i láthair Mh. Mh. Bh.  Ní shiúd é an ribín réidh le cur chuige ná uaidh.