Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
seandall
ainmfhocal
+
Seandall glic — ridire comhairleach nó cineál draoi sna seanscéalta
Is geall le seandall glic ansiúd sa gclúid é, ag ceartú. Ba bheag ab aite leis muise an oíche cheana go bhfaighteása locht ar bith ar a chuid cainte
TUILLEADH (3) ▼
Is cosúil le seandall glic an scorach is sine sin aige. Tá cloigeann chomh mór, chomh seanórtha air
Sin é ar ndóigh, an seandall glic atá acu ar an mbaile sin. Níl rud ar bith dhá mbeidh ag teacht trasna orthu nach gceadaíonn siad é sin faoi
Beannacht Dé dhuit! Ní bheidh gar dhuit ag caint. Éistfidh siad seo leat, agus inseoidh siad chuile mhíle focal di ar ais aríst don tseandall glic siúd acu fhéin go bhfeice siad cén mheas a bheas aige air

Féach freisin

seandall in iontrálacha eile (2)

 
beart
Má tá tú ag iarraidh beart a chur ina shuí le S. ná aon duine eile a bhualadh sa dlí, téirigh go dtí an Seandall glic seo thoir. Is fhearr é ná aturnae ar bith.
 
Ná buail bleid chainte ar bith air sin. Ní mó ná go dtaitníonn sé chor ar bith liom. Tá sé rófhuarchosach, agus an seandall glic fhéin ní dhéanfadh amach cén bealach atá leis. Ach tá a bhealach fhéin leis deirimse leat!