íospairt
—
millteanas, uafás, dubhní.
+–
Nach í an íospairt í! — an dóiteán ar dódh go leor daoine ann
Tá íospairt déanta ar uain ag an ngadhar sin ó tháinig an bhliain — mharaigh sé go leor uan
TUILLEADH (2) ▼
Cé mhéad duine a tháinig ón íospairt — ón mbáthadh, ón dó nó ón marú
"A Dhia agus a Chríosta, a d'fhulaing íospairt" (Eanach Cuain)
·
Rinne sé íospairt — madadh a d'ól go leor uibheacha
Ní hionadh ar bith go ndéanfadh sé íospairt agus laghad an bhagairt atá air — gasúr a bhíodh ag déanamh millteanais ach ní chuireadh a athair ná a mháthair aithne ná araoid air faoi
íospairt in iontrálacha eile (4)
→
freagair
Murach go ndearna siad fhéin íospairt agus créatúlacht, ní fhreagródh Dia orthu anois é. Ní ritheann le duine ach tamall
Dhein sé fudairnéis den áit lena sheanmhótar. D'éagóir Dé dhó nár fhága é san áit a raibh sé! Tá íospairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
→
fíóg
Dhá mbeadh slám fíógaí againn ghabhfadh muid ag coinnleoireacht. Ba bhreá an rud glac smólachaí a mharú agus a róstadh. Rinne muid íospairt mhór orthu anuraidh
→
dúchan
Chuala mé Michael s'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair sa taobh ó dheas do Shasana — Bournemouth — D day agus go raibh dúchan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uileag acu, adeir sé. Nach iad a rinne an íospairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa