seanfhiacha
—
·
Tá sé chomh maith dhuit a mhaitheamh dhó anois. Seanfhiacha iad (old, bad debts), agus ní bheadh aon ghair agat a mbaint amach
Is fhearr seanfhiacha ná seanfholmha (fc. seanfholamh)
seanfhiacha in iontrálacha eile (5)
+
"Is fhearr seanfhiacha ná seanfhala" — dhá dhonacht iad na seanfhiacha, bíonn súil leo uair eicínt, ach mura bhfuil tú ach bocht dólom, ní fhéadfaidh súil a bheith agat le tada
TUILLEADH (3) ▼
Is iomaí gar a rinne mé dhó ariamh, ní dhá mhaíochtáil air é, ach dhá dteagainn ina líon amárach — nár lige Dia go dtiocfainn — tá faitíos orm nach gcuimhneodh sé ar an arán a hitheadh. Ach is cuma sin. Deir siad gur fearr seanfhiacha ná seanfhala
Tá cuimse airgid amuigh aici sin nach bhfaighidh sí go deo. Ach is fhearr seanfhiacha ná seanfhala mar sin fhéin
M'anam dhá mbeadh maith i bhfiacha gur gearr go mbeadh cuid de na daoine ina ridirí. Is mór a thug muid uainn ariamh nach bhfeicfidh muid aon amharc go brách air. Ach is fhearr seanfhiacha ná seanfhala. Ní maith leis an bhfear cneasta go mbeadh aon duine in ann aon cheo a mhaíochtáil choíchin air. Ach maidir leis an gcneámhaire …
Ba drochdhíolaí a bhí san athair. Bhíodh próiseannaí ag teacht chuile lá aige de bharr fiacha ar fud na Gaillimhe. Chinn orthu aon cheo a bhaint dó ina dhiaidh sin. Ach nuair a d'éirigh an áit leis an mac, ghlan sé a raibh d'fhiacha ann. Dheamhan call a bheadh dó aon phínn a íoc go brách, mar ní raibh siad ag súil leis, bhí an t-airgead chomh fada sin amuigh. Ach d'íoc sé chuile phínn amháin: i gcruthúnas duit ina dhiaidh sin gur fearr seanfhiacha ná seanfhala