Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
oscar
méid, aoirde, leigean.
+
Tá ascar mór ann = duine mór, ard, leigthe (ní bhaineann sé le lúth — Cois-Fhairrge).
Is áidhbhéil a' t-ascar atá ann (faoi).
TUILLEADH (7) ▼
Beithidheach é 'bhfuil ascar ann.
Ní bheadh aon-mhisneach agam tabhairt faoi — tá iomarca ascar ann.
Má mhaireann dó, beidh an oiread ascair ann le'n athair.
Níl na chúig bhliadhna déag sáruighthe fós aige, agus feacha (féach) a' t-ascar atá cheana faoi.
Ní raibh aon-ghnaithe aige do chapall a' mbeadh an oiread sin ascair ínnte — níl siad feilteach do'n áit seo.
Capall Achréidh í, agus an-ascar go h-éag innte.
Ba ghearr le dhul a chuid ascair ar a' gceann a bhí in aghaidh.

oscar in iontrálacha eile (7)

 
fiann
Ba é Oscar an fear ab fhearr a bhí ar an bhFéinn agus sén t-ainm a thugadh Conán in a dheidh sin air an Laighneach Leath-mhagairleach. Graiscín ceart a bhí in Conán
+
Tá faobhar chlaimhe Oscair a mharódh trí chéad ar a aghaidh, trí chéad ar a chúl, agus trí chéad ar gach taebh dhe, ar an rásúr seo = macalla ón bhFiannaíocht é seo, agus cuid de na somplaí eile seo. Maireann siad san gcaint go fiú agus ag daoine nar chuala mórán den fhianaíocht
TUILLEADH (1) ▼
Cuir faobhar chlaimhe Oscair ar an speal sin anois
 
Tá sé cho daingnighthe istigh anois ins an dream sin, agus nach gcuirfeadh súiste Oscair amach asta é
 
Má's dligheachtáil nó gan dligheachtáil anois é níl sé sásta é a íoc agus tá fear an tsiopa ag caint ar dhlí. Ach mo chreach-mhaidne é féin agus a chuid dlí. Dá gcaitheadh sé é siúd faoi chéad, badh aon-mhaith amháin dó é. Ní bhainfeadh Oscar agus a shúiste aon-chianóg as a chreatalaigh siúd, ná cuid de bhaint … Bail ó Dhia ort féin agus ar an sirriam. Tháinig an sirriam cheana air faoi dhó, agus ba bheag a bhí dhá bharr aige — ba bheag sin
 
Cut! Ní mharbhóchadh súiste Oscair cut! Chonnaic mise cut dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marbhú éanacha. Dubhairt mo mháthair go ndéanaidh Dia grásta uirre é a chur faoi phota, ach d'árduigh muid féin linn soir é ar an réidhteach i nGarrdha an Bh. Chraipligh muid idtosach é i riocht agus nach bhféadfadh sé imeacht. Shaghd muid na mádraí annsin ann agus chaith siad uair dhá strachailt. Diabhal marbhú! Chuaidh muid féin annsin ag caitheamh leis — gruadháin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáruighthe. Diabhal marbhú. D'áitigh orainn annsin dhá chiceáil mar bheadh "football" ann, ach diabhal marbhú. Ní fhaca mé aon-rud beo ariamh a fuair an oiread spídeamhlacht' leis, agus indiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon-chiall againn 'sé a bháthadh a dheanfadh muid nó a chur faoi'n bpota, ach cá'r fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agad céard a rinne muid leis as a dheire: cupla feac láighe a fháil agus a bheith ag gabhailt air, nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimnigh mé air ó shoin, agus a chuaidh sé thríom. Ní raibh scruball ar bith ionnainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Dheamhan siopa inG. nach mbíodh sé sin ag díoluidheacht leis scathamh. Bhí siad uiliog ins an mullach air faoi dheireadh, agus iad ag strócadh ag iarraidh an áit a chandáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orra aon-cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon-phighinn as a chreatlaigh siúd!