siodgháire
—ainmfhocal
—
an cineál céanna le siodmhagadh é siodgháire; maolgháire; gáire magúil.
·
Cheal nár bhraith tú é ag siodgháire fút. Is orm a bhí an fonn ligean chuige, ach dhá n-abróinn tada, bhí faitíos orm go ndéarfainn an iomarca agus b'fhearr éisteacht leis.
Tá tú ag siodgháire ansin ar feadh na hoíche agus gan a fhios sa diabhal cén fáth. Má tá údar gáire agat, déan gáire breá slachtmhar mar a dhéanfadh fear, thar is an sciotaíl bhradach sin