Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Amach roimh (50+)

 
Teirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agad faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin deá-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon-asna briste. Ach ní bheadh a fhios agad. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
fág
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheárthair mo chroí, sin é amach an bealach agad. Sén chaoi a bhfuil sé againne annseo: an té ar cumhang leis fágadh. Níl buairín barra againn ar aonduine
+
Is gránda an bealach atá léithe, amuigh imbéal a' bhealaigh, roimh chuile dhuine, go bhfagha sí amach cá'il sé ag (d)ul.
TUILLEADH (1) ▼
'Bhí Máire Maidiléana amach roimpi (roimh an Maighdin Mhuire) a's rinne sí bealach dhi thríd a' gcruinneál'.
 
Tá díthcéille ort, a' baint do dhrár dhíot féin, go gcaithtear coruice dhubh na bliadhna, ar aon-nós. Dar ndóigh níor tháinic tairm a' bith ar a' ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
 
cuach
Ba mhaith uaithe sin daoine a chuachadh suas roimhe seo, le laetheanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán áird' ag aonduine anois uirre. Fuair 'chuile dhuine amach, cé hí fhéin.
 
Ní áit buaile ná sean-bhaile dhomsa an teallach seo, a's a bhfuil de chruadhóig amach romham.
 
Ní fhéadfá corruighe amach thar bhéal a' doruis, nach mbeidh sé in a bhoideoide romhat.
 
Bhuail sé roimhe, nó go raibh neoin bheag, a's deire lae ann, an capall ag gabhail ar scáth na cupóige, a's an chupóg a' gabhail do'n Domhan Soir. Chonnaic sé i bhfad uaidh a's ní ingar dó; botháinín beag, nach raibh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach air, ach aon-chleite amháin a' déanamh fasca a's dídin dó (as sean-scéal — "An fear gearr glas")
+
amach
Ní theigheadh gearrchaileadha a' bith thar baile amach, ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad leigthe leo(b) fhéin ar fad anois.
TUILLEADH (17) ▼
Mara mboga tú amach, ní bheidh duine ná deoruidhe romhainn.
Corruigh amach, agus eirigh as a' tsnámhuidheacht sin, nó beidh 'chuile shórt thart romhainn.
Is fearr dhuit é a dheanamh anois, ná í 'bheith romhat amach annseo, nuair a bheidheas an chruadhóg ort.
B'fhéidir go mb'fhearr duit a dhul romhat fhéin anois ná amach annseo, nuair a bheadh sé in ainsil ort
Tá'n t-aonach amach romhainn fós = tá'n t-aonach le teacht fós.
Tá'n Nodlaic amach romhainn go goirid, anois, agus ní feasach mé cá bhfaighe mé rud le na h-aghaidh.
Tá cupla bainis amach romham an Inid seo.
Marar phós tú fós amach romhat atá = tá'n pósadh le déanamh fós agad.
Sí'n mhí seo amach romhat anois, an mhí is measa síon sa mbliadhain = sí'n mhí seo a' teacht an mhí is measa droch-uair sa mbliadhain (mí dheire foghmhair).
Mara mbí aon-rath ar an aonach seo amach romhat anois, beidh na daoine buailte ar fad.
Sé'n rabharta seo amach romhat anois — rabharta mór na Féile Brighde — an rabharta is mó sa mbliadhain.
Tá'n chruadhóg uiliog amach romhainn fós.
Dhá mbeadh fhios agam a raibh amach romham, ní phósfainn go bráth
Déan do chomhairle fhéin anois — tá tú óg agus do shaoghal amach romhat.
Níor tháinic geimhreadh 'bith fós — romhat amach atá sé.
Níl fhios againn, céard [atá] ag dia le n'a' n-aghaidh, amach romhainn.
Mara dtaga aon-chor sa saoghal, an bhliadhain seo amach romhainn, beidh na daoine in an-chaoi.
+
Tá sé ag iarraidh an tamhna(ighe) uiliog a bhaint amach, agus bainfe sé amach í freisin, mara dteightear roimhe, agus gan cead a chomhairle fhéin a thabhairt dó.
TUILLEADH (1) ▼
Má's leat do shása(mh) 'bhaint amach, eirigh roimhe oidhche eicínt a mbeidh sé 'teacht ó chuairt.
 
Tá Pádraicín, buailte amach ag a' scoil aige, aindeoin é 'bheith tosuighthe i bhfad roimhe.
+
D'eirigh sí amach a' sciolladóireacht romham = tháinic sí amach as a teach a' díbliú orm.
TUILLEADH (3) ▼
D'eirigh sé amach (i.e a' troid) roimh na ngasúir, tráthnóna agus iad a' teacht ó'n siopa.
Is beag a' t-ughdar a gheobhfas sé siúd le eirghe amach roimh dhuine.
Is beag a bhéarfadh orm eirghe amach roimhe anocht, agus é 'chasadh leis.
 
anam
Chaith mé an oidhche ar a' leaba a's m'anam ag (d)ul amach thar mo bhéal le faitchíos roimhe thaidhbhsí.
 
