Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
piodarlán
páistín beag nach bhfuil mórán bisigh ann dá aois.
·
Níl ann ach piodarlán — staicín bheag

piodarlán in iontrálacha eile (7)

 
Nach fiosach an mhaise do do leithide de phiodarlán é. Céard a bhaineann sé dhuit céard a bhí mé a dhéanamh ann
 
aire
Fágadh an piodarlán ag tabhairt aire don teach mar bhí cúnamh ag teastáil sa trá — fágadh an gasúirín beag ag cumhdach an tí mar bhí an dream eile ar fad ag teastáil ag baint fheamainne.
 
airigh
Dhá laghad de phiodarlán é, aireoidh mé é, mar is iomaí teachtaireacht a dhéanfadh sé dhom.
 
anáil
Níl aon teacht suas faoi, murab é Mac Uí Fhlaithbheartaigh a chuir aon anáil ghabhair faoi nuair a bhí sé ina phiodarlán
 
Tá an piodarlán s'againne muise ag saothrú na bhfiacal (dhá gcur; nó daitheachaí air)
 
Tá sí mar a bheadh piodarlán de ghasúr ann anois: scartha ar an tine i gcónaí. Ar ndóigh sin é an chaoi a mbíonn an aois i gcónaí. Tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos
 
dia 2
Lomadh Luain ar an bpiodarlán sin nach dteagann isteach agus gan é fhéin a chailleadh ag déanamh spraoi amach ansin. Meas tú an bhfuil spíonán ag gabháil linn nach bhfuil bainte aige aríst!