Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
oscar
méid, airde, ligean.
+
Tá oscar mór ann — duine mór, ard, ligthe (ní bhaineann sé le lúth — Cois Fharraige)
Is áibhéil an t-oscar atá ann (faoi)
TUILLEADH (7) ▼
Beithíoch é a bhfuil oscar ann.
Ní bheadh aon mhisneach agam tabhairt faoi — tá iomarca oscar ann.
Má mhaireann dó, beidh an oiread oscair ann lena athair.
Níl na chúig bhliana déag sáraithe fós aige agus féacha (féach) an t-oscar atá cheana faoi.
Ní raibh aon ghnaithe aige do chapall a mbeadh an oiread sin oscair inti — níl siad feilteach don áit seo.
Capall Achréidh í, agus an-oscar go héag inti.
Ba ghearr le dhul a chuid oscair ar an gceann a bhí ina aghaidh.

oscar in iontrálacha eile (7)

 
fiann
Ba é Oscar an fear ab fhearr a bhí ar an bhFéinn agus 'sé an t-ainm a thugadh Conán ina dhiaidh sin air, an Laighneach Leathmhagarlach. Gráiscín ceart a bhí in Conán
+
Tá faobhar chlaimhe Oscair a mharódh trí chéad ar a aghaidh, trí chéad ar a chúl, agus trí chéad ar gach taobh dhe, ar an rásúr seo — macalla ón bhFiannaíocht é seo agus cuid de na samplaí eile seo. Maireann siad sa gcaint go fiú is ag daoine nár chuala mórán den Fhiannaíocht
TUILLEADH (1) ▼
Cuir faobhar chlaimhe Oscair ar an speal sin anois
 
Tá sé chomh daingnithe istigh anois sa dream sin, agus nach gcuirfeadh súiste Oscair amach astu é
 
Más dlíochtáil nó gan dlíochtáil anois é, níl sé sásta é a íoc agus tá fear an tsiopa ag caint ar dhlí. Ach mo chreach mhaidne é féin agus a chuid dlí. Dá gcaitheadh sé é siúd faoi chéad, ba aon mhaith amháin dó é. Ní bhainfeadh Oscar agus a shúiste aon chianóg as a chreatlaigh siúd, ná cuid de bhaint … Bail ó Dhia ort féin agus ar an sirriam. Tháinig an sirriam cheana air faoi dhó, agus ba bheag a bhí dhá bharr aige — ba bheag sin
 
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Dheamhan siopa i nG. nach mbíodh sé sin ag díolaíocht leis scaitheamh. Bhí siad uileag sa mullach air faoi dheireadh, agus iad ag stróiceadh ag iarraidh an áit a chantáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orthu aon cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon phínn as a chreatlaigh siúd!