Romhat amach atá, anois. Inniu Lá Fhéile Fionnáin agus roinntear an fuacht. Ba shin é seanchas na sean-unndúirí ar chaoi ar bith. Trí lá roimh lá Nollag a cheapaidís do Lá Fhéile Fionnáin
 
frapa
Nach mb'fhearr dó an rud a innseacht amach gan frapa gan taca ó a bhí sé roimhe, ná a bheith ag dul anonn agus anall leis mar siúd?
 
Tiúrfaidh sé teas agus aimsir bhreá uaidh romhat amach anois. Samhradh riabhach: fómhar grianmhar, adeir siad. M'anam go raibh an samhradh seo riabhach, ní ceasacht ar Dhia é. Dar mo choinsias bhí
 
Fódaíonn siad sin suas na fataí idtús bliana ach ní chuireann siad aon-síol ionta, go dtí amach idtús na Bealtaine. Sin é an cur idir dhá lán a thugadh muide orra roimhe seo
 
Siúd í a raibh an daighce uirre. Dheamhan corruighe dhá cois a dhéanfadh sí, th'éis gur iarr an mháthair uirre a dhul amach agus na beithidhigh a bhleaghan. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirre é in áit nach leigfidís ag céilidhe i nD. Ch. í an oiche roimhe sin. Í a leigean chuig céilidhe go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis.
 
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
 
dearmad 1
Nach h-iad na dearg-dhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín "dole" sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé san mbaile: 'chuile bhean ósta agus a h-ailp fhéin as. Orra féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uatha a bhéas orra. Má chuireann siad scilling agad le cois, is maith luath a bhéas leota de pháipéar amach in a coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! = moltanas ar fheabhas na Stáit-Sheirbhíse é seo
 
Dhá dteagadh deibhil ar bith d'fhéadfadh dream eicínt a dhul amach cho fada leo, ach ní raibh aon-bhád dhá rinneadh (dhár dearnadh) ariamh indon é a mharaidheacht (bharraidheacht?). B'fhada a chaith duine aca ar an gcarraig: nó gur árduigh an taoille tuile léithe an duine bocht. Ach cé'n neart a bhí air. Céad fáilte roimh Ghrásta Dé
 
Tá faobhar ar a deimheas aice anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht annseo roimh an oíche, nachar chuala tú a leithide ariamh má ionnsuigheann sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach hí an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheodhuigheann sí féin amach 'un siúite. Bhí an chéad eádradh de'n achrann seo [...] indé … Cearca 'd'eile … nach hé an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fútha!
 
Cuirtear amach (aige) ag an scoil anois iad agus gan iad ach in a ndeolcacháin. Roimhe seo, bhídís suas in a bhfir óga agus in a mná óga sul má theighidís ann. Ach d'fhanaidís ann dá réir — go mbídís indon an máistir a bhualadh.
+
diaidh
Chaith an t-athair amach é gan oiread agus a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis indiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag céithearnach láidir é a raibh inghean aige. Birín aon-tsúil a bhí ins an inghean agus nachar ghlac sí grádh dhó, agus nachar phós sí é. Tháinig sé ar ais annseo ar cuairt suim achair blianta in a dhiaidh sin, agus é in a dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná eirghe go moch
TUILLEADH (3) ▼
Chaith sé an oíche ag imeacht indiaidh a chinn roimhe ins na sráideannaí, agus gan aon-fháil aige ar a theach lóistín nó go ndéanadh sé lá. Níorbh fhéidir áit ar bith a dhéanamh amach ann ag an dubhachan eile sin — an "black-out"
B'fhearr dhom imeacht indiaidh mo chinn romham, agus gan an baile a thaobhachtáil aríst go bráth ná a bheith ag iarraidh a bheith baint cheart amach ins an teach sin, nuair nach féidir aon-cheart a bhaint daob (díob)
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi ingarrdha atá annsiúd chois an bhóthair trathnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearr-bhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus rug splinnc cloiche a bhí aníos ar an talamh annsin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalannaighe in do cholainn — an chamóig ara. Tá contabhairt ar dhuine i gcomhnaí, má fhaghann sé priocadh ar bith annsin
 
Diabhal mé mara mbeidh bean anois ach ag dul siar cho fada leis an siopa ag iarraidh únsa tobac, go mbeidh sí cho gíogáilte agus a bheadh an bhean a bheadh ag dul amach dhá pósadh roimhe seo. Is beag is ionann é. An iomarca díomhaontais atá ar mhná an tsaoghail. Níl blas ar a n-aire ach a bheith in a gcuaillí annsin ó mhaidin go faoithin dhá ndéanamh féin suas. Deirimse leat dá mbaintí siar asta é mar bhaintí roimhe seo go (gur) beag de'n cheird sin a bheadh orra