Íosbairt
—
millteanas, uathbhás, do-ní (dubhní).
+–
Nach hí an íosbairt í! = an dóighteán ar dóghadh go leor daoine ann.
Tá íosbairt déanta ar uain ag a ngadhar sin, ó tháinic an bhliadhain = mharbhuigh sé go leor uan.
TUILLEADH (2) ▼
Cé mhéad duine a tháinig ó'n íosbairt = ó'n mbáthadh, ó'n dóghadh nó ó'n marbhú.
A Dhia agus a Chríosta a d'fhulaing íosbairt ("Eanach Cuain")
·
Rinne sé íosbairt = madadh a d'ól go leor uibheacha.
Ní h-iongnadh ar bith go ndéanfadh sé íosbairt, agus laghad an bhagairt atá air = gasúr a bhíodh ag déanamh milltinis, ach ní chuireadh a athair ná a mháthair aithne ná araoid air faoi.
Íosbairt in iontrálacha eile (4)
→
freagair
Marach go ndearna siad fhéin íosbairt agus créatúlacht, ní fhreagródh Dia orra anois é. Ní ritheann le duine ach tamall
Dhein sé fudarnéis den áit len a shean-mhótar. D'iagóir Dé dhó nar fhága é san áit a raibh sé! Tá íosbairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
→
fíóg
Dhá mbeadh slam fíógaí againn ghabhfadh muid ag coinnleóireacht. Ba bhreá an rud glac smólachaí a mharú agus a róstadh. Rinne muid íosbairt mhór orra anuiridh
→
dúchan
Chuala mé Michael se'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair san taebh ó dheas do Shasana — Bournemouth — "D day" agus go raibh dúachan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uiliog aca, adeir sé. Nach h-iad a rinne an íosbairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